Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Sean-Léigheann
Title
An Sean-Léigheann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Iúl 23, 1904. An Sean-Léigheann An tseachtmhain seo ghabh tharainn do dheineamair beagán trácht ar an gcuma 'na bhfuil ár scríbhneoirí ag tuitim i bhfaillighe i dtaobh an Oireach- tais. Do thugamair beagán comhairle dhóibh is tá súil againn go nglacfaid í. Badh chóir do gach scríbhneoir oibriugadh & a dhícheall a dhéanamh ar son an Oireachtais chomh maith is dá mbadh air féin a bhí an cúram go léir. Níor bheag le hÉirinn dícheall gach éan- duine sa chás so. Má's fiú rud é dhéanamh i n-éan-chor is fiú é a dhéanamh i gceart. Ní bheimíd sásta gan céim ar aghaidh agus feabhas a fheicsint ar Oireachtas na bliadhna so thar an dtionól a bhí againn anuraidh. Tá sé d'fhiachaibh ar gach craoibh de'n Chonnradh ar fuid na hÉireann a cion féin de'n obair a dhéanamh. Ní gan airgead d'fhéadfar an tOireachtas a choimeád ar siubhal ó bhliadhain go bliadhain, & soin a dhéanamh ar chuma go mbeidh móiréis ar Ghaedhealaibh mar gheall air. Dá bhfuighthí síntiús, pé beag mór é, ó gach craoibh, ní bheadh éan-bhaoghal ar an Oireachtas. Tá eagla orainn ná tuigid lucht stiúrtha a lán craobh cad é a ndualgas 'na thaobh so. Fágtar an gnó go léir fe bhuidhin bhig i mBaile Átha Cliath. Bíodh a shonas is a dhonas ar an mbuidhin úd, is cuma le gach éinne eile. Ní ceart é seo ar éan-chor. Mar adubhramair cheana, baineann an tOireachtas le muinntir na hÉireann uile, & nár chóir go bhféachfadh muinntir na hÉireann uile chuige, go gcuirfear ar siubhal é ar chuma a shasóchadh gach éinne? Is í cuid na scríbhneóirí, cuid na litridheachta, an chuid is tairbhighe de'n Oireachtas. 'Na dhiaidh siúd tagann Scéalaidheacht, Oráideacht, Comhrádh, Amhránaidheacht & Aithristheoireacht. Is ionnta so a gheibhmíd sean-léigheann na Gaedhilge, an méid atá fágtha againn de. Táimíd chun caisleán an nua-léighinn a thógaint. Chuige sin, is éigin dhúinn romhar chun go sroisfeam bun-charraig an tsean-léighinn ar dtuis. Annsoin tosnuigheam ar bhallí an chaisleáin a thógaint. Táimíd ag braith ar na ceanntaraibh Gaedhealacha chun an tsean-léighinn seo a chur i n-umhail dúinn. Cár bh'éidir áit do b'fhearr chuige sin d'fhágháil 'ná an tOireachtas? Curtar i n-umhail dúinn cionnus scéal d'innsint, cionnus amhrán a rádh, cionnus sean-dán d'aithris, ar shean-nós na nGaedheal. Sé an tOireachtas an áit is fearr & is áiseamhla chuige sin. Ar an adhbhar soin, iarraimíd ar na craobhachaibh ins na ceanntaraibh Gaedhealacha a ndícheall a dhéanamh ar iomaidhtheoirí a sholáthar is a chur ag triall ar an Oireachtas. Taispeántar do'n tsaoghal mhór i bprímh-chathair Éireann ná fuil sean léigheann is sean-ealadhnta na nGaedheal imthighthe thar fóir dá mhéid iarracht láidir a dheineadh ar iad a dhísceadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services