Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAos Óg

Title
An tAos Óg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Lughnasa 06, 1904.



An tAos Óg



Nach ar aos óg na hÉireann atáthar
ag braith chun obair Chonnartha na
Gaedhilge do chur chun críche foghanta?
Cad é an fagháltas dúinn bheith 'gár
marbhadh féin ag iarraidh Craobhacha
de'n Chonnradh do choimeád ar siubhal,
muna dtugtar aire do sna scoileann-
aibh? Nach a haos óg na hÉireann
atá dóchas na Gaedhilge? Tuigeadh
lucht stiúrtha na cúise ar fuid na
Fódla an méid sin; luightear ag
saothrughadh ar an inntinn sin, & beidh
rith an ráis linn. Gaedhealuighthear
leanbhaí na tíre; níl dá luaithe &
déanfar amhlaidh ná gur túisce thioc-
faidh tairbhe dhúinn uile as an obair go
léir.



Seadh, is suarach an chabhair dúinn
bheith ag cainnt ámh. Admhóchar ins
gach éan-bhall gur cheart dúinn uile
ár n-aigne a dhíriughadh ar na scoile-
annaibh; go mbeidh sé riachtanach
orainn aos óg na tíre do ghríosadh
chun gnótha linn, sara mbeidh sé ar
ár gcumas a mhaoidheamh go bhfuiltear
ar éirghe linn. Cionnus is fearr
d'fhéadfar é seo a dhéanamh? Cad é
an tslighe is fearr & is tairbhighe chun
na leanbhaí do mhealladh isteach chun
bheith ar an dream is Gaedhealaighe &
is éifeachtaighe i nÉirinn? Sin ceist
nach fuláir a réidhteach, má tá ceapaithe
againn choidhche ár dtírín do dhéanamh
neamhspleadhach i lan-dáiríribh.



Anois, ní de bhaoth-chainnt ná
d'fhothrom a dhéanfar an gníomh so.
Ní tré bheith go hachrannach le lucht
stiúrtha ná le lucht múinte na scol
go raghaidh linn buadhchaint ortha. Tá
urmhór d'oidibh scoile na tíre ar na
daoinibh is treise dá bhfuil ag cabhrughadh
linn. Adhmhuightear go bhfuil fuighleach
maith aca go faillightheach, acht ní héan-
chabhair dhúinn bheith ag tromaidheacht
ortha 'na thaobh. Badh dhá thairbhthighe
dhúinn iarracht a thabhairt ar iad do
mhealladh isteach san obair & bheith
foidhneach leo go fóill, mar tiocfaidh
atharrach aigne ortha do'n Ghaedhilg le
haimsir.



'Siad cliar na hÉireann lucht
stiúrtha na scol. 'Siad na daoine iad
do bhíodh dár síor-choimirc i n-am ár
n-anarca, & do thug ár sinnsear
romhainn go slán saor ó chealgaibh na
nGalla-Phoc. 'Siad na daoine is
túisce & is toilteanaighe do thaobhóchadh
linn, dá mbéarfad lá an léin orainn
arís. Tá cuid mhaith dhíobh go dian
dícheallach 'nár dtaoibh indiu. An
méid díobh ata amuigh uainn fós, is
deimhin go n-iompóchaidh linn i gceann
tamaill. Iarraimís go humhal &
go hurramhach iad do thabhairt anall
chughainn. Déinimís an uile iarracht
ar chléir & ar oidíbh na hÉireann
do mhealladh chughainn — annsoin beidh
an lá linn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services