Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal - II. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas.

Title
Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal - II. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal



II. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas.



Tríochadh bliadhain tar éis Catha Maighe
Tuireadh Theas — .i. i mbliadhain an domhain
3333 — tugadh Cath Maighe Tuireadh Thuaidh, nó
Maighe Tuireadh na bhFomhórach, mar is iad na
Fomhóraigh thug an cath sin do Thuathaibh Dé
Danann. Bhí Breas, .i. gaisgidheach do Thuatha
Dé Danann, ina fhear-ionaid do Rígh muinn-
tire Danann tráth bhí an rí féin, .i. Nuadha,
breóidhte go bhfuair sé an lámh airgid do chum
Diancheacht dó. Ar dteacht ar ais do'n rígh,
díbreadh Breas ar an thíorántas & a dhí-fhéile, &
d'imthigh sé leis go dtí a athair, Elatha i Loch-
lainn, do bhí in a rígh ar na Fomhórchaibh, daoine
borba do bhí in a bhfoghluidhthibh & in a gcreach-
adóiribh ar muir. D'iarr Breas ar a athair
loingeas do ghléasadh dhó agus sluagh de na
Fomhóraibh go n-imreóchadh sé díoghaltas ar
Thuathaibh Dé Danann agus Éire do ghabháil dó
féin & do na Fomhóraibh mar fearann lainn.
D'aontuigh Elatha iad so a thabhairt dó, agus
gléasadh cabhlach mór loingeasa agus sluagh
mór Fomhórach faoi stiúir Breasa go ráng-
adar Éire. Is iad na taoiseacha tánaoiste do
bhí leis acht Balor Súil-nimhneach, rí na nOil-
eán, agus Indeach mac Dé-Domhnann; agus
bhailigheadar a raibh de longaibh aca ó Thír
Sorcha & Iorruaidhe siar, & ba hé líon a loing-
easa gur shroicheadar ó oileánaibh Alban siar
go ndeachaidh i gcaladhphort i nÉirinn ar nós
droichid. Thángadar na Fomhóraigh i dtír, &
ghluaiseadar leó go dtí magh ar a dtugtar
Magh Tuireadh Thuaidh ó shoin. Is i gConndae
Sligigh, i mBarúntacht Tíríril, atá an mhagh sin.
Thógadar longphort & daingean annsúd, agus
chuir a slán fá Thuathaibh Dé Danann.



Cha dearnadar Tuatha Dé Danann moill fá
dhul in a gcoinne. Bhí Nuadha Airgeadláimh in
a rígh orra go seadh, & bhí mar gaisgidheachaibh
aige an Daghda Mór, Ógma Grian-ameach, &
mórán gaisgidheach eile. Acht ba hé Lugh mac
Céin mac Diancheachta an laoch ba chalma do
bhí aca. Bhí sé tar éis filleadh ó'n Domhan
Thoir an uair seo, & ní raibh cleas gaisgidhigh
ann nach raibh aige. Is ar an ádhbhar sin
d'ainmnigh Nuadha é mar taoiseach ar an arm
uile. Tráth bhíodar gléasta le haghaidh an
chatha sgairt Lugh ar a ghabhainn, Goibniu, agus
d'fhiafruigh de cad do thiocfadh leis a dhéanamh
le cabhair a thabhairt dó i n-aghaidh a námhad.



“Tá,” arsa Goibniu, “má leanaid fir
Éireann do'n chath ar feadh seacht mbliadhna,
níl sleagh a thuitfeas dá chois & níl claidheamh a
bhéas briste nach dtig liom-sa ceann nua do
chur ina ionad; & ní rachaidh urchar amudha de
mo chuid sleagh-sa acht go n-imreochaidh sé bás
ar an té a bhuailfeas sé, rud nach féidir le
Dubh, .i. gabha na bhFormhórach, do dhéanamh.”



“Goidé dhéanfas tusa ar ár son, a Chreid-
ne?” ar Lugh le n-a chéard.



“Ní bhéidh easba drithleann nó dornchur le
haghaidh bhur gcuid sleagh,” arsa Creidne,
“nó easba cnap nó imeall le haghaidh bhur
gcuid sgiath.”



“Agus tusa, a Luchtine?” arsa Lugh le n-a
shaor adhmaid.



“Déanfad go léor sgiath & cos sleagh,”
arsa Luchtine.



Cheistnigh sé mar an gcéadna a gcuid liaigh,
a lucht draoidheacht agus doilbhe, a ndáile, a
draoithe & a aos dána go léir, & thairgeadar
a gcuid eólais & céardaidheacht dó. Acht b'é
an fear is mó cabhair ins an gcath sin Dian-
cheacht, a liaigh, mar chruinnigh sé féin agus a
inghean, Octriúil, & a dhá mhac, Armeadh agus
Mioch, luibheanna bríoghmhara ar mhaghaibh Éir-
eann, acht go háirithe i Lus-mhaigh, & bheirbhigh
iad go ndearnadar falchadh nó fothrughadh, &
chanadar brioctha agus draoidheacht ós a chionn
go ndearnadar íoc-uisge, &, chomh fada is
bhí an cath ar siubhal, nuair thuitfeadh laoch de
lucht Tuatha Dé Danann, thógfadh siad é agus
bhéarfadh leó go dtumfadh siad é 'san íoc-
uisge, agus ar n-a bhárach bhéadh sé ag troid go
slán folláin arís. Níor bh'fhéidir le na fomh-
órchaibh seasamh i n-aghaidh céardaidheachta agus
ealadhna & draoidheachta Tuatha Dé Danann, &
briseadh an cath orra. Acht ní gan cúitiughadh.
D'osgail Balar a shúil nimhneach gur mharbh sé
Nuadha léithi & an bhainríoghan Macha fosda.
Ar bhfeicsin seo do Lugh, dhruid sé isteach le
Balor, &, nuair d'osgail sé a shúil arís, shaith
Lugh a shleagh innti gur chuir sé amach ar chúl a
chinn í. Marbhadh cuid mór de na Fomhórchaibh
agus rinne an chuid eile díobh ar a longaibh, &
as go bráthach leó.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services