Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imtheacht na nGaedheal
Title
Imtheacht na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 11, 1903 Imtheacht na nGaedheal Níl aon chall a rádh faoi seo go bhfuil na daoine ag imtheacht go tréan as an tír fós cheal gan slighe bheatha bheith le fagháil aca 'sa' mbaile. Ní'l duine a chuireas suim 'sa' tír nach bhfuil fios ar an sgéal sin aige, agus cé gur mór an sgéal Éireannach ar bith ar dhíoghbháil slighe mhaireachtain ina thír féin ní leath cás Béarlóirí le hais Gaedhil- geóirí. Gan a dhul níos fuide leis an éagcaoine, ní misde féachaint an bhfuil aon leigheas ar an sgéal. Tá dhá leigheas air: ceann mór coit- cheannta, a bhaineas le Riaghaltas na tíre, & leigheas beag, ó'n láimh go dtí an béal, mar déarfá; leigheas a d'fhéadfaidhe a dhéanamh dhá mbéadh gan Riaghaltas a bheith níos goire ná an Domhan Thoir dhúinn. Acht fá cheist leigheas an Riaghaltais. Duine ar bith atá i gcleitheamhnas, toradh na talmhan chomh mór & atámuid-ne badh cheart an talamh do roinnt i gcaoi is go bhféadfadh gach uile thalamhaidhe i nÉirinn beatha a bhaint as. Tá iarracht dhá dhéanamh ar rud éigin mar so fá láthair, & ní móide aon aimhréidh eile 'chur ar an gcúis sin le cainnt. Acht duine nó fuireann daoine a thiubhras fá thír a stiúradh, tá sé de riachtanas orra na daoine a chur ar shlighe chothuighthe. Muna ndéanaidh siad sin is beag an mhaith dhóibh a bheith i n-ainm is a bheith ag stiúradh. I dteannta na talmhan atá ag cothughadh furmhór na ndaoine badh cheart freisin muillte do chur ar bun. Tá beirt do lucht an airgid i nÉirinn anois ar tí gléas a chur ar bun le earraí d'iomchar ó áit go háit, níos saoire ná táthar ghá dheánamh anois. Nár bh'fhoghantach an rud é dá gcuirfeadh beirt eile mar iad-san muillte ar bun le leathar a dhéanamh — tá neart croicne beithigheach 'san tír — nó le leath-chéad rud eile a thagas thar fairrge chugainn a dhéanamh? Muna ndéanaidh a leithéidí-sean é béidh sé gan déanamh, agus má ghníonn siad é agus Gaedhilgeóirí a thógáil isteach mar phrindíseacha is buille ar aghaidh é. Muna ndéantar rud éigin do'n tsórt sin ní'l mórán maitheasa bheith ag truthán le leas a dhéanamh ar Ghaedhilgeórí muna bhfuil corr- dhuine sé nó seachráin ann. Nuair a theas- tuigheas prindíseach ó fhear gnótha nó mhuil- neóir nó ó chlódóir badh chóir dó fios a chur ar Ghaedhilgeóir, sgurthach a labhairfeadh an Ghaedhilg do bhrígh nach mbéadh neart aige air. Cé mhéad prindíseach a glactar i mBaile Átha Cliath ar feadh na bliadhna? Dá mbadh Gaedhilgeóirí ar fad iad cé mar bhéadh an sgéal? Tá sé chomh maith dhuit do bhéal a choinneáil ar a chéile le bheith ag iarraidh ar dhaoine atá gan slighe chothuighthe, acht atá luath láidir, lán do chroidhe & do mhisneach, gan imtheacht thar lear le n-a mbeatha do shaothrughadh. Acht tairg rud éigin dóibh le déanamh, tabhair oideachas, & sgoláireacht & foghluim dóibh (agus is oideachas céardaidheachta an rud is géire a cheartuigheas uatha) & annsin déanfair leas dóibh. Ná bí go síorraidhe ag clamhsán, acht déan rud éigin. Luaidhtear go minic rud ar foghnadh, acht is cosmhail nach bhfuil éinneach ann le n-a dhéanamh, & tá a ghlór caithte i n-aisge ag an gcainteóir. Nár raibh sé i gcomhnaidhe mar sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services