Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imtheacht na nGaedheal

Title
Imtheacht na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Aibreán 11, 1903



Imtheacht na nGaedheal



Níl aon chall a rádh faoi seo go bhfuil na
daoine ag imtheacht go tréan as an tír
fós cheal gan slighe bheatha bheith le fagháil aca
'sa' mbaile. Ní'l duine a chuireas suim 'sa'
tír nach bhfuil fios ar an sgéal sin aige, agus
cé gur mór an sgéal Éireannach ar bith
ar dhíoghbháil slighe mhaireachtain ina thír
féin ní leath cás Béarlóirí le hais Gaedhil-
geóirí.



Gan a dhul níos fuide leis an éagcaoine, ní
misde féachaint an bhfuil aon leigheas ar an
sgéal. Tá dhá leigheas air: ceann mór coit-
cheannta, a bhaineas le Riaghaltas na tíre, &
leigheas beag, ó'n láimh go dtí an béal, mar
déarfá; leigheas a d'fhéadfaidhe a dhéanamh dhá
mbéadh gan Riaghaltas a bheith níos goire ná an
Domhan Thoir dhúinn.



Acht fá cheist leigheas an Riaghaltais. Duine
ar bith atá i gcleitheamhnas, toradh na talmhan
chomh mór & atámuid-ne badh cheart an talamh
do roinnt i gcaoi is go bhféadfadh gach uile
thalamhaidhe i nÉirinn beatha a bhaint as. Tá
iarracht dhá dhéanamh ar rud éigin mar so fá
láthair, & ní móide aon aimhréidh eile 'chur ar
an gcúis sin le cainnt. Acht duine nó
fuireann daoine a thiubhras fá thír a stiúradh,
tá sé de riachtanas orra na daoine a chur ar
shlighe chothuighthe. Muna ndéanaidh siad sin is
beag an mhaith dhóibh a bheith i n-ainm is a bheith
ag stiúradh.



I dteannta na talmhan atá ag cothughadh
furmhór na ndaoine badh cheart freisin
muillte do chur ar bun. Tá beirt do lucht an
airgid i nÉirinn anois ar tí gléas a chur ar
bun le earraí d'iomchar ó áit go háit, níos
saoire ná táthar ghá dheánamh anois. Nár
bh'fhoghantach an rud é dá gcuirfeadh beirt eile
mar iad-san muillte ar bun le leathar a
dhéanamh — tá neart croicne beithigheach 'san
tír — nó le leath-chéad rud eile a thagas thar
fairrge chugainn a dhéanamh? Muna ndéanaidh
a leithéidí-sean é béidh sé gan déanamh, agus
má ghníonn siad é agus Gaedhilgeóirí a thógáil
isteach mar phrindíseacha is buille ar aghaidh é.
Muna ndéantar rud éigin do'n tsórt sin
ní'l mórán maitheasa bheith ag truthán le leas
a dhéanamh ar Ghaedhilgeórí muna bhfuil corr-
dhuine sé nó seachráin ann. Nuair a theas-
tuigheas prindíseach ó fhear gnótha nó mhuil-
neóir nó ó chlódóir badh chóir dó fios a chur ar
Ghaedhilgeóir, sgurthach a labhairfeadh an
Ghaedhilg do bhrígh nach mbéadh neart aige air.
Cé mhéad prindíseach a glactar i mBaile Átha
Cliath ar feadh na bliadhna? Dá mbadh
Gaedhilgeóirí ar fad iad cé mar bhéadh an
sgéal?



Tá sé chomh maith dhuit do bhéal a choinneáil
ar a chéile le bheith ag iarraidh ar dhaoine atá
gan slighe chothuighthe, acht atá luath láidir, lán
do chroidhe & do mhisneach, gan imtheacht thar
lear le n-a mbeatha do shaothrughadh. Acht
tairg rud éigin dóibh le déanamh, tabhair
oideachas, & sgoláireacht & foghluim dóibh (agus
is oideachas céardaidheachta an rud is géire a
cheartuigheas uatha) & annsin déanfair leas
dóibh. Ná bí go síorraidhe ag clamhsán, acht
déan rud éigin. Luaidhtear go minic rud ar
foghnadh, acht is cosmhail nach bhfuil éinneach ann
le n-a dhéanamh, & tá a ghlór caithte i n-aisge
ag an gcainteóir. Nár raibh sé i gcomhnaidhe
mar sin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services