An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Iúl 23, 1904.
An Sean-Léigheann
An tseachtmhain seo ghabh tharainn
do dheineamair beagán trácht ar an
gcuma 'na bhfuil ár scríbhneoirí ag
tuitim i bhfaillighe i dtaobh an Oireach-
tais.  Do thugamair beagán comhairle
dhóibh is tá súil againn go nglacfaid í.
Badh chóir do gach scríbhneoir oibriugadh
& a dhícheall a dhéanamh ar son an
Oireachtais chomh maith is dá mbadh air
féin a bhí an cúram go léir.  Níor
bheag le hÉirinn dícheall gach éan-
duine sa chás so.  Má's fiú rud é
dhéanamh i n-éan-chor is fiú é a dhéanamh
i gceart.  Ní bheimíd sásta gan céim
ar aghaidh agus feabhas a fheicsint ar
Oireachtas na bliadhna so thar an 
dtionól a bhí againn anuraidh.
Tá sé d'fhiachaibh ar gach craoibh de'n
Chonnradh ar fuid na hÉireann a cion
féin de'n obair a dhéanamh.  Ní gan
airgead d'fhéadfar an tOireachtas a
choimeád ar siubhal ó bhliadhain go
bliadhain, & soin a dhéanamh ar chuma go
mbeidh móiréis ar Ghaedhealaibh mar
gheall air.  Dá bhfuighthí síntiús, pé
beag mór é, ó gach craoibh, ní bheadh
éan-bhaoghal ar an Oireachtas.  Tá
eagla orainn ná tuigid lucht stiúrtha
a lán craobh cad é a ndualgas 'na thaobh
so.  Fágtar an gnó go léir fe bhuidhin
bhig i mBaile Átha Cliath.  Bíodh a
shonas is a dhonas ar an mbuidhin úd, is
cuma le gach éinne eile.  Ní ceart é
seo ar éan-chor.  Mar adubhramair
cheana, baineann an tOireachtas le
muinntir na hÉireann uile, & nár chóir
go bhféachfadh muinntir na hÉireann
uile chuige, go gcuirfear ar siubhal é
ar chuma a shasóchadh gach éinne?
Is í cuid na scríbhneóirí, cuid na
litridheachta, an chuid is tairbhighe de'n
Oireachtas.  'Na dhiaidh siúd tagann
Scéalaidheacht, Oráideacht, Comhrádh,
Amhránaidheacht & Aithristheoireacht.  Is
ionnta so a gheibhmíd sean-léigheann
na Gaedhilge, an méid atá fágtha
againn de.  Táimíd chun caisleán an
nua-léighinn a thógaint.  Chuige sin, is
éigin dhúinn romhar chun go sroisfeam
bun-charraig an tsean-léighinn ar
dtuis.  Annsoin tosnuigheam ar bhallí
an chaisleáin a thógaint.
Táimíd ag braith ar na ceanntaraibh
Gaedhealacha chun an tsean-léighinn seo
a chur i n-umhail dúinn.  Cár bh'éidir
áit do b'fhearr chuige sin d'fhágháil 'ná
an tOireachtas?  Curtar i n-umhail
dúinn cionnus scéal d'innsint, cionnus
amhrán a rádh, cionnus sean-dán
d'aithris, ar shean-nós na nGaedheal.
Sé an tOireachtas an áit is fearr & is
áiseamhla chuige sin.  Ar an adhbhar
soin, iarraimíd ar na craobhachaibh ins
na ceanntaraibh Gaedhealacha a ndícheall
a dhéanamh ar iomaidhtheoirí a sholáthar
is a chur ag triall ar an Oireachtas.
Taispeántar do'n tsaoghal mhór i
bprímh-chathair Éireann ná fuil sean
léigheann is sean-ealadhnta na
nGaedheal imthighthe thar fóir dá mhéid
iarracht láidir a dheineadh ar iad a
dhísceadh.