Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Seóinín Mór & an Seóinín Beag
Title
An Seóinín Mór & an Seóinín Beag
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail An Seóinín Mór & an Seóinín Beag. Tá an Seóinín mór 'na fhear saidhbhir & talamh & stoic go leór aige & airgid sa bhainnc & “roinnte” aige i mbóithribh iarainn & i siopaíbh & i ngnóthaibh go leór eile, & an biseach airgead go síor ag teacht isteach chuige ó na gnóthaibh seo. Acht tá sé 'na Ghaedheal do réir dhúthchais & 'na Chaitoiliceach do réir chreidimh & níl acht déistin & dí-mheas ag na Gallaibh & ag an Riaghaltas & ag muinntir an Chaisleáin air. Goilleann seo go mór ar mo Sheóinín bhocht & is minic a chífeá é ag gol 's ag caoineadh ag siubhal an bhóthair dó, fá'n mhí-mheas cuirid na Gaill air. Tá tighearna Gallda, 'na chomhnaidhe i ndeas dó — sé sin atá áit chomhnaidhe ag tighearna Gallda san áit, acht is mionca dó bheith 'na chomhnaidhe i Lonndain nó sa bhFrainnc nó i nAmeiriocá. Acht nuair a thigeann an tighearna Gallda seo go Baile na Láthaighe ruitheann mo Sheoinín bocht & a cháibín 'na láimh aige ag castáil ar an tighearna & cromann sé a cheann síos go talamh ag ullmhughadh do'n tighearna Ghallda. Corr-uair labhrann an tighearna Ghallda leis nuair bhíonn aoibh mhaith air & annsin ní mór nó go gcailleann mo Sheoinín bocht a chuid céille bíonn an oiread sin aoibhneasa air. Tá seort tiodail ag an Seoinín é féin mar do rinneadh ridire nó rud éigin mar sin de ag an bPápa, acht siúd is gur mór an maoidheamh a bhíonn ag an Seoinín as an tiodail seo anois & arís b'fhearr leis go mór tiodail ó Righ Shasana. Tá sé 'na an-Chaitliceach acht is mó an tuairim i bhfad atá aige 'na chroidhe istigh ar Rígh Shasana nó tá aige ar an bPápa. Nuair thigeann Rí Shasana go hÉirinn snámhann mo Sheóinín Mór ar a bholg céad míle slighe le n-a fheiceáil & ní mór nó go ndéanann sé an cleas céadna nuair a bhíos Fear Ionaid an Ríogh sa tír. Mar an gcéadna umhluigheann sé d'oifigeach bpiléar fein, do lucht dlighe & do lucht an Riaghaltais go léir, acht go mbíodh siad Gallda. Níl meas mad- aidh aige ar Ghaedhealaibh nó ar Chatoil- iceachaibh, bíodh go bhfuil réim an domhain aca. Ins an áit céadna .i. i mBaile na Láthaighe atá mó Sheóinín Beag 'na chomhnaidhe. Faraor! níl sé acht 'na bhuachaill siopa & ní féidir dó bheith 'na Sheóinín Mhór acht tá a sheóinín- teacht mór ar dhéine & ar dhoimhne. Tá an-chion aige ar an Seóinín Mór & ar na Gallaibh go léir & nuair is féidir leis comhluadar do bheith aige leobhtha seo ní labhrann sé ar chor ar bith leis an gcoitcheanntacht i mBaile an Láthaighe acht is minic nach n-éirigheann leis ar feadh coicthighise focal a labhairt leis an Seoinín Mór nó le duine de na Ghallaibh & ann sin tigeann uaigneas air, is dóighthe, & éirigheann sé báidheamhail le lucht an bhaile. Badh cheart dóibh-sean gan labhairt leis ar chor ar bith acht é fhágaint ag na Gallaibh acht is daoine simplidhe iad & síleann siad gur ar mhaithe leobhtha-san labhrann an Seoinín Beag leo anois & arís. Ní headh, maiseadh, acht ar mhaithe leis féin, mar nach labharfaidh an Seoinín Mór leis an duine bocht. Nuair tá an tighearna Gallda sa bhaile níl aon aithne ag an Seoinín Mór ar an Seoinín Beag, & nuair atá buiceanna Gallda ar láimh aige níl aon aithne ag an Seoinín Mór ar an Seoinín Beag. Agus níl de Ghallaibh fá Bhaile na Láthaighe acht dhá thaoiseach na bpíléar & cléireach na ngiúistíseach & dochtúir tighe na nGeallt & fear díolta druig- eanna & fear feadhmannach an tighearna Gallda, & báillí an tighearna Gallda, & tá ping pong Club aca acht nach leigeann siad an báille isteach 'sa chlub, & ní labhrann siad, acht amháin an báille, le mo Sheoinín Bheag bhocht. Is minic chífeá é 'na sheasamh os coinne dorais tighe an phing-phong & muineál sínte air ag iarraidh rud éigin fheiceáil ar an taobh istigh de'n doras. Oidhche amháin bhí sé 'na sheasamh ar an gcuma seo nuair tháinig taoiseach na bpíléar amach ar an doras. Thóg sé a lámh go dtí n-a eadán go sgioptha ar an modh umhluigheas saighdiúr dá oifigeach. Rinne taoiseach na bpíléar sméideadh chinn leis. D'imthigh mo Sheoinín bocht na' bhaile 'na fhear bhródamhlach an oidhche sin, & níor labhair sé le duine nó deoraidhe i mBaile an Láthaighe ar feadh míosa 'na dhiaidh. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services