Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Earraidhe na hÉireann
Title
Earraidhe na hÉireann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Eanair 23, 1904. Earraidhe na hÉireann Ó cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun tá cainnt mhór i dtaobh déantús na hÉireann. Níl acht mar is cóir, acht is baoghalach go bhfuil breis cainnte & beag-ghníomhartha dá ndéanamh againn. Tá de rath orainn go bhfuil mórán de shaothibh searachais stáit 'n-ár measg. Deirid seo linn gur ceart dúinn déantúis na hÉireann do cheannach “má táid chomh maith is má ghéibhean chomh saor iad le hearraidhibh Sheagháin,” ár sean-chara. Tá a 'fhios ag an saoghal — fiú ag an bpúca féin — go bhfuil mórán daoine gan mheabhair ins an tír seo na cainnte & go ngabhaid páirt an fhir láidir. Sin é dála an fhir ná déineann marann ar chursaibh an tsaoghail i gcomhnuidhe — is cuma leis ceart ag an bhfear lag, sguabann an chuilighthe léi é dá dheóin féin. Tá tosach mór ag Seaghán as déantúsaidhthibh Éireann & tá cosaint aige orra. Tá na córacha is nua aige chum a chuid oibre a dhéanamh & is acfuinn dó iad a cheannach mar tá an rath air, pé aca Dia nó an fear thíos a chuir air é. Is follus dúinne mar sin go gcaithfeam beagán do bhreis do thabhairt ar ar ndéantúsaibh féin thar earraidhibh ár gcarad — an fear thall. Cionnus is féidir linn dul i n-iomaidh leis nuair atá an oiread soin de bhuntáiste aige? Caithfeam FÉIN cosaint do dhéanamh ar ár n-earraidhibh féin — ní móide go ndéanfaidh an fear thall dúinn, mar tá a mhalairt de ghliocas ann. Dar le mórán is beag an rud bosga lasán — ar ndóigh ní mór gur fiú é d'áireamh. Acht déineann leath- phinginn & leath-phinginn an phinginn & deineann dhá phinginn déag sgilling, & mar sin de, nuair a chuirtear céad “beagán” i dteannta a chéile déinid “mórán.” Meastar go gcaithfear leath-mhilliún bosga lasán i nÉirinn gach lá. Cosnuighid seo leath-phinginn an bosga & i gceann bliadhna dhéanfadh sé timcheall ocht míle déag ar fhichid púnt! Nach mór an muileann do choimeádfadh an méid seo ar siubhal & nach iomdha duine gheobadh obair ann! Caidé an mhaitheas bheith ag iarraidh cosg do chur leis an imirce as an dtír muna ndéanfar obair do thabhairt do na daoinibh ag baile? Ní mairid ar an ngaoith ar nós an phíobaire & an fheadánaidhe. Ní áirmhightear annso acht lasáin amháin. 'Siad so na hearraidhe is lugha costas. Agus, a léightheóir grádhmhair, cad é an leas do dhéanfaidhe do'n tír, dhá gceannó- chadh na daoine na hearraidhe daora atá déanta i nÉirinn! Ní chuirfidh cainnt dá mhéid cosg ar an imirce — cuirfidh gníomh dá laighead. Déanadh gach fear a chion féin & ná bíodh sé ag braith ar éinne eile chum a dhéanamh dó. Le gníomh an fhir a dhéintear an náisiún — 'sé sin le rádh nuair dheineas gach fear a chion — & nuair a chuirtear na “ciona” go léir i dteannta a chéile bíonn “neart” againn & is leis an neart a bhuaidhtear.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services