Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duan an Oireachtais
Title
Duan an Oireachtais
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Duan an Oireachtais Indé is mé ag taisteal ar maidin go ró-mhoch Cois taobh na habhann so i n-aice dár gcomhgar Fé gheagaibh darach fé chrannaibh fuinnseóige Le gréin na maidne a bhí ag tarraint go seóltha. Na héin le haiteas ag cantain go ceolmhar Dá chéile ag freagairt go taithneamhach beól-bhog Scaodh breagh eala ag drapaireacht rómpa Ar séirse trasna na habhann go módhmhrach. Na héisc ag preabadh go meanmnach mórdha Ag déanamh cleasann a chleachtaid a sórd-san Tréad fiadh beannach is ana-chuid bó ann Is laéigh is capaill n-a seasamh ar feórainn. 'Seadh chonnac fém dhéin an ghéithlean áluinn Chumasach chraobhach phéarlach bhain-chnis Ba shoineanta gné is ba néata bhláth-chrut Dá rugadh de phréimh chirt Ébha is Ádaimh. Do bheannuigheas don gheal-ríoghain bhláthmhair Mar thaithighid lucht ealadhnta Chlár Luirc Is d'fhachtíos cá treabh dhí dá lán-toil 'S cár haithrigheadh an deagh-shíol ó dtáinig. Ní muar liom a luadh dhíbh, a cháirde, Gach tuairisc dá bhfuaireas ón gcáidh-ghein, Tuairisc an tsuaircis 's an áthais. Tuairisc le fuaimint na bhfáidhe. “A fhile,” ar sí, “an fíor nach eól duit Cá fuireann, cá síol, cá tír, cá pór dham? Acht tuigim mar dísceadh saoithe an tsoghchais Fé chrosaibh an tsaoghil is ní díbh-se is mó locht. Mise agat Máthair ghrádh na leógan Fuair seilbh is stát i gClár-Luirc órdha De chumus na lámh nar bhfáltha dreóighthe 'S ar ionad an áir ba láidir cródha. Is me cuisle na dáimhe bláith seo Fódla, Gile is leanán Aodhgáin is Eóghain, Muirinneach Sheáin ghil Chláraigh cheólmhair 'S a thuilleadh de rás na rábach eólais.” “Ní gádh dhuit t'ainm a labhairt ar éan-chor A bháb na maise is aithníd dam féin tu, Fáilte is dafhíchid le taithneamh mo chléibh romhat, Acht fáth an taistil seo abair let éan-toil.” “Ní taistealach fáin do tháinig i gcéin mé Le racaireacht dáin ná ráflaí éithigh Go bhfuil gasraí ag trácht thar sáile d'éan-toisc Chun fearantas Fáil gan spás a shaoradh. Do thugadh síbh cluas do dhuanta bréige Is d'imreadh cluain ar chluain 'n-aghaidh an lae oraibh. Gur sciobadh gan tuairisc uaibh le héigean Gach seilbh is duais i dTuaithibh Éireann.” “Do bhíomar lag, a bhean, ná daor sinn Níor fhan flaith n-ár measc ná tréan-fhear Nár scírd tar lear ag braith ar théarnamh Chun Saoirse a chasadh ar Fhearann Éibhir.” “Mo phúir na flatha, mo dheacair a n-iarsma, Ba dhlúth 's do b'fhada é a ngreadadh 's a bpianadh, Do mhúin an pheannadh 's an anacair dhian dóibh Gur i dtúis a leasa thig seachaint an iasacht. Acht a dhuine mo chroidhe ná bíom go brónach Do cuireadh an síol le linn anró againn Bhí an ithir go mín, tá aoileach fóghanta ann, Fuil chuisle agus chroidhe na mílte leógan. Braithim ag dúiseacht, plúr-scoth Fódla Ó Dhaingean Uí Chúis' go Brugh na Bóinne An seana-spríd úd níor lúbadh fós é Acht maireann dár liúm is funn chun gnótha air. Is suairc an stáir a thángadh im reathaibh Le nuaidheachta it dháil a cháidh-fhir chneasta Ó Chluain Cholmáin ó Nás ó Eamhain Ó Chruachan árd 's ó árus Chaisil. Tugaim scéala ó réxaibh órdha Ó ollaimh léighinn ó laochraibh cródha Go bhfeicfar scéimh an tséin ar Fódla Má chuirid Gaedhil le chéile i gcómh-lucht. A dhalta na Suadh tabhair cluas dom chomhairle Is aithris go luath do shluaighte a eóil é Ní ceannus go cruadhas ní buadh go comh-chion Is seachantar gruaim is fuath na comhursan. Faghadh Éire chaoin bhuar ndícheall grádh anois Déinidh smaointe is gníomhartha i bpáirt léi Le chéile claoidheadh an mhuinntir ársaidh 'S an tréad nach línn-na scaoiltar thársta. Cuirtar an leanbh ag spreagadh na Gaedhilge Cuirtar an t-athair in fharraidh dhá aodhaireacht Cuirtar á teagasc an teanga i ngach éan-scoil Is tuigim gur gairid go mbeidh ráth ar bhus saothar. Cuirtar fé bharraí deagh-thalamh na hÉireann Roth muilinn ag casadh ar gach sreabh & faobhar leis, Tugaidh aireachas d'bhur stair is d'bhur mbéasaibh Is coinghibhidh i mBanba Clanna chirt Ghaedhil Ghluis. Caithfad-sa gluaiseacht uait anois, Is fada í mo chuaird thar Tuathaibh Luirc, Beir beannacht gheal uaim go sluaighte an tsuilt Is beannacht an Uain go buan agaibh.” D'fhág an chúilfhionn mhúinte mhánla N-a deáidh annsúd mé ag lúigh trí áthas, D'fháisceas liúm ar siubhal chum m'áruis De stáraibh lúith thar drúcht na mbáinseach. An Ceangal A charaid chléibh sin agaibh fé Mar thárlaidh dham Gan chas gan claon gan bladar béil Gan cáim gan cor: Geóbhaidh Clanna Gaedheal tar n-ais a réim Ar bhántaibh Chuirc Acht teacht le chéile ar fad san scléip Go grádhmhar glic. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services