Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAos Óg
Title
An tAos Óg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Lughnasa 06, 1904. An tAos Óg Nach ar aos óg na hÉireann atáthar ag braith chun obair Chonnartha na Gaedhilge do chur chun críche foghanta? Cad é an fagháltas dúinn bheith 'gár marbhadh féin ag iarraidh Craobhacha de'n Chonnradh do choimeád ar siubhal, muna dtugtar aire do sna scoileann- aibh? Nach a haos óg na hÉireann atá dóchas na Gaedhilge? Tuigeadh lucht stiúrtha na cúise ar fuid na Fódla an méid sin; luightear ag saothrughadh ar an inntinn sin, & beidh rith an ráis linn. Gaedhealuighthear leanbhaí na tíre; níl dá luaithe & déanfar amhlaidh ná gur túisce thioc- faidh tairbhe dhúinn uile as an obair go léir. Seadh, is suarach an chabhair dúinn bheith ag cainnt ámh. Admhóchar ins gach éan-bhall gur cheart dúinn uile ár n-aigne a dhíriughadh ar na scoile- annaibh; go mbeidh sé riachtanach orainn aos óg na tíre do ghríosadh chun gnótha linn, sara mbeidh sé ar ár gcumas a mhaoidheamh go bhfuiltear ar éirghe linn. Cionnus is fearr d'fhéadfar é seo a dhéanamh? Cad é an tslighe is fearr & is tairbhighe chun na leanbhaí do mhealladh isteach chun bheith ar an dream is Gaedhealaighe & is éifeachtaighe i nÉirinn? Sin ceist nach fuláir a réidhteach, má tá ceapaithe againn choidhche ár dtírín do dhéanamh neamhspleadhach i lan-dáiríribh. Anois, ní de bhaoth-chainnt ná d'fhothrom a dhéanfar an gníomh so. Ní tré bheith go hachrannach le lucht stiúrtha ná le lucht múinte na scol go raghaidh linn buadhchaint ortha. Tá urmhór d'oidibh scoile na tíre ar na daoinibh is treise dá bhfuil ag cabhrughadh linn. Adhmhuightear go bhfuil fuighleach maith aca go faillightheach, acht ní héan- chabhair dhúinn bheith ag tromaidheacht ortha 'na thaobh. Badh dhá thairbhthighe dhúinn iarracht a thabhairt ar iad do mhealladh isteach san obair & bheith foidhneach leo go fóill, mar tiocfaidh atharrach aigne ortha do'n Ghaedhilg le haimsir. 'Siad cliar na hÉireann lucht stiúrtha na scol. 'Siad na daoine iad do bhíodh dár síor-choimirc i n-am ár n-anarca, & do thug ár sinnsear romhainn go slán saor ó chealgaibh na nGalla-Phoc. 'Siad na daoine is túisce & is toilteanaighe do thaobhóchadh linn, dá mbéarfad lá an léin orainn arís. Tá cuid mhaith dhíobh go dian dícheallach 'nár dtaoibh indiu. An méid díobh ata amuigh uainn fós, is deimhin go n-iompóchaidh linn i gceann tamaill. Iarraimís go humhal & go hurramhach iad do thabhairt anall chughainn. Déinimís an uile iarracht ar chléir & ar oidíbh na hÉireann do mhealladh chughainn — annsoin beidh an lá linn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services