Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal - II. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas.
Title
Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal - II. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal II. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas. Tríochadh bliadhain tar éis Catha Maighe Tuireadh Theas — .i. i mbliadhain an domhain 3333 — tugadh Cath Maighe Tuireadh Thuaidh, nó Maighe Tuireadh na bhFomhórach, mar is iad na Fomhóraigh thug an cath sin do Thuathaibh Dé Danann. Bhí Breas, .i. gaisgidheach do Thuatha Dé Danann, ina fhear-ionaid do Rígh muinn- tire Danann tráth bhí an rí féin, .i. Nuadha, breóidhte go bhfuair sé an lámh airgid do chum Diancheacht dó. Ar dteacht ar ais do'n rígh, díbreadh Breas ar an thíorántas & a dhí-fhéile, & d'imthigh sé leis go dtí a athair, Elatha i Loch- lainn, do bhí in a rígh ar na Fomhórchaibh, daoine borba do bhí in a bhfoghluidhthibh & in a gcreach- adóiribh ar muir. D'iarr Breas ar a athair loingeas do ghléasadh dhó agus sluagh de na Fomhóraibh go n-imreóchadh sé díoghaltas ar Thuathaibh Dé Danann agus Éire do ghabháil dó féin & do na Fomhóraibh mar fearann lainn. D'aontuigh Elatha iad so a thabhairt dó, agus gléasadh cabhlach mór loingeasa agus sluagh mór Fomhórach faoi stiúir Breasa go ráng- adar Éire. Is iad na taoiseacha tánaoiste do bhí leis acht Balor Súil-nimhneach, rí na nOil- eán, agus Indeach mac Dé-Domhnann; agus bhailigheadar a raibh de longaibh aca ó Thír Sorcha & Iorruaidhe siar, & ba hé líon a loing- easa gur shroicheadar ó oileánaibh Alban siar go ndeachaidh i gcaladhphort i nÉirinn ar nós droichid. Thángadar na Fomhóraigh i dtír, & ghluaiseadar leó go dtí magh ar a dtugtar Magh Tuireadh Thuaidh ó shoin. Is i gConndae Sligigh, i mBarúntacht Tíríril, atá an mhagh sin. Thógadar longphort & daingean annsúd, agus chuir a slán fá Thuathaibh Dé Danann. Cha dearnadar Tuatha Dé Danann moill fá dhul in a gcoinne. Bhí Nuadha Airgeadláimh in a rígh orra go seadh, & bhí mar gaisgidheachaibh aige an Daghda Mór, Ógma Grian-ameach, & mórán gaisgidheach eile. Acht ba hé Lugh mac Céin mac Diancheachta an laoch ba chalma do bhí aca. Bhí sé tar éis filleadh ó'n Domhan Thoir an uair seo, & ní raibh cleas gaisgidhigh ann nach raibh aige. Is ar an ádhbhar sin d'ainmnigh Nuadha é mar taoiseach ar an arm uile. Tráth bhíodar gléasta le haghaidh an chatha sgairt Lugh ar a ghabhainn, Goibniu, agus d'fhiafruigh de cad do thiocfadh leis a dhéanamh le cabhair a thabhairt dó i n-aghaidh a námhad. “Tá,” arsa Goibniu, “má leanaid fir Éireann do'n chath ar feadh seacht mbliadhna, níl sleagh a thuitfeas dá chois & níl claidheamh a bhéas briste nach dtig liom-sa ceann nua do chur ina ionad; & ní rachaidh urchar amudha de mo chuid sleagh-sa acht go n-imreochaidh sé bás ar an té a bhuailfeas sé, rud nach féidir le Dubh, .i. gabha na bhFormhórach, do dhéanamh.” “Goidé dhéanfas tusa ar ár son, a Chreid- ne?” ar Lugh le n-a chéard. “Ní bhéidh easba drithleann nó dornchur le haghaidh bhur gcuid sleagh,” arsa Creidne, “nó easba cnap nó imeall le haghaidh bhur gcuid sgiath.” “Agus tusa, a Luchtine?” arsa Lugh le n-a shaor adhmaid. “Déanfad go léor sgiath & cos sleagh,” arsa Luchtine. Cheistnigh sé mar an gcéadna a gcuid liaigh, a lucht draoidheacht agus doilbhe, a ndáile, a draoithe & a aos dána go léir, & thairgeadar a gcuid eólais & céardaidheacht dó. Acht b'é an fear is mó cabhair ins an gcath sin Dian- cheacht, a liaigh, mar chruinnigh sé féin agus a inghean, Octriúil, & a dhá mhac, Armeadh agus Mioch, luibheanna bríoghmhara ar mhaghaibh Éir- eann, acht go háirithe i Lus-mhaigh, & bheirbhigh iad go ndearnadar falchadh nó fothrughadh, & chanadar brioctha agus draoidheacht ós a chionn go ndearnadar íoc-uisge, &, chomh fada is bhí an cath ar siubhal, nuair thuitfeadh laoch de lucht Tuatha Dé Danann, thógfadh siad é agus bhéarfadh leó go dtumfadh siad é 'san íoc- uisge, agus ar n-a bhárach bhéadh sé ag troid go slán folláin arís. Níor bh'fhéidir le na fomh- órchaibh seasamh i n-aghaidh céardaidheachta agus ealadhna & draoidheachta Tuatha Dé Danann, & briseadh an cath orra. Acht ní gan cúitiughadh. D'osgail Balar a shúil nimhneach gur mharbh sé Nuadha léithi & an bhainríoghan Macha fosda. Ar bhfeicsin seo do Lugh, dhruid sé isteach le Balor, &, nuair d'osgail sé a shúil arís, shaith Lugh a shleagh innti gur chuir sé amach ar chúl a chinn í. Marbhadh cuid mór de na Fomhórchaibh agus rinne an chuid eile díobh ar a longaibh, & as go bráthach leó. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services