Gadaidhe Dubh na Slóna
(Ceann de shean-sgéaltaibh Dhúin na nGall.)
(ar leanamhaint)
Tamall beag i ndiaidh 'n mheadhon-oidhche
mhúsgail an Gadaidhe iad agus d'innis
dóibh nach raibh am ar bith a b'fhusa 'n
gearrán a ghoid 'ná nuair a bhí muinntir an
chaisleáin 'n-a gcodladh, Thug na prionnsaí
isteach go raibh 'n ceart aige, agus tharraing
an cheathrar ar an chaisleán, acht nuair tháinig
siad céad slat do'n áit a raibh 'n Gearrán,
chraith sé é féin, agus mar bhí cloigeanna1 ag
crochadh leis mhúsgail an tormán na saigh-
diúiri a bhí ag coimeád an chaisleáin. Theich an
Gadaidhe agus na prionnsaí, acht ní dheachaidh
siad i bhfad gur beireadh orra, agus sáitheadh
isteach i bpríosún iad.
Lá thar n-a bhárach cuireadh sgéala chuig an
rígh (an Ridire Glas), gur beireadh ar cheathrar
fear ag goid an Ghearráin Óir, agus d'orduigh
sé teine a lasadh ar árdán a bhí 'n-aice an
chaisleáin le iad a dhóghadh. Rinneadh sin i
mbomaite, agus tháinig an rí é féin le breith
báis a thabhairt orra. Bhí mórán uaisle cruin-
nighthe, agus déarfá go raibh buaidhreadh ar gach
duine ag amharc ar na trí prionnsaí óga
dóigheamhla a bhí le cur 'un báis.
“Is truagh liom,” arsa'n rí (ag tabhairt
aighthe ar an Ghadaidhe) “go mbéidh agam le
breith báis a thabhairt ort féin agus ar na
prionnsaí óga seo atá in do chuideachta. Is
dóigh liom nach mbeadh siad-san annseo ar chor
ar bith acht ab é thusa agus ar an ádhbhar sin
dóighfear iad-san ar dtús mar gheall ar an
phionís is mó a thabhairt duit-se ag amharc orra.”
Ceangladh an prionnsa ba sine annsin, agus
nuair a bhíthear ag dul dá chathadh sa teinidh,
d'éirigh an Gadaidhe 'n-a sheasamh, agus labhair
mar leanas: —
“A Ridire Ghlais an Ghleanna! is mian liom
sul a gcuirfear an prionnsa seo 'un báis a
rádh leat go raibh mé féin níos comhgaraighe do'n
bhás in mo shaoghal 'ná tá seisean go fóill.”
“Dá mbeitheá chomh comhgarach sin do'n bhás,”
arsa an rí, “ní bheitheá annseo indiu, acht innis
do sgéal agus má mheasaim-se go bhfuil an
fhírinne agat bhéarfaidh mé maitheamhnas do'n
phrionnsa.”
(Ní críoch)
Brian Ó Cianaigh
1 = cloigíní
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11