Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Libherpoll
Title
Feis Libherpoll
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feis Libherpoll. Bhí Feis ar cois san Picton Hall i Libherpoll coicthighis ó shoin, agus badh mhaith liom beagán cunntais a thabhairt uirri. Chuaidh dream dínn ann ó Sheffield agus bhí daoine i láthair ó Bhirmingham, ó Mhanchester agus ó áiteachaibh eile. Ar a shon sin, is tana an sluagh do bhí ann agus ní thuigim ar chor ar bith cad fáth nach raibh níos mó daoine i láthair. Bhí an fheis féin go hálainn. Taobh amuigh de'n sgríobhneóireacht, bhí na comórtais ar fheabhas. Thóg Féidhlimidh Ó Cinnéide, ó Mhanchester, an duais ar an sgríbhneóireacht a b'fhearr agus thuill sé an duais, acht ba shuarach an méid daoine do chuir isteach ar an duais sin agus ní ar fheabhas do bhí an méid sin féin. Is aisteach an duine é Féidhlimidh. Cha raibh sé riamh i nÉirinn go dtí an tOireachtas deireannach agus labhrann sé Gaedhilg amhail is dá dtógfaidhe as Gaedhilg é. Casadh orm é i mBaile Átha Cliath an chéad uair riamh ar chuir sé a chos ar talamh na hÉireann agus bhí sé a' spreagadh na Gaedhilge chomh tiugh le ceachtar againn. Thóg sé duais, ag Feis Libherpoll, ar sgéalaidheacht. Ba mhaith an mhaise dhó é, ná d'innis sé an sgéal go háluinn dúinn. Ní chuirfeadh sé iongantas orm dhá sáróchadh sé ar mhuinntir Bhaile Mhúirne féin ar sgéalaidh- eacht ag an darna hOireachtas. Bhí an sgéalaidheacht go maith ag an bhFeis agus bhí an aithriseóireacht go maith, agus an rinnce agus an ceól ar fheabhas. Bhí dream mór mac- léighinn ó Libherpoll, ó Bhootle agus ó Mhanchester istigh ar chomórtasaibh le haghaidh mac-léighinn agus siúd is nach bhfuil siad os cionn bliadhna nó bliadhna go leith ag foghluim na Gaedhilge bhí fios a ngnótha aca go maith. Is fearr an t-eólas do bhí aca ar chainnt ná ar léightheóir- eacht agus is amhlaidh is fearr é. Is cosmhail gur tré bhéal-oideachas a gheibhíd a gcuid foghluma agus tá a rian orra, agus gidh go raibh breith- eamhain ann ó gach uile chúige i nÉirinn bhí siad uile go han-sásta leis an méid eólais do bhí ag na macaibh-léighinn ar an teanga. Bhí rud amháin do thug mé fá deara nar thaithin liom ar chor ar bith; b'fhíor-bheag an méid Gaedhilgeóirí do bhí i láthair ag an bhFeis. Nuair bhíos cruinniughadh Gaedhealach againn i Sheffield bíonn a leath de an daoinibh bhíos agus láthair 'n-a nGaedhilgeóiríbh agus tugann an nídh seo uchtach mór do na daoinibh bhíos ag cainnt nó ag gabháil cheóil; acht ag Feis Libherpoll ní dóighthe go raibh os cionn doisín nó fiche duine i láthair ruith an lae a raibh sean-eólas aca ar an nGaedhilg. Caithfidh sé go bhfuil na céadta de Ghaedhilgeóiribh i Libherpoll agus thart fá'n dúthaigh sin (tá dhá chéad Gaedhilgeóir againn i Sheffield féin) agus badh cheart iarracht thréan-mhór do thabhairt le hiad a tharraingt isteach chúig an bhFeis. Ní mheasaim gur ar Sheóirse Seartan ná ar Sheaghán Ó Céirsigh ná ar na daoinibh eile atá ag obair go dian díocrach i Libherpoll is cóir an milleán a chur fá nach raibh na Gaedhilgeóirí i láthair, acht badh cheart iad bheith ann cibé cé tá cionntach. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services