Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beirt Fhear

Title
Beirt Fhear
Author(s)
Ua Dubhghaill, Séamus,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


“Beirt Fhear.”



Táim ana-bhuidheach de “Chú Uladh” & an
moladh do tug sé dom' “Beirt Fhear.”
B'fhearr go mór ná moladh beirte an moladh
soin. Rud eile, is maith liom gur cháin sé an
“Bheirt” nuair a shaoil sé gur thuilleadar a
cháineadh acht má's ceart dó-san leadhbh a
thabhairt dóibh, is ceart domh-sa mo bhata a chur
i n-áirde chun iad a chosaint ar an gCoin, mar
is mór é mo chion ar an mbeirt úd.



“Is geal léis a' bhfiach dubh a ghearrcach
féin” & is ró-gheal liom-sa Aodh & Diarmaid.



“Ciaca badh mheasa leat mathair-chéile,
bean do dhearbhráthar 'ná inghean dearbhráthar
t-athar”? Ní dóigh liom-sa gur ó ‘mhaith’ a
thagann ‘measa’ annso acht ó ‘mheas.’ Tá
‘measa’ coitcheanta go leór againn-ne. Féach
air seo:



Is measa liom Peig
Ó tá sí gan pósadh
Agus is dócha go mbeig (beidh)



Ní mar a chéile stáca & cruach againn-ne.
Tá cruach & stáca & coca againn. Cruach féir,
agus cruach arbhair. Coca féir & stáca arbhair.



Bíonn an chruach fada mar a bheadh cruach
mhóna, acht bíonn an coca & an stáca cruinn &
gan bun cleite isteach air 'ná bárr cleite
amach air. Nach minic a chuala-sa “Luch fé
stáca” nuair a bheadh asailín beag ag gabháil
an bhóthair & ualach mór air. Nach minic
d'imreas “Ceann an Stáca” nuair a bhíos im'
gharsún. Agus cad deir na leabhair?



Stáca a shock of corn (an Luibhleabhrán &
Coney); Stack, Stáca (Foley); damáiste —
damage (Coney); Damage, domáiste (Foley)
Fine, Fineáil (Foley).



Níor chuala-sa riamh i gcómhrádh na beirt
“Cáin” mar Ghaedhilg ar “Fine.” Dá
gcloisfinn ní baoghal ná go mbeadh sé curtha
síos agam. Agus féach anois, tá an focal so
& na focail eile úd ráithte isteach i bhfoclóir
a bhí curtha le chéile leath chéad bliadhain ó shoin.
Nuair do sgríobhas “praigheas,” dubhart gur
cheapas gur ó “Price” a tháinig sé. Chuireas
síos an focal díreach mar ar tháinig sé ó
bhéal na chainnteóra. 'Sé mo thuairim-se go
bhfuil “fuisgí” chomh fíghte, fuaighte isteach
anois i gcainnt na ndaoine ná fuil maitheas
dúinn-ne bheith a d'iarraidh é 'dhíbirt.



Tugann Cú Uladh mar chomhairle dhaoibh Aodh
bocht a sheachaint mar gheall ar gur “dhéin
sé rud ar Dhiarmaid.” Ó faire! faire! a
Chú. Tá súil agam ná déanfaidh na daoine
rud ort-sa an bobhta so.



Nach minic a chuala-sa an méid seo: —



An Mháthair: “A Mháire, a chuid, abair le
Mícheáilín teacht isteach.”



Máire: (i mBéarla briste): —



“He won't do thing on me, mother (Ní
dhéanfaidh rud orm a mháthair.”)



Séamus Ua Dubhghaill.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services