Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Libherpoll

Title
Feis Libherpoll
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feis Libherpoll.



Bhí Feis ar cois san Picton Hall i Libherpoll
coicthighis ó shoin, agus badh mhaith liom beagán
cunntais a thabhairt uirri. Chuaidh dream dínn
ann ó Sheffield agus bhí daoine i láthair ó
Bhirmingham, ó Mhanchester agus ó áiteachaibh
eile. Ar a shon sin, is tana an sluagh do
bhí ann agus ní thuigim ar chor ar bith cad
fáth nach raibh níos mó daoine i láthair.
Bhí an fheis féin go hálainn. Taobh amuigh
de'n sgríobhneóireacht, bhí na comórtais ar
fheabhas. Thóg Féidhlimidh Ó Cinnéide, ó
Mhanchester, an duais ar an sgríbhneóireacht
a b'fhearr agus thuill sé an duais, acht ba
shuarach an méid daoine do chuir isteach ar an
duais sin agus ní ar fheabhas do bhí an méid sin
féin. Is aisteach an duine é Féidhlimidh. Cha
raibh sé riamh i nÉirinn go dtí an tOireachtas
deireannach agus labhrann sé Gaedhilg amhail
is dá dtógfaidhe as Gaedhilg é. Casadh orm
é i mBaile Átha Cliath an chéad uair riamh ar
chuir sé a chos ar talamh na hÉireann agus bhí
sé a' spreagadh na Gaedhilge chomh tiugh le
ceachtar againn. Thóg sé duais, ag Feis
Libherpoll, ar sgéalaidheacht. Ba mhaith an mhaise
dhó é, ná d'innis sé an sgéal go háluinn dúinn.
Ní chuirfeadh sé iongantas orm dhá sáróchadh sé
ar mhuinntir Bhaile Mhúirne féin ar sgéalaidh-
eacht ag an darna hOireachtas.



Bhí an sgéalaidheacht go maith ag an bhFeis
agus bhí an aithriseóireacht go maith, agus an rinnce agus
an ceól ar fheabhas. Bhí dream mór mac-
léighinn ó Libherpoll, ó Bhootle agus ó Mhanchester
istigh ar chomórtasaibh le haghaidh mac-léighinn
agus siúd is nach bhfuil siad os cionn bliadhna nó
bliadhna go leith ag foghluim na Gaedhilge bhí
fios a ngnótha aca go maith. Is fearr an
t-eólas do bhí aca ar chainnt ná ar léightheóir-
eacht agus is amhlaidh is fearr é. Is cosmhail gur
tré bhéal-oideachas a gheibhíd a gcuid foghluma
agus tá a rian orra, agus gidh go raibh breith-
eamhain ann ó gach uile chúige i nÉirinn bhí
siad uile go han-sásta leis an méid eólais
do bhí ag na macaibh-léighinn ar an teanga.



Bhí rud amháin do thug mé fá deara nar
thaithin liom ar chor ar bith; b'fhíor-bheag an
méid Gaedhilgeóirí do bhí i láthair ag an bhFeis.
Nuair bhíos cruinniughadh Gaedhealach againn i
Sheffield bíonn a leath de an daoinibh bhíos agus
láthair 'n-a nGaedhilgeóiríbh agus tugann an nídh
seo uchtach mór do na daoinibh bhíos ag cainnt
nó ag gabháil cheóil; acht ag Feis Libherpoll
ní dóighthe go raibh os cionn doisín nó fiche
duine i láthair ruith an lae a raibh sean-eólas
aca ar an nGaedhilg. Caithfidh sé go bhfuil na
céadta de Ghaedhilgeóiribh i Libherpoll agus
thart fá'n dúthaigh sin (tá dhá chéad Gaedhilgeóir
againn i Sheffield féin) agus badh cheart iarracht
thréan-mhór do thabhairt le hiad a tharraingt
isteach chúig an bhFeis. Ní mheasaim gur ar
Sheóirse Seartan ná ar Sheaghán Ó Céirsigh ná
ar na daoinibh eile atá ag obair go dian
díocrach i Libherpoll is cóir an milleán a chur
fá nach raibh na Gaedhilgeóirí i láthair, acht badh
cheart iad bheith ann cibé cé tá cionntach.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services