Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beirt Fhear
Title
Beirt Fhear
Author(s)
Ua Dubhghaill, Séamus,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“Beirt Fhear.” Táim ana-bhuidheach de “Chú Uladh” & an moladh do tug sé dom' “Beirt Fhear.” B'fhearr go mór ná moladh beirte an moladh soin. Rud eile, is maith liom gur cháin sé an “Bheirt” nuair a shaoil sé gur thuilleadar a cháineadh acht má's ceart dó-san leadhbh a thabhairt dóibh, is ceart domh-sa mo bhata a chur i n-áirde chun iad a chosaint ar an gCoin, mar is mór é mo chion ar an mbeirt úd. “Is geal léis a' bhfiach dubh a ghearrcach féin” & is ró-gheal liom-sa Aodh & Diarmaid. “Ciaca badh mheasa leat mathair-chéile, bean do dhearbhráthar 'ná inghean dearbhráthar t-athar”? Ní dóigh liom-sa gur ó ‘mhaith’ a thagann ‘measa’ annso acht ó ‘mheas.’ Tá ‘measa’ coitcheanta go leór againn-ne. Féach air seo: Is measa liom Peig Ó tá sí gan pósadh Agus is dócha go mbeig (beidh) Ní mar a chéile stáca & cruach againn-ne. Tá cruach & stáca & coca againn. Cruach féir, agus cruach arbhair. Coca féir & stáca arbhair. Bíonn an chruach fada mar a bheadh cruach mhóna, acht bíonn an coca & an stáca cruinn & gan bun cleite isteach air 'ná bárr cleite amach air. Nach minic a chuala-sa “Luch fé stáca” nuair a bheadh asailín beag ag gabháil an bhóthair & ualach mór air. Nach minic d'imreas “Ceann an Stáca” nuair a bhíos im' gharsún. Agus cad deir na leabhair? Stáca a shock of corn (an Luibhleabhrán & Coney); Stack, Stáca (Foley); damáiste — damage (Coney); Damage, domáiste (Foley) Fine, Fineáil (Foley). Níor chuala-sa riamh i gcómhrádh na beirt “Cáin” mar Ghaedhilg ar “Fine.” Dá gcloisfinn ní baoghal ná go mbeadh sé curtha síos agam. Agus féach anois, tá an focal so & na focail eile úd ráithte isteach i bhfoclóir a bhí curtha le chéile leath chéad bliadhain ó shoin. Nuair do sgríobhas “praigheas,” dubhart gur cheapas gur ó “Price” a tháinig sé. Chuireas síos an focal díreach mar ar tháinig sé ó bhéal na chainnteóra. 'Sé mo thuairim-se go bhfuil “fuisgí” chomh fíghte, fuaighte isteach anois i gcainnt na ndaoine ná fuil maitheas dúinn-ne bheith a d'iarraidh é 'dhíbirt. Tugann Cú Uladh mar chomhairle dhaoibh Aodh bocht a sheachaint mar gheall ar gur “dhéin sé rud ar Dhiarmaid.” Ó faire! faire! a Chú. Tá súil agam ná déanfaidh na daoine rud ort-sa an bobhta so. Nach minic a chuala-sa an méid seo: — An Mháthair: “A Mháire, a chuid, abair le Mícheáilín teacht isteach.” Máire: (i mBéarla briste): — “He won't do thing on me, mother (Ní dhéanfaidh rud orm a mháthair.”) Séamus Ua Dubhghaill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services