Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gadaidhe Dubh na Slóna
Title
Gadaidhe Dubh na Slóna
Author(s)
Ó Cianaigh, Brian,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gadaidhe Dubh na Slóna (Ceann de shean-sgéaltaibh Dhúin na nGall.) (ar leanamhaint) Tamall beag i ndiaidh 'n mheadhon-oidhche mhúsgail an Gadaidhe iad agus d'innis dóibh nach raibh am ar bith a b'fhusa 'n gearrán a ghoid 'ná nuair a bhí muinntir an chaisleáin 'n-a gcodladh, Thug na prionnsaí isteach go raibh 'n ceart aige, agus tharraing an cheathrar ar an chaisleán, acht nuair tháinig siad céad slat do'n áit a raibh 'n Gearrán, chraith sé é féin, agus mar bhí cloigeanna1 ag crochadh leis mhúsgail an tormán na saigh- diúiri a bhí ag coimeád an chaisleáin. Theich an Gadaidhe agus na prionnsaí, acht ní dheachaidh siad i bhfad gur beireadh orra, agus sáitheadh isteach i bpríosún iad. Lá thar n-a bhárach cuireadh sgéala chuig an rígh (an Ridire Glas), gur beireadh ar cheathrar fear ag goid an Ghearráin Óir, agus d'orduigh sé teine a lasadh ar árdán a bhí 'n-aice an chaisleáin le iad a dhóghadh. Rinneadh sin i mbomaite, agus tháinig an rí é féin le breith báis a thabhairt orra. Bhí mórán uaisle cruin- nighthe, agus déarfá go raibh buaidhreadh ar gach duine ag amharc ar na trí prionnsaí óga dóigheamhla a bhí le cur 'un báis. “Is truagh liom,” arsa'n rí (ag tabhairt aighthe ar an Ghadaidhe) “go mbéidh agam le breith báis a thabhairt ort féin agus ar na prionnsaí óga seo atá in do chuideachta. Is dóigh liom nach mbeadh siad-san annseo ar chor ar bith acht ab é thusa agus ar an ádhbhar sin dóighfear iad-san ar dtús mar gheall ar an phionís is mó a thabhairt duit-se ag amharc orra.” Ceangladh an prionnsa ba sine annsin, agus nuair a bhíthear ag dul dá chathadh sa teinidh, d'éirigh an Gadaidhe 'n-a sheasamh, agus labhair mar leanas: — “A Ridire Ghlais an Ghleanna! is mian liom sul a gcuirfear an prionnsa seo 'un báis a rádh leat go raibh mé féin níos comhgaraighe do'n bhás in mo shaoghal 'ná tá seisean go fóill.” “Dá mbeitheá chomh comhgarach sin do'n bhás,” arsa an rí, “ní bheitheá annseo indiu, acht innis do sgéal agus má mheasaim-se go bhfuil an fhírinne agat bhéarfaidh mé maitheamhnas do'n phrionnsa.” (Ní críoch) Brian Ó Cianaigh 1 = cloigíní
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services