Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Sean-Léigheann

Title
An Sean-Léigheann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Iúl 23, 1904.



An Sean-Léigheann



An tseachtmhain seo ghabh tharainn
do dheineamair beagán trácht ar an
gcuma 'na bhfuil ár scríbhneoirí ag
tuitim i bhfaillighe i dtaobh an Oireach-
tais. Do thugamair beagán comhairle
dhóibh is tá súil againn go nglacfaid í.
Badh chóir do gach scríbhneoir oibriugadh
& a dhícheall a dhéanamh ar son an
Oireachtais chomh maith is dá mbadh air
féin a bhí an cúram go léir. Níor
bheag le hÉirinn dícheall gach éan-
duine sa chás so. Má's fiú rud é
dhéanamh i n-éan-chor is fiú é a dhéanamh
i gceart. Ní bheimíd sásta gan céim
ar aghaidh agus feabhas a fheicsint ar
Oireachtas na bliadhna so thar an
dtionól a bhí againn anuraidh.



Tá sé d'fhiachaibh ar gach craoibh de'n
Chonnradh ar fuid na hÉireann a cion
féin de'n obair a dhéanamh. Ní gan
airgead d'fhéadfar an tOireachtas a
choimeád ar siubhal ó bhliadhain go
bliadhain, & soin a dhéanamh ar chuma go
mbeidh móiréis ar Ghaedhealaibh mar
gheall air. Dá bhfuighthí síntiús, pé
beag mór é, ó gach craoibh, ní bheadh
éan-bhaoghal ar an Oireachtas. Tá
eagla orainn ná tuigid lucht stiúrtha
a lán craobh cad é a ndualgas 'na thaobh
so. Fágtar an gnó go léir fe bhuidhin
bhig i mBaile Átha Cliath. Bíodh a
shonas is a dhonas ar an mbuidhin úd, is
cuma le gach éinne eile. Ní ceart é
seo ar éan-chor. Mar adubhramair
cheana, baineann an tOireachtas le
muinntir na hÉireann uile, & nár chóir
go bhféachfadh muinntir na hÉireann
uile chuige, go gcuirfear ar siubhal é
ar chuma a shasóchadh gach éinne?



Is í cuid na scríbhneóirí, cuid na
litridheachta, an chuid is tairbhighe de'n
Oireachtas. 'Na dhiaidh siúd tagann
Scéalaidheacht, Oráideacht, Comhrádh,
Amhránaidheacht & Aithristheoireacht. Is
ionnta so a gheibhmíd sean-léigheann
na Gaedhilge, an méid atá fágtha
againn de. Táimíd chun caisleán an
nua-léighinn a thógaint. Chuige sin, is
éigin dhúinn romhar chun go sroisfeam
bun-charraig an tsean-léighinn ar
dtuis. Annsoin tosnuigheam ar bhallí
an chaisleáin a thógaint.



Táimíd ag braith ar na ceanntaraibh
Gaedhealacha chun an tsean-léighinn seo
a chur i n-umhail dúinn. Cár bh'éidir
áit do b'fhearr chuige sin d'fhágháil 'ná
an tOireachtas? Curtar i n-umhail
dúinn cionnus scéal d'innsint, cionnus
amhrán a rádh, cionnus sean-dán
d'aithris, ar shean-nós na nGaedheal.
Sé an tOireachtas an áit is fearr & is
áiseamhla chuige sin. Ar an adhbhar
soin, iarraimíd ar na craobhachaibh ins
na ceanntaraibh Gaedhealacha a ndícheall
a dhéanamh ar iomaidhtheoirí a sholáthar
is a chur ag triall ar an Oireachtas.
Taispeántar do'n tsaoghal mhór i
bprímh-chathair Éireann ná fuil sean
léigheann is sean-ealadhnta na
nGaedheal imthighthe thar fóir dá mhéid
iarracht láidir a dheineadh ar iad a
dhísceadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services