Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Earraidhe na hÉireann

Title
Earraidhe na hÉireann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Eanair 23, 1904.



Earraidhe na hÉireann



Ó cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun
tá cainnt mhór i dtaobh déantús na hÉireann.
Níl acht mar is cóir, acht is baoghalach go bhfuil
breis cainnte & beag-ghníomhartha dá ndéanamh
againn. Tá de rath orainn go bhfuil mórán
de shaothibh searachais stáit 'n-ár measg.
Deirid seo linn gur ceart dúinn déantúis
na hÉireann do cheannach “má táid chomh maith
is má ghéibhean chomh saor iad le hearraidhibh
Sheagháin,” ár sean-chara. Tá a 'fhios ag an
saoghal — fiú ag an bpúca féin — go bhfuil
mórán daoine gan mheabhair ins an tír seo na
cainnte & go ngabhaid páirt an fhir láidir.
Sin é dála an fhir ná déineann marann ar
chursaibh an tsaoghail i gcomhnuidhe — is cuma
leis ceart ag an bhfear lag, sguabann an
chuilighthe léi é dá dheóin féin.



Tá tosach mór ag Seaghán as déantúsaidhthibh
Éireann & tá cosaint aige orra. Tá na
córacha is nua aige chum a chuid oibre a
dhéanamh & is acfuinn dó iad a cheannach mar
tá an rath air, pé aca Dia nó an fear thíos a
chuir air é. Is follus dúinne mar sin go
gcaithfeam beagán do bhreis do thabhairt ar ar
ndéantúsaibh féin thar earraidhibh ár gcarad
— an fear thall. Cionnus is féidir linn dul
i n-iomaidh leis nuair atá an oiread soin de
bhuntáiste aige? Caithfeam FÉIN cosaint
do dhéanamh ar ár n-earraidhibh féin — ní móide
go ndéanfaidh an fear thall dúinn, mar tá
a mhalairt de ghliocas ann. Dar le mórán is
beag an rud bosga lasán — ar ndóigh ní mór
gur fiú é d'áireamh. Acht déineann leath-
phinginn & leath-phinginn an phinginn & deineann
dhá phinginn déag sgilling, & mar sin de,
nuair a chuirtear céad “beagán” i dteannta
a chéile déinid “mórán.” Meastar go
gcaithfear leath-mhilliún bosga lasán i nÉirinn
gach lá. Cosnuighid seo leath-phinginn an bosga
& i gceann bliadhna dhéanfadh sé timcheall ocht
míle déag ar fhichid púnt! Nach mór an
muileann do choimeádfadh an méid seo ar
siubhal & nach iomdha duine gheobadh obair ann!
Caidé an mhaitheas bheith ag iarraidh cosg do
chur leis an imirce as an dtír muna ndéanfar
obair do thabhairt do na daoinibh ag baile? Ní
mairid ar an ngaoith ar nós an phíobaire & an
fheadánaidhe. Ní áirmhightear annso acht
lasáin amháin. 'Siad so na hearraidhe is lugha
costas. Agus, a léightheóir grádhmhair, cad é
an leas do dhéanfaidhe do'n tír, dhá gceannó-
chadh na daoine na hearraidhe daora atá
déanta i nÉirinn! Ní chuirfidh cainnt dá mhéid
cosg ar an imirce — cuirfidh gníomh dá
laighead. Déanadh gach fear a chion féin & ná
bíodh sé ag braith ar éinne eile chum a dhéanamh
dó. Le gníomh an fhir a dhéintear an náisiún —
'sé sin le rádh nuair dheineas gach fear a chion
— & nuair a chuirtear na “ciona” go léir i
dteannta a chéile bíonn “neart” againn & is
leis an neart a bhuaidhtear.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services