Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag Déanamh Cleamhnais do Dhonnchadh Mhíchíl.
Title
Ag Déanamh Cleamhnais do Dhonnchadh Mhíchíl.
Author(s)
Cú Chulainn,
Pen Name
Cú Chulainn
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ag Déanamh Cleamhnais do Dhonnchadh Mhíchíl. Do bhí sé a dó dhéag a chluig. Bhí an ghrian ag taithneamh go breágh, agus gach éin- neach i bhfeidhil a ghnótha, acht mar sin féin, an uair sin is eadh a bhí Donnchadh Mhíchíl ag éirghe. Agus ní ró-thapaidh bhí sé 'ghá dhéanamh, leis, mar fear an-leásaidhe a b'eadh é. Bhí cáil codlata go headarshruth aige, agus níor iarr sé riamh ainm níos fearr do thuilleamh, agus bhí a rian air, mar feirmeóir a b'eadh é, agus ní féidir le feirmeóiribh a bheith 'na fhearaibh codlata mar sin. Do bhí Donnchadh ag éirghe an-bhocht. Do bhí saghas measa ag daoinibh air, ámhthach, go háirithe ag na daoinibh óga, mar fear breágh bog réidh a b'eadh é — gídh nach raibh sé an-dathamhail 'na chionnachaibh agus go raibh srón mhór chamtha aige agus béal leathan — agus bhíodh margadh éigin 'ghá dhéanamh aige i gcomhnaidhe. Ní raibh sé pósta fós gídh go raibh sé suas le dhá fhichid bliadhain d'aois de dheasgaibh ainme na scaotharachta agus na codlata a bheith air. Do shuidh sé i n-aice na teineadh nuair d'éirigh sé — nó i n-aice na háite 'nar cheart an teine a bheith, mar bhí sé 'na aonair 'sa tsaoghal agus ní raibh éin-neach aige chum teineadh d'fhadughadh dó — & do chrom sé ar mhachtnamh. Leis sin cé bhuailfeadh isteach chuige acht Cormac na gCleamhnas — fear siubhail a bhí ag déanamh a dhíchill chum cleamhnais do dhéanamh do Dhonnchadh. Do tugadh Cormac na gCleamhnas air, mar b'í a chéard a bheith ag déanamh cleamhnas do dhaoinibh. Do sgeart Cormac ar gáiríbh nuair a chonnaic sé an cuma 'na raibh an fear eile. “Anois d'éirighis,” ar seisean, “agus gach éin-neach 'sa pharóiste ag obair. An fhaid a bheidh tú mar so, ní féidir liom-sa pioc do dhéanamh dhuit. Caithfeadh tabhairt suas díot ar fad. Ní phósfadh éin-neach thú. Tá cáil na leisgeamhalachta ort ar fud Chúige Mumhan. Caithfead an fhírinne innsint duit i ndeireadh na dála.” “Go réidh anois,” ar Donnchadh, “nach mbeadh aon trócaire agat orm agus mé chomh brónach le mnaoi caointe? Nach mbeadh seift éigin agat dom?” “Diabhal seift atá agam dhuit,” ar Cormac, “tá mo dhícheall déanta agam duit. Ní fhuil cailín 'sa pharóiste a phósfadh thú.” Do leig Donnchadh ochón as, agus annsoin do leig sé smota gáire as. Is ar éigin do leig sé an smota gáire as, ámh, mar do bhí brón air dáiríribh anois. Do bhí an tighearna talmhan ag iarraidh a chíosa air agus ní raibh sé aige dhó. Do bhí fiacha eile air leis a chaithfeadh sé íoc. Do shuidh Cormac ar chathaoir agus do rug Donnchadh ar an tlú agus thosnuigh sé ag fadughadh teineadh. “Cad mar gheall ar an máighistreás sgoile atá thuas annsúd 'nár n-aice?” ar Donnchadh. “Ní fhuil Caisleán na Gaoithe acht leath-mhíle ó'n áit seo: — Agus muna bhféadfadh sí an méid sin do shiubhal d'fhéadfainne-se capall do bhreith léi.” “Ní fhéadfá codladh go headarshruth mar sin,” ar Cormac ag gáire. “Acht d'fhéadfadh sí rothar d'fhagháil. Is baoghal liom, ámhthach, nach mbeadh sí sásta.” Do cuireadh cosg leis an gcomhradh annso mar do bhuail buachaill na posta isteach chúcha le litir do Dhonnchadh. Litir ó Americeá do b'eadh í agus bhí dubh ar a himeallaibh. Níor chuir an dubh aon sgannradh ar Dhonnchadh; is amhlaidh do phreab a chroidhe le háthas, mar do bhíodh súil aige i gcomhnaidhe go ngeóbhadh cara éigin aige bás agus go ngeóbhadh sé