An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Iúl 30, 1904.
Seachtmhain an Oireachtais
Is í an tseachtmhain seo chughainn
seachtmhain an Oireachtais, is í mór-
sheachtmhain na Gaedhilge í.  Tosnóchar
ar maidin Dia Luain.  Beidh bruid &
saothar & cúram ar gach éinne i rith na
seachtmhaine.  Beidh Gaedhilgeoirí i
mBaile Átha Cliath ó gach pháirt
d'Éirinn.  Cloisfear gach uair de'n ló
fuaim bhlasta na Gaedhilge.  Clois-
fear ar an sráid & ins na siopaíbh í.
Aire chugaibh, a Ghaedhilgeóirí!  Labhraidh
go hárd & go dána bhur dteanga
féin.  Cuirfidh sí na Seoiníní & daoine
dá leithéid ag teicheadh le n-a n-anam
uaibh.  Inneosaidh obair & bruid na
seachtmhaine seo chughainn cionnus mar
atá Gaedhil Éireann ag éirghe a
trom-shuan & a daoirse na gcéadta
mbliadhan.  Cuirimís i n-umhail do
gach éinne idir charaid is namhaid go
bhfuilmíd ag caitheamh na leisce dhínn,
& go bhfuil sé de rún againn fóghnamh
dár máthair Éire go dílis deagh-
chroidheach chun go gcuirfeam í ar n-a
háireamh i measc náisiún na cruinne.
Beidh iomaidheachta ar siubhal gach lá
i gcaitheamh na seachtmhaine.  Beidh
iomaidhtheóirí láithreach ó Chúige Uladh,
is ó Chonnachtaibh is ó Chúige Mumhan,
gach éinne aca ar a dhícheall ar iarraidh
buadh a bhreith.  Beidh soin go maith.
Mar adubhramair an tseachtmhain seo
ghabh tharainn, tá súil againn ná beidh
na daoine seo go bhfuil sean-léigh-
eann na Gaedhilge ar iomchar aca i
n-easnamh orainn.  Táimíd ag braith
ar na craobhachaibh ins na ceanntaraibh
Gaedhealacha chun na daoine úd do
lorg is do chur ag triall ar an
Oireachtas.
Ní gábhadh puinn a rádh i dtaobh na
hÁrd-Feise.  Tá i bhfad níos mó
teachtairí i mbliadhna ná mar a bhí ann
éin-bhliadhain roimhe seo.  Ceapfar
riaghlacha & atharróchar riaghlacha ann.
Is é is deallraithighe go ndéanfar
urmhór de'n ghnó i nGaedhilg & is maith
an rud é.  Beidh coiste fá leith i
gcomhair gach taobh d'obair an
Chonnartha, fé mar do deineadh
anuraidh.
Tá an tOireachtas buailte linn.  Is
éigin dúinn go léir corruidhe.  Is
éigin do gach duine againn a chion
féin de'n ghnó a dhéanamh.  Claoidhmís
le chéile, maiseadh, fé mar badh cheart
do Ghaedhealaibh duthrachtacha a dhéanamh
& beidh áthas da bharr orainn i ndeireadh
na seachtmhaine.  Seadh, & beidh a
rian orainn féin & ar ár dtír
dhuthchais.