Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seachtmhain an Oireachtais
Title
Seachtmhain an Oireachtais
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Iúl 30, 1904. Seachtmhain an Oireachtais Is í an tseachtmhain seo chughainn seachtmhain an Oireachtais, is í mór- sheachtmhain na Gaedhilge í. Tosnóchar ar maidin Dia Luain. Beidh bruid & saothar & cúram ar gach éinne i rith na seachtmhaine. Beidh Gaedhilgeoirí i mBaile Átha Cliath ó gach pháirt d'Éirinn. Cloisfear gach uair de'n ló fuaim bhlasta na Gaedhilge. Clois- fear ar an sráid & ins na siopaíbh í. Aire chugaibh, a Ghaedhilgeóirí! Labhraidh go hárd & go dána bhur dteanga féin. Cuirfidh sí na Seoiníní & daoine dá leithéid ag teicheadh le n-a n-anam uaibh. Inneosaidh obair & bruid na seachtmhaine seo chughainn cionnus mar atá Gaedhil Éireann ag éirghe a trom-shuan & a daoirse na gcéadta mbliadhan. Cuirimís i n-umhail do gach éinne idir charaid is namhaid go bhfuilmíd ag caitheamh na leisce dhínn, & go bhfuil sé de rún againn fóghnamh dár máthair Éire go dílis deagh- chroidheach chun go gcuirfeam í ar n-a háireamh i measc náisiún na cruinne. Beidh iomaidheachta ar siubhal gach lá i gcaitheamh na seachtmhaine. Beidh iomaidhtheóirí láithreach ó Chúige Uladh, is ó Chonnachtaibh is ó Chúige Mumhan, gach éinne aca ar a dhícheall ar iarraidh buadh a bhreith. Beidh soin go maith. Mar adubhramair an tseachtmhain seo ghabh tharainn, tá súil againn ná beidh na daoine seo go bhfuil sean-léigh- eann na Gaedhilge ar iomchar aca i n-easnamh orainn. Táimíd ag braith ar na craobhachaibh ins na ceanntaraibh Gaedhealacha chun na daoine úd do lorg is do chur ag triall ar an Oireachtas. Ní gábhadh puinn a rádh i dtaobh na hÁrd-Feise. Tá i bhfad níos mó teachtairí i mbliadhna ná mar a bhí ann éin-bhliadhain roimhe seo. Ceapfar riaghlacha & atharróchar riaghlacha ann. Is é is deallraithighe go ndéanfar urmhór de'n ghnó i nGaedhilg & is maith an rud é. Beidh coiste fá leith i gcomhair gach taobh d'obair an Chonnartha, fé mar do deineadh anuraidh. Tá an tOireachtas buailte linn. Is éigin dúinn go léir corruidhe. Is éigin do gach duine againn a chion féin de'n ghnó a dhéanamh. Claoidhmís le chéile, maiseadh, fé mar badh cheart do Ghaedhealaibh duthrachtacha a dhéanamh & beidh áthas da bharr orainn i ndeireadh na seachtmhaine. Seadh, & beidh a rian orainn féin & ar ár dtír dhuthchais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services