An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Iúl 30, 1904.
Seachtmhain an Oireachtais
Is í an tseachtmhain seo chughainn
seachtmhain an Oireachtais, is í mór-
sheachtmhain na Gaedhilge í. Tosnóchar
ar maidin Dia Luain. Beidh bruid &
saothar & cúram ar gach éinne i rith na
seachtmhaine. Beidh Gaedhilgeoirí i
mBaile Átha Cliath ó gach pháirt
d'Éirinn. Cloisfear gach uair de'n ló
fuaim bhlasta na Gaedhilge. Clois-
fear ar an sráid & ins na siopaíbh í.
Aire chugaibh, a Ghaedhilgeóirí! Labhraidh
go hárd & go dána bhur dteanga
féin. Cuirfidh sí na Seoiníní & daoine
dá leithéid ag teicheadh le n-a n-anam
uaibh. Inneosaidh obair & bruid na
seachtmhaine seo chughainn cionnus mar
atá Gaedhil Éireann ag éirghe a
trom-shuan & a daoirse na gcéadta
mbliadhan. Cuirimís i n-umhail do
gach éinne idir charaid is namhaid go
bhfuilmíd ag caitheamh na leisce dhínn,
& go bhfuil sé de rún againn fóghnamh
dár máthair Éire go dílis deagh-
chroidheach chun go gcuirfeam í ar n-a
háireamh i measc náisiún na cruinne.
Beidh iomaidheachta ar siubhal gach lá
i gcaitheamh na seachtmhaine. Beidh
iomaidhtheóirí láithreach ó Chúige Uladh,
is ó Chonnachtaibh is ó Chúige Mumhan,
gach éinne aca ar a dhícheall ar iarraidh
buadh a bhreith. Beidh soin go maith.
Mar adubhramair an tseachtmhain seo
ghabh tharainn, tá súil againn ná beidh
na daoine seo go bhfuil sean-léigh-
eann na Gaedhilge ar iomchar aca i
n-easnamh orainn. Táimíd ag braith
ar na craobhachaibh ins na ceanntaraibh
Gaedhealacha chun na daoine úd do
lorg is do chur ag triall ar an
Oireachtas.
Ní gábhadh puinn a rádh i dtaobh na
hÁrd-Feise. Tá i bhfad níos mó
teachtairí i mbliadhna ná mar a bhí ann
éin-bhliadhain roimhe seo. Ceapfar
riaghlacha & atharróchar riaghlacha ann.
Is é is deallraithighe go ndéanfar
urmhór de'n ghnó i nGaedhilg & is maith
an rud é. Beidh coiste fá leith i
gcomhair gach taobh d'obair an
Chonnartha, fé mar do deineadh
anuraidh.
Tá an tOireachtas buailte linn. Is
éigin dúinn go léir corruidhe. Is
éigin do gach duine againn a chion
féin de'n ghnó a dhéanamh. Claoidhmís
le chéile, maiseadh, fé mar badh cheart
do Ghaedhealaibh duthrachtacha a dhéanamh
& beidh áthas da bharr orainn i ndeireadh
na seachtmhaine. Seadh, & beidh a
rian orainn féin & ar ár dtír
dhuthchais.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11