Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ag Déanamh Cleamhnais do Dhonnchadh Mhíchíl.

Title
Ag Déanamh Cleamhnais do Dhonnchadh Mhíchíl.
Author(s)
Cú Chulainn,
Pen Name
Cú Chulainn
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ag Déanamh Cleamhnais do
Dhonnchadh Mhíchíl.



Do bhí sé a dó dhéag a chluig. Bhí an ghrian
ag taithneamh go breágh, agus gach éin-
neach i bhfeidhil a ghnótha, acht mar sin féin, an
uair sin is eadh a bhí Donnchadh Mhíchíl ag éirghe.
Agus ní ró-thapaidh bhí sé 'ghá dhéanamh, leis,
mar fear an-leásaidhe a b'eadh é. Bhí cáil
codlata go headarshruth aige, agus níor iarr
sé riamh ainm níos fearr do thuilleamh, agus
bhí a rian air, mar feirmeóir a b'eadh é, agus
ní féidir le feirmeóiribh a bheith 'na fhearaibh
codlata mar sin. Do bhí Donnchadh ag éirghe
an-bhocht. Do bhí saghas measa ag daoinibh air,
ámhthach, go háirithe ag na daoinibh óga, mar
fear breágh bog réidh a b'eadh é — gídh nach
raibh sé an-dathamhail 'na chionnachaibh agus go
raibh srón mhór chamtha aige agus béal leathan
— agus bhíodh margadh éigin 'ghá dhéanamh aige
i gcomhnaidhe. Ní raibh sé pósta fós gídh go
raibh sé suas le dhá fhichid bliadhain d'aois de
dheasgaibh ainme na scaotharachta agus na
codlata a bheith air.



Do shuidh sé i n-aice na teineadh nuair
d'éirigh sé — nó i n-aice na háite 'nar cheart an
teine a bheith, mar bhí sé 'na aonair 'sa tsaoghal
agus ní raibh éin-neach aige chum teineadh
d'fhadughadh dó — & do chrom sé ar mhachtnamh.
Leis sin cé bhuailfeadh isteach chuige acht
Cormac na gCleamhnas — fear siubhail a bhí ag
déanamh a dhíchill chum cleamhnais do dhéanamh
do Dhonnchadh. Do tugadh Cormac na
gCleamhnas air, mar b'í a chéard a bheith
ag déanamh cleamhnas do dhaoinibh.



Do sgeart Cormac ar gáiríbh nuair a
chonnaic sé an cuma 'na raibh an fear eile.



“Anois d'éirighis,” ar seisean, “agus gach
éin-neach 'sa pharóiste ag obair. An fhaid a
bheidh tú mar so, ní féidir liom-sa pioc do
dhéanamh dhuit. Caithfeadh tabhairt suas díot
ar fad. Ní phósfadh éin-neach thú. Tá cáil na
leisgeamhalachta ort ar fud Chúige Mumhan.
Caithfead an fhírinne innsint duit i ndeireadh
na dála.”



“Go réidh anois,” ar Donnchadh, “nach
mbeadh aon trócaire agat orm agus mé chomh
brónach le mnaoi caointe? Nach mbeadh
seift éigin agat dom?”



“Diabhal seift atá agam dhuit,” ar Cormac,
“tá mo dhícheall déanta agam duit. Ní fhuil
cailín 'sa pharóiste a phósfadh thú.”



Do leig Donnchadh ochón as, agus annsoin
do leig sé smota gáire as. Is ar éigin do
leig sé an smota gáire as, ámh, mar do bhí
brón air dáiríribh anois. Do bhí an tighearna
talmhan ag iarraidh a chíosa air agus ní raibh
sé aige dhó. Do bhí fiacha eile air leis a
chaithfeadh sé íoc.



Do shuidh Cormac ar chathaoir agus do rug
Donnchadh ar an tlú agus thosnuigh sé ag
fadughadh teineadh.



“Cad mar gheall ar an máighistreás sgoile
atá thuas annsúd 'nár n-aice?” ar Donnchadh.
“Ní fhuil Caisleán na Gaoithe acht leath-mhíle
ó'n áit seo: — Agus muna bhféadfadh sí an
méid sin do shiubhal d'fhéadfainne-se capall do
bhreith léi.”



“Ní fhéadfá codladh go headarshruth mar
sin,” ar Cormac ag gáire. “Acht d'fhéadfadh
sí rothar d'fhagháil. Is baoghal liom, ámhthach,
nach mbeadh sí sásta.”



Do cuireadh cosg leis an gcomhradh annso
mar do bhuail buachaill na posta isteach chúcha
le litir do Dhonnchadh. Litir ó Americeá do
b'eadh í agus bhí dubh ar a himeallaibh. Níor
chuir an dubh aon sgannradh ar Dhonnchadh; is
amhlaidh do phreab a chroidhe le háthas, mar do
bhíodh súil aige i gcomhnaidhe go ngeóbhadh cara
éigin aige bás agus go ngeóbhadh sé airgead
uaidh.



