Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duan an Oireachtais

Title
Duan an Oireachtais
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Duan an Oireachtais



Indé is mé ag taisteal ar maidin go ró-mhoch
Cois taobh na habhann so i n-aice dár gcomhgar
Fé gheagaibh darach fé chrannaibh fuinnseóige
Le gréin na maidne a bhí ag tarraint go seóltha.



Na héin le haiteas ag cantain go ceolmhar
Dá chéile ag freagairt go taithneamhach beól-bhog
Scaodh breagh eala ag drapaireacht rómpa
Ar séirse trasna na habhann go módhmhrach.



Na héisc ag preabadh go meanmnach mórdha
Ag déanamh cleasann a chleachtaid a sórd-san
Tréad fiadh beannach is ana-chuid bó ann
Is laéigh is capaill n-a seasamh ar feórainn.



'Seadh chonnac fém dhéin an ghéithlean áluinn
Chumasach chraobhach phéarlach bhain-chnis
Ba shoineanta gné is ba néata bhláth-chrut
Dá rugadh de phréimh chirt Ébha is Ádaimh.



Do bheannuigheas don gheal-ríoghain bhláthmhair
Mar thaithighid lucht ealadhnta Chlár Luirc
Is d'fhachtíos cá treabh dhí dá lán-toil
'S cár haithrigheadh an deagh-shíol ó dtáinig.



Ní muar liom a luadh dhíbh, a cháirde,
Gach tuairisc dá bhfuaireas ón gcáidh-ghein,
Tuairisc an tsuaircis 's an áthais.
Tuairisc le fuaimint na bhfáidhe.



“A fhile,” ar sí, “an fíor nach eól duit
Cá fuireann, cá síol, cá tír, cá pór dham?
Acht tuigim mar dísceadh saoithe an tsoghchais
Fé chrosaibh an tsaoghil is ní díbh-se is mó locht.



Mise agat Máthair ghrádh na leógan
Fuair seilbh is stát i gClár-Luirc órdha
De chumus na lámh nar bhfáltha dreóighthe
'S ar ionad an áir ba láidir cródha.



Is me cuisle na dáimhe bláith seo Fódla,
Gile is leanán Aodhgáin is Eóghain,
Muirinneach Sheáin ghil Chláraigh cheólmhair
'S a thuilleadh de rás na rábach eólais.”



“Ní gádh dhuit t'ainm a labhairt ar éan-chor
A bháb na maise is aithníd dam féin tu,
Fáilte is dafhíchid le taithneamh mo chléibh romhat,
Acht fáth an taistil seo abair let éan-toil.”



“Ní taistealach fáin do tháinig i gcéin mé
Le racaireacht dáin ná ráflaí éithigh
Go bhfuil gasraí ag trácht thar sáile d'éan-toisc
Chun fearantas Fáil gan spás a shaoradh.



Do thugadh síbh cluas do dhuanta bréige
Is d'imreadh cluain ar chluain 'n-aghaidh an lae oraibh.
Gur sciobadh gan tuairisc uaibh le héigean
Gach seilbh is duais i dTuaithibh Éireann.”



“Do bhíomar lag, a bhean, ná daor sinn
Níor fhan flaith n-ár measc ná tréan-fhear
Nár scírd tar lear ag braith ar théarnamh
Chun Saoirse a chasadh ar Fhearann Éibhir.”



“Mo phúir na flatha, mo dheacair a n-iarsma,
Ba dhlúth 's do b'fhada é a ngreadadh 's a bpianadh,
Do mhúin an pheannadh 's an anacair dhian dóibh
Gur i dtúis a leasa thig seachaint an iasacht.



Acht a dhuine mo chroidhe ná bíom go brónach
Do cuireadh an síol le linn anró againn
Bhí an ithir go mín, tá aoileach fóghanta ann,
Fuil chuisle agus chroidhe na mílte leógan.



Braithim ag dúiseacht, plúr-scoth Fódla
Ó Dhaingean Uí Chúis' go Brugh na Bóinne
An seana-spríd úd níor lúbadh fós é
Acht maireann dár liúm is funn chun gnótha air.



Is suairc an stáir a thángadh im reathaibh
Le nuaidheachta it dháil a cháidh-fhir chneasta
Ó Chluain Cholmáin ó Nás ó Eamhain
Ó Chruachan árd 's ó árus Chaisil.



Tugaim scéala ó réxaibh órdha
Ó ollaimh léighinn ó laochraibh cródha
Go bhfeicfar scéimh an tséin ar Fódla
Má chuirid Gaedhil le chéile i gcómh-lucht.



A dhalta na Suadh tabhair cluas dom chomhairle
Is aithris go luath do shluaighte a eóil é
Ní ceannus go cruadhas ní buadh go comh-chion
Is seachantar gruaim is fuath na comhursan.



Faghadh Éire chaoin bhuar ndícheall grádh anois
Déinidh smaointe is gníomhartha i bpáirt léi
Le chéile claoidheadh an mhuinntir ársaidh
'S an tréad nach línn-na scaoiltar thársta.



Cuirtar an leanbh ag spreagadh na Gaedhilge
Cuirtar an t-athair in fharraidh dhá aodhaireacht
Cuirtar á teagasc an teanga i ngach éan-scoil
Is tuigim gur gairid go mbeidh ráth ar bhus saothar.



Cuirtar fé bharraí deagh-thalamh na hÉireann
Roth muilinn ag casadh ar gach sreabh & faobhar leis,
Tugaidh aireachas d'bhur stair is d'bhur mbéasaibh
Is coinghibhidh i mBanba Clanna chirt Ghaedhil Ghluis.



Caithfad-sa gluaiseacht uait anois,
Is fada í mo chuaird thar Tuathaibh Luirc,
Beir beannacht gheal uaim go sluaighte an tsuilt
Is beannacht an Uain go buan agaibh.”



D'fhág an chúilfhionn mhúinte mhánla
N-a deáidh annsúd mé ag lúigh trí áthas,
D'fháisceas liúm ar siubhal chum m'áruis
De stáraibh lúith thar drúcht na mbáinseach.



An Ceangal



A charaid chléibh sin agaibh fé
Mar thárlaidh dham
Gan chas gan claon gan bladar béil
Gan cáim gan cor:
Geóbhaidh Clanna Gaedheal tar n-ais a réim
Ar bhántaibh Chuirc
Acht teacht le chéile ar fad san scléip
Go grádhmhar glic.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services