Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéala ó'n Domhan Thoir - An Pápa

Title
Sgéala ó'n Domhan Thoir - An Pápa
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgéala ó'n Domhan Thoir.



An Pápa



Tá éin-sgéal amháin go bhfuilmíd go léir ag
fuireach leis le seachtmhain nó dhó; sgéal do
chuirfidh cumhadh go daingean ar chroidhe gach
Críostaidhe is cuma caidé an pháirt de'n
domhan mhór go bhfuil sé 'n-a chomhnaidhe ann;
agus sgéal do chuirfidh uamhan ar a bhfuathann
cogadh & acharann & ar a ngrádhann síothcháin i
measg comharsain; is é sgéal bháis an Phápa
an sgéal soin. Ar shon ná fuil an tásg
cumhaidh úd le luadh againn fós tá gach deall-
ramh air gur gairid uainn é, mar do réir na
dtuairisgí do-chímíd ins na páipéiribh ó ló go
ló tá ceann oirdhearc an Chreidimh Chaitlicigh i
mbéal a bháis & ag fuireach le glaodhach an
Tighearna.



Is deacair dúinn-ne atá 'n-ár gCaitlicigh
cur síos go fuar-chroidheach ar an éacht
uathbhásach so. Badh mhí-nádurtha an rud é ag
clainn deagh-athar gan bheith lán de chumhadh
chroidhe & an deagh-athair céadna sínte go
fann lag ar leabaidh a bháis, & gan súil aca
go n-éireóghaidh as choidhche. Sin é dálta
Chaitlicigh an domhain fé láthair. Tá a nAthair
dílis féin — ceann a gCreidimh ar an saoghal
so — i mbéal an bháis i gcathair ársaidh na
Rómha & ní hiongnadh go bhfuil cumhadh ar a
gcroidhthibh dá bharr.



Agus ag tagairt do thréithibh Léó a trí-
déag ní gábhadh cur síos ortha do Chaitlicighibh
mar is maith is eól dóibh cheana a bhfuil déanta
aige 'n-a gcóir féin; is maith is eól dóibh a
chúramaighe & d'oibrigheadh sé 'n-a leith i gcoinnibh
a namhad & lucht an ainchreidimh. Is cuma
caidé an áit go mbeadh gábhadh leis na
bhfírinne d'innsint & do chur i n-iúil, bhí an
Pápa ullamh i gcomhnaidhe. Do labhradh sé
amach go dana agus go hughdarásach mar badh
chóir a dhéanamh & ní baoghal ná go raibh toradh
ar a ghuth. D'éistí leis ní hamháin ins na
dúithchí Caitliceacha acht ins na dúithchí do shéan
an chreideamh soin leis. Is beag litir a chuir-
eadh sé ag triall ar easpuig na heaglaise ná
go mbíodh trácht ortha & cur is cúiteamh ar a
mbíodh ionnta i bpáipéiribh an domhain go
léir.



Is minic do labhradh an Pápa ar thaobh
síothchána i measg daoine. Bhí an-dúil aige
san tsíothcháin, & bhí sé i gcomhnaidhe ag tagairt
di 'n-a litreachaibh comhairle, nuair gheibheadh
caodh chuige. Taispeánann soin go soiléir a
uaisleacht aigne. Cia déarfaidh ná gur
bh'fhearr an saoghal d'fheicsint ag druidim
chum cinn ar shlighe na macántacht & na
carthannacht 'ná daoine bheith lán d'éad & de
dhroch-chroidhe dhá chéile? Is fearr ciúineas
ná buirbe mhór. Is sia a théidheann an
tsíothcháin & an charthannacht 'ná mar a théidheann
an formad & an saothar ag bailiughadh maoine
saoghalta. Bhí a fhios soin ag an bPápa &
d'oibrigh sé dá réir. Do comharligh an
mhuinntir féin mar gheall ar na nidhthe seo &
ní leigfeadh a mhór-chroidhe dhó gan daoine ná
raibh éan-bhaint aige leó do chomhairliughadh
chum a leasa mar an gcéadna.



Tá mór-chuid mhaitheas déanta ag Léó ó
chuireadh i gceannas na heaglaise i gCathaoir
Pheadair é. Is dona an crut a bhí ar an
Eaglais, dar leis an saoghal, nuair do thoghadh
ar Léó chum bheith 'n-a ceann ar an Eaglais
annso. Bhí an droch-rath riamh ar an bPápa
ciúin naomhtha do tháinig roimhe, Pius a
Naoi. D'éirigh muinntir na Rómha féin 'n-a
choinnibh. Gramraisg dhroch-aigeantach, ná
raibh eagla ortha roim Dhia ná roim dhaoine
fé ndeara é. Dheineadh príosúnach de Phius
bocht 'n-a phálas féin. Ba chúis gháire &
magaidh ag dúithchibh eile an droch-úsáid a bhí
ag an bPápa á fhagháil ó n-a mhuinntir féin.
Acht nuair tháinig Léó i gceannas do stad ar
an ngáire & ar an magadh & ba ghearr go raibh
iongnadh ag teacht ar gach éinne fé'n gcuma
n-a raibh an Pápa nua ag obair & ag tuilleamh
grádh & fomós a mhuinntir féin. Annsoin do
mhéaduigh go mór ar an iongnadh nuair do
chonnacthas an toradh cuireadh dúithchí iasachta
ar ghuth an Phápa. Mar sin féin níor ghéill
Léó faic riamh i n-éin-nídh bhain ó phréimh le
n-ár gCreideamh. Solaoid air seo is eadh an
cuma n-ar dhiúltuigh sé d'Uird Eaglaise
Shasana, tá tamall ó shoin ann.



Tá gach éinne ag feitheamh le tásg brónach
ó'n Róimh. Ní fios cahuin a thiocfaidh sé acht
is deallrathach go dtiocfaidh gan moill.
Go réidhtighidh Dia roimh an Uasal oirdhearc
naomhtha, & grásta Dé chughainn go léir.



Tórna.



Istoidhche Dia Luain.
Tá an Pápa taréis bás d'fhagháil. Tháinig
an sgéal brónach gur éag sé ag a ceathair a
chlog um thráthnóna Dia Luain. Bhí Cáirdinéil
timcheall a leabadh & iad ag go fuidheach
agus ní gan adhbhar. Tá sgamall bróin ós
cionn na dtíortha Caitliceach agus ní haon
iongnadh é. Buaileadh na cloig i mBéil-
Feirsde nuair tháinig an sgéala chum cur i
n-iúil do na háiteachaibh mór-dtimcheall go
raibh an Pápa taréis bháis. Buailfear na
cloig sa Róimh i mbáireach (Dia Máirt). Go
ndéanaidh Dia na nGrás trócaire ar a anam!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services