D'osgail sé an litir go tapaidh, acht ní
airgead ná eile a bhí innti, acht cúntas go
raibh a dheartháir nach raibh i nAmericeá acht
bliadhain tar éis bás d'fhagháil. Do léigh sé
do Chormac í, agus bhí iongnadh agus fearg air
mar do leig Cormac smigeadh gáire as.



“Cad chuige an gáire sin?” ar Donnchadh.



“Cad a thabharfá-sa dhom, dá ndéanfainn
cleamhnas duit leis an máighistreás sgoile
úd?”



“Do thabharfainn cúig púint,” ar Donnchadh.



“Cúig púint! cúig púint! Is breágh an
t-airgead é. Tháinig maitheas dúinn ar aon as
an litir sin, cé gurab litir brónach í.
Cionnas a bheadh an sgéal dá mbeadh sé ins an
litir sin go raibh míle púnt le fagháil agat?”
Agus do leig Cormac smota gáire as.



“D'fhéadfá an cleamhnas do dhéanamh
annsoin, is dócha.” ar Donnchadh.



“Agus dá ndéarfamaois go raibh roinnt
airgid le fagháil agat agus gurab é an
t-oncal saidhbhir úd atá agat a fuair bás, nach
ndéanfadh sé an gnó?”



Do leig Donnchadh smota gáire as anois, &
annsoin do sgeartadar ar aon amach ar
gháiribh.



Gibé cómhrádh a bhí ag an mbeirt 'na dhiaidh
seo, ní maith linn é do chur síos annso —
dísgréid mhór a b'eadh é. Is féidir leis an
leighteóir “buille fá thuairim” do thabhairt
faoi, ámh, nuair a 'nósfamaoid cad do thuit
amach 'na dhiaidh.



An chéad teach eile 'nar ndeachaidh Cormac,
bhí sé mar nuaidheacht agus iongnadh an
tsaoghail aige ann an t-airgead go léir a bhí
le fagháil ag Donnchadh Mhíchíl ó Americeá; go
raibh a oncal tar éis bás d'fhagháil. D'innis
sé an sgéal céadna i ngach tigh 'sa pharóiste,
acht ní dheachaidh sé ag triall ar an máighis-
treás sgoile i n-aon chor.



Do bhí an sgéal mar cúrsaidhe cainte ag na
daoinibh annsoin, agus é ag dul ó bhéal go
béal; agus do réir mar bhí sé ag dul ó bhéal
go béal do bhí na daoine ag éirghe níos cinnte
dhe i gcómhnaidhe.



I gceann seachtmhaine do casadh Cormac
agus an mhaighistreás sgoile ar a chéile.



Cailín (nó bean) deas grádhmhar do b'eadh
an mháighistreás sgoile, acht bhí sí imthighthe


L. 2


i n-aois beagáinín. Do thaithnigh Donnchadh
Mhíchíl leí i gcómhnaidhe mar “duine uasal”
le féachaint air a b'eadh é sin; bhíodh éadach deas
air i gcómhnaidhe, agus bhí blas aige ar an
dteangaidh chruinn Bhéarla a bhí aige nach mbeadh
súil agat le n-a leithéid a bheith ag feirmeóir.
Ní phósfadh sí é, ámh, mar níor thaithnigh a
leisgeamhalacht ná a bhochtanacht léi. Do chuir
an ráfla a bhí ag gabháil timcheall mar gheall
ar an airgead a bheith ag teacht chuige ó
Americeá athrughadh ar a haigne, ámh, agus bhí
sí cíocrach chum sgéil do chloisint ó Chormac.
Tar éis beannuighthe dá chéile d'fhiafruigh sí
dhe arbh' fhíor an ráfla mar gheall ar Dhonnchadh
Mhíchíl.



“Am basa gurab fíor,” ar Chormac.
“Chonaic féin an litir ó Americeá, ó'n bhfear
dlighe a sgríobh a uadhacht do'n oncal, agus bhí
sé innti gur fhág an t-oncal cúig céad déag
púnt 'na dhiaidh agus gheóbhaidh Donnchadh é go
léir.”



Do casadh Donnchadh uirri an tráthnóna
'na dhiaidh sin; agus ó bhíodar ar aon ag
gabháil an bóthar céadna do b'fhéidir leó
cómhrádh a bheith ar a socracht aca.



Ní maith linn a bheith ag baint le haon
chómhrádh a bheadh idir cailín agus fear óg &
ní chuirfimíd síos annso é. Déanfaidh sé an
gnó dhúinn a innsint gur pósadh iad i gceann
míosa agus go bhfuair Cormac a chúig púint.
Níorbh' fhéidir linn dhá fhagháil amach cionnus
bhí an sgéal aca nuair a fuair an máighis-
treás sgoile a dearmad amach agus is cuma
linn leis. Is dócha gurab féidir le mnaoi
beart mar é sin do mhaitheadh dá fear gan
duadh.



Cú Chulainn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services