Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéala ó'n Domhan Thoir - An Pápa
Title
Sgéala ó'n Domhan Thoir - An Pápa
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéala ó'n Domhan Thoir. An Pápa Tá éin-sgéal amháin go bhfuilmíd go léir ag fuireach leis le seachtmhain nó dhó; sgéal do chuirfidh cumhadh go daingean ar chroidhe gach Críostaidhe is cuma caidé an pháirt de'n domhan mhór go bhfuil sé 'n-a chomhnaidhe ann; agus sgéal do chuirfidh uamhan ar a bhfuathann cogadh & acharann & ar a ngrádhann síothcháin i measg comharsain; is é sgéal bháis an Phápa an sgéal soin. Ar shon ná fuil an tásg cumhaidh úd le luadh againn fós tá gach deall- ramh air gur gairid uainn é, mar do réir na dtuairisgí do-chímíd ins na páipéiribh ó ló go ló tá ceann oirdhearc an Chreidimh Chaitlicigh i mbéal a bháis & ag fuireach le glaodhach an Tighearna. Is deacair dúinn-ne atá 'n-ár gCaitlicigh cur síos go fuar-chroidheach ar an éacht uathbhásach so. Badh mhí-nádurtha an rud é ag clainn deagh-athar gan bheith lán de chumhadh chroidhe & an deagh-athair céadna sínte go fann lag ar leabaidh a bháis, & gan súil aca go n-éireóghaidh as choidhche. Sin é dálta Chaitlicigh an domhain fé láthair. Tá a nAthair dílis féin — ceann a gCreidimh ar an saoghal so — i mbéal an bháis i gcathair ársaidh na Rómha & ní hiongnadh go bhfuil cumhadh ar a gcroidhthibh dá bharr. Agus ag tagairt do thréithibh Léó a trí- déag ní gábhadh cur síos ortha do Chaitlicighibh mar is maith is eól dóibh cheana a bhfuil déanta aige 'n-a gcóir féin; is maith is eól dóibh a chúramaighe & d'oibrigheadh sé 'n-a leith i gcoinnibh a namhad & lucht an ainchreidimh. Is cuma caidé an áit go mbeadh gábhadh leis na bhfírinne d'innsint & do chur i n-iúil, bhí an Pápa ullamh i gcomhnaidhe. Do labhradh sé amach go dana agus go hughdarásach mar badh chóir a dhéanamh & ní baoghal ná go raibh toradh ar a ghuth. D'éistí leis ní hamháin ins na dúithchí Caitliceacha acht ins na dúithchí do shéan an chreideamh soin leis. Is beag litir a chuir- eadh sé ag triall ar easpuig na heaglaise ná go mbíodh trácht ortha & cur is cúiteamh ar a mbíodh ionnta i bpáipéiribh an domhain go léir. Is minic do labhradh an Pápa ar thaobh síothchána i measg daoine. Bhí an-dúil aige san tsíothcháin, & bhí sé i gcomhnaidhe ag tagairt di 'n-a litreachaibh comhairle, nuair gheibheadh caodh chuige. Taispeánann soin go soiléir a uaisleacht aigne. Cia déarfaidh ná gur bh'fhearr an saoghal d'fheicsint ag druidim chum cinn ar shlighe na macántacht & na carthannacht 'ná daoine bheith lán d'éad & de dhroch-chroidhe dhá chéile? Is fearr ciúineas ná buirbe mhór. Is sia a théidheann an tsíothcháin & an charthannacht 'ná mar a théidheann an formad & an saothar ag bailiughadh maoine saoghalta. Bhí a fhios soin ag an bPápa & d'oibrigh sé dá réir. Do comharligh an mhuinntir féin mar gheall ar na nidhthe seo & ní leigfeadh a mhór-chroidhe dhó gan daoine ná raibh éan-bhaint aige leó do chomhairliughadh chum a leasa mar an gcéadna. Tá mór-chuid mhaitheas déanta ag Léó ó chuireadh i gceannas na heaglaise i gCathaoir Pheadair é. Is dona an crut a bhí ar an Eaglais, dar leis an saoghal, nuair do thoghadh ar Léó chum bheith 'n-a ceann ar an Eaglais annso. Bhí an droch-rath riamh ar an bPápa ciúin naomhtha do tháinig roimhe, Pius a Naoi. D'éirigh muinntir na Rómha féin 'n-a choinnibh. Gramraisg dhroch-aigeantach, ná raibh eagla ortha roim Dhia ná roim dhaoine fé ndeara é. Dheineadh príosúnach de Phius bocht 'n-a phálas féin. Ba chúis gháire & magaidh ag dúithchibh eile an droch-úsáid a bhí ag an bPápa á fhagháil ó n-a mhuinntir féin. Acht nuair tháinig Léó i gceannas do stad ar an ngáire & ar an magadh & ba ghearr go raibh iongnadh ag teacht ar gach éinne fé'n gcuma n-a raibh an Pápa nua ag obair & ag tuilleamh grádh & fomós a mhuinntir féin. Annsoin do mhéaduigh go mór ar an iongnadh nuair do chonnacthas an toradh cuireadh dúithchí iasachta ar ghuth an Phápa. Mar sin féin níor ghéill Léó faic riamh i n-éin-nídh bhain ó phréimh le n-ár gCreideamh. Solaoid air seo is eadh an cuma n-ar dhiúltuigh sé d'Uird Eaglaise Shasana, tá tamall ó shoin ann. Tá gach éinne ag feitheamh le tásg brónach ó'n Róimh. Ní fios cahuin a thiocfaidh sé acht is deallrathach go dtiocfaidh gan moill. Go réidhtighidh Dia roimh an Uasal oirdhearc naomhtha, & grásta Dé chughainn go léir. Tórna. Istoidhche Dia Luain. Tá an Pápa taréis bás d'fhagháil. Tháinig an sgéal brónach gur éag sé ag a ceathair a chlog um thráthnóna Dia Luain. Bhí Cáirdinéil timcheall a leabadh & iad ag go fuidheach agus ní gan adhbhar. Tá sgamall bróin ós cionn na dtíortha Caitliceach agus ní haon iongnadh é. Buaileadh na cloig i mBéil- Feirsde nuair tháinig an sgéala chum cur i n-iúil do na háiteachaibh mór-dtimcheall go raibh an Pápa taréis bháis. Buailfear na cloig sa Róimh i mbáireach (Dia Máirt). Go ndéanaidh Dia na nGrás trócaire ar a anam!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services