airgead uaidh. D'osgail sé an litir go tapaidh, acht ní airgead ná eile a bhí innti, acht cúntas go raibh a dheartháir nach raibh i nAmericeá acht bliadhain tar éis bás d'fhagháil. Do léigh sé do Chormac í, agus bhí iongnadh agus fearg air mar do leig Cormac smigeadh gáire as. “Cad chuige an gáire sin?” ar Donnchadh. “Cad a thabharfá-sa dhom, dá ndéanfainn cleamhnas duit leis an máighistreás sgoile úd?” “Do thabharfainn cúig púint,” ar Donnchadh. “Cúig púint! cúig púint! Is breágh an t-airgead é. Tháinig maitheas dúinn ar aon as an litir sin, cé gurab litir brónach í. Cionnas a bheadh an sgéal dá mbeadh sé ins an litir sin go raibh míle púnt le fagháil agat?” Agus do leig Cormac smota gáire as. “D'fhéadfá an cleamhnas do dhéanamh annsoin, is dócha.” ar Donnchadh. “Agus dá ndéarfamaois go raibh roinnt airgid le fagháil agat agus gurab é an t-oncal saidhbhir úd atá agat a fuair bás, nach ndéanfadh sé an gnó?” Do leig Donnchadh smota gáire as anois, & annsoin do sgeartadar ar aon amach ar gháiribh. Gibé cómhrádh a bhí ag an mbeirt 'na dhiaidh seo, ní maith linn é do chur síos annso — dísgréid mhór a b'eadh é. Is féidir leis an leighteóir “buille fá thuairim” do thabhairt faoi, ámh, nuair a 'nósfamaoid cad do thuit amach 'na dhiaidh. An chéad teach eile 'nar ndeachaidh Cormac, bhí sé mar nuaidheacht agus iongnadh an tsaoghail aige ann an t-airgead go léir a bhí le fagháil ag Donnchadh Mhíchíl ó Americeá; go raibh a oncal tar éis bás d'fhagháil. D'innis sé an sgéal céadna i ngach tigh 'sa pharóiste, acht ní dheachaidh sé ag triall ar an máighis- treás sgoile i n-aon chor. Do bhí an sgéal mar cúrsaidhe cainte ag na daoinibh annsoin, agus é ag dul ó bhéal go béal; agus do réir mar bhí sé ag dul ó bhéal go béal do bhí na daoine ag éirghe níos cinnte dhe i gcómhnaidhe. I gceann seachtmhaine do casadh Cormac agus an mhaighistreás sgoile ar a chéile. Cailín (nó bean) deas grádhmhar do b'eadh an mháighistreás sgoile, acht bhí sí imthighthe
i n-aois beagáinín. Do thaithnigh Donnchadh Mhíchíl leí i gcómhnaidhe mar “duine uasal” le féachaint air a b'eadh é sin; bhíodh éadach deas air i gcómhnaidhe, agus bhí blas aige ar an dteangaidh chruinn Bhéarla a bhí aige nach mbeadh súil agat le n-a leithéid a bheith ag feirmeóir. Ní phósfadh sí é, ámh, mar níor thaithnigh a leisgeamhalacht ná a bhochtanacht léi. Do chuir an ráfla a bhí ag gabháil timcheall mar gheall ar an airgead a bheith ag teacht chuige ó Americeá athrughadh ar a haigne, ámh, agus bhí sí cíocrach chum sgéil do chloisint ó Chormac. Tar éis beannuighthe dá chéile d'fhiafruigh sí dhe arbh' fhíor an ráfla mar gheall ar Dhonnchadh Mhíchíl. “Am basa gurab fíor,” ar Chormac. “Chonaic féin an litir ó Americeá, ó'n bhfear dlighe a sgríobh a uadhacht do'n oncal, agus bhí sé innti gur fhág an t-oncal cúig céad déag púnt 'na dhiaidh agus gheóbhaidh Donnchadh é go léir.” Do casadh Donnchadh uirri an tráthnóna 'na dhiaidh sin; agus ó bhíodar ar aon ag gabháil an bóthar céadna do b'fhéidir leó cómhrádh a bheith ar a socracht aca. Ní maith linn a bheith ag baint le haon chómhrádh a bheadh idir cailín agus fear óg & ní chuirfimíd síos annso é. Déanfaidh sé an gnó dhúinn a innsint gur pósadh iad i gceann míosa agus go bhfuair Cormac a chúig púint. Níorbh' fhéidir linn dhá fhagháil amach cionnus bhí an sgéal aca nuair a fuair an máighis- treás sgoile a dearmad amach agus is cuma linn leis. Is dócha gurab féidir le mnaoi beart mar é sin do mhaitheadh dá fear gan duadh. Cú Chulainn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services