Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Seóinín Mór & an Seóinín Beag

Title
An Seóinín Mór & an Seóinín Beag
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



An Seóinín Mór & an
Seóinín Beag.



Tá an Seóinín mór 'na fhear saidhbhir
& talamh & stoic go leór aige &
airgid sa bhainnc & “roinnte”
aige i mbóithribh iarainn & i siopaíbh &
i ngnóthaibh go leór eile, & an biseach
airgead go síor ag teacht isteach
chuige ó na gnóthaibh seo. Acht tá sé
'na Ghaedheal do réir dhúthchais & 'na
Chaitoiliceach do réir chreidimh & níl
acht déistin & dí-mheas ag na Gallaibh
& ag an Riaghaltas & ag muinntir an
Chaisleáin air. Goilleann seo go mór
ar mo Sheóinín bhocht & is minic a
chífeá é ag gol 's ag caoineadh ag
siubhal an bhóthair dó, fá'n mhí-mheas
cuirid na Gaill air. Tá tighearna
Gallda, 'na chomhnaidhe i ndeas dó — sé
sin atá áit chomhnaidhe ag tighearna
Gallda san áit, acht is mionca dó
bheith 'na chomhnaidhe i Lonndain nó sa
bhFrainnc nó i nAmeiriocá. Acht
nuair a thigeann an tighearna Gallda
seo go Baile na Láthaighe ruitheann mo
Sheoinín bocht & a cháibín 'na láimh aige
ag castáil ar an tighearna & cromann
sé a cheann síos go talamh ag
ullmhughadh do'n tighearna Ghallda.
Corr-uair labhrann an tighearna Ghallda
leis nuair bhíonn aoibh mhaith air &
annsin ní mór nó go gcailleann mo
Sheoinín bocht a chuid céille bíonn an
oiread sin aoibhneasa air. Tá seort
tiodail ag an Seoinín é féin mar do
rinneadh ridire nó rud éigin mar sin
de ag an bPápa, acht siúd is gur mór
an maoidheamh a bhíonn ag an Seoinín
as an tiodail seo anois & arís b'fhearr
leis go mór tiodail ó Righ Shasana.
Tá sé 'na an-Chaitliceach acht is mó an
tuairim i bhfad atá aige 'na chroidhe
istigh ar Rígh Shasana nó tá aige ar
an bPápa. Nuair thigeann Rí Shasana
go hÉirinn snámhann mo Sheóinín
Mór ar a bholg céad míle slighe le
n-a fheiceáil & ní mór nó go ndéanann
sé an cleas céadna nuair a bhíos Fear
Ionaid an Ríogh sa tír. Mar an
gcéadna umhluigheann sé d'oifigeach
bpiléar fein, do lucht dlighe & do
lucht an Riaghaltais go léir, acht go
mbíodh siad Gallda. Níl meas mad-
aidh aige ar Ghaedhealaibh nó ar Chatoil-
iceachaibh, bíodh go bhfuil réim an
domhain aca.



Ins an áit céadna .i. i mBaile na
Láthaighe atá mó Sheóinín Beag 'na
chomhnaidhe. Faraor! níl sé acht 'na
bhuachaill siopa & ní féidir dó bheith
'na Sheóinín Mhór acht tá a sheóinín-
teacht mór ar dhéine & ar dhoimhne.
Tá an-chion aige ar an Seóinín Mór
& ar na Gallaibh go léir & nuair is
féidir leis comhluadar do bheith aige
leobhtha seo ní labhrann sé ar chor ar
bith leis an gcoitcheanntacht i mBaile
an Láthaighe acht is minic nach n-éirigheann
leis ar feadh coicthighise focal a labhairt
leis an Seoinín Mór nó le duine
de na Ghallaibh & ann sin tigeann
uaigneas air, is dóighthe, & éirigheann
sé báidheamhail le lucht an bhaile. Badh
cheart dóibh-sean gan labhairt leis ar
chor ar bith acht é fhágaint ag na Gallaibh
acht is daoine simplidhe iad & síleann
siad gur ar mhaithe leobhtha-san labhrann
an Seoinín Beag leo anois & arís.
Ní headh, maiseadh, acht ar mhaithe leis
féin, mar nach labharfaidh an Seoinín
Mór leis an duine bocht. Nuair tá
an tighearna Gallda sa bhaile níl aon
aithne ag an Seoinín Mór ar an
Seoinín Beag, & nuair atá buiceanna
Gallda ar láimh aige níl aon aithne ag
an Seoinín Mór ar an Seoinín Beag.
Agus níl de Ghallaibh fá Bhaile na
Láthaighe acht dhá thaoiseach na bpíléar &
cléireach na ngiúistíseach & dochtúir
tighe na nGeallt & fear díolta druig-
eanna & fear feadhmannach an
tighearna Gallda, & báillí an tighearna
Gallda, & tá ping pong Club aca
acht nach leigeann siad an báille
isteach 'sa chlub, & ní labhrann siad,
acht amháin an báille, le mo Sheoinín
Bheag bhocht. Is minic chífeá é 'na
sheasamh os coinne dorais tighe an
phing-phong & muineál sínte air ag
iarraidh rud éigin fheiceáil ar an
taobh istigh de'n doras. Oidhche amháin
bhí sé 'na sheasamh ar an gcuma seo
nuair tháinig taoiseach na bpíléar
amach ar an doras. Thóg sé a lámh
go dtí n-a eadán go sgioptha ar an
modh umhluigheas saighdiúr dá oifigeach.
Rinne taoiseach na bpíléar sméideadh
chinn leis. D'imthigh mo Sheoinín bocht
na' bhaile 'na fhear bhródamhlach an
oidhche sin, & níor labhair sé le duine
nó deoraidhe i mBaile an Láthaighe ar
feadh míosa 'na dhiaidh.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services