Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal - I. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas.
Title
Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal - I. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal I. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas. Ar dteacht do Thuatha Dé Dannann i nÉirinn losgadar a loingeas, mar nach raibh rún filleadh ar ais aca, & ghluaiseadar leó go dtí Maigh Réin ('san duthaigh ar a tugadh Breifní Uí Ruairc i n-a dhiaidh sin). Thógadar long- phort & daingean annsúd & thaisbeánadar iad féin do mhuinntir na tíre .i. do na Fearaibh Bolg do bhí mar áitightheóiribh i nÉirinn an uair sin. Chuir Rí na bhFear mBolg gaisgidh- each dá mhuinntir, dar bh'ainm Sreang, mar spíodóir féachaint goidé an cineál daoine iad seo a tháinig ar tír i nÉirinn, & goidé an gleás troda do bhí aca. Thug lucht coimhéada Tuatha De Danann fá deara an gaisgidheach ag teacht, & chuireadar curadh dá gcuid féin, .i. Breas, i n-a airicis. Chuadar d'ionnsaidhe a chéile go haireach & go mall, & nuair tháng- adar comhgarach dá chéile, chuir gach duine aca cos a sgéithe go dian sa dtalamh, i modh gur rinne a sgiath díon dá chorp, & chuir goic air féin os cionn rinn an sgéithe, féachaint ar a námhaid. Labhair Breas ar dtúis, & ba mhór an t-ion- gnadh do bhí ar Shreang nuair chuala sé é ag spreagadh na sean-Ghaedhilge, óir ba hí an Ghaedhilg do bhí mar theagnain ag an dá chineadh úd & bhí sean-ghaol eatorra. Spíon- adar & sgrúduigheadar a gcuid airm ar gach taoibh, agus ba mhór an deithbhir amh, do bhí eatorra, mar bhí dhá shleagh troma reamhra maola ag Sreang ar nós na bhFear mBolg; & bhí dhá shleagh deasa tana fada géara ag Breas ar nós Tuatha De Danann. Dubhairt Breas le Sreang gur bhfeirrde dhóibh Éire do roinnt i n-a dá leith, & gach cineadh de'n dá chineadh leath di do ghabháil, agus do choimeád i n-aghaidh sleachta ar bith eile do thiocfadh innti; acht níor bh'fhéidir le Sreang freagra do thabhairt ar an dtairgsin seo gan cead ó n-a rígh féin. Snaidhm an dá ghaisgidheach coingheall comh-cháirdeasa eatorra féin, d'fhágadar slán ag n-a chéile agus ghluaiseadar leó 'na bhaile. Nuair fuair Rí an bhFear mBolg tuaraisg ó Shreang ar a thuras dhiúltuigh sé Éire do roinnt le Tuathaibh De Danann agus chinn sé comhairle troid agus dian-chath do thabhairt dóibh. D'fhill Breas dá mhuinntir i Maigh Réin agus thug sgéala dhóibh ar an méid a chonnaic sé agus an méid a chuala sé. Do ghabh eagla iad roimh na Fearaibh Bolg, d'fhág- adar an longphort agus a ndaingean ag Maigh Réin agus ghluais leó siar ó dheas gur shroicheadar Cnoc Bealgadán ar imealbhord Maighe Nia, áit atá i n-aice Mainistir Conga i gCondae Mhaigheó, mar thugamaoid ar an gceanntar sin anois. Lean na Fir Bolg iad go dtángadar go Maigh Nia agus chuadar i bhfoslongphort ar an maigh sin. Chuir Nuadha .i. Rí Tuatha Dé Danann teachtairí eile, .i. a gcuid file go dtí Eochaidh, Rí na bhFear mBolg d'iarraidh síothchána air an ath-uair, acht ní thiubhradh Eochaidh dhó acht dearg-chogadh agus ghléasadar iad féin ar gach taoibh fá choinne an áir. Ar lá mheadhoin an tsamhraidh i mbliadhain an Domhain 3303, tugadh an cath úd. Bí an cath ar siubhal ar feadh ceithre lá gur brisadh ar na Fearaibh Bolg. Nuair a bhí an cath ag dul go dian ar na Fearaibh Bolg, d'éirigh tart 's cuimse ar a Rígh agus d'imthigh sé i n-aoinfheacht le céad gaisgidheach dá shluaigh ag cuardughadh uisge le n-a ól. Lean dream de Thuatha Dé Deanann iad, .i. céad go leith gaisgidheach fá taoiseachas triúir mac Neamhad gur rug siad orra ag Tráigh Eóchalla (i gConndae an tSligigh atá anois ann), áit a raibh cruadh-charragal aca agus in ar thuit Eochaidh féin, agus urmhór na taoiseach ar gach taoibh — triúr mac Neamhadh imeasg na coda eile. Cuireadh an triúr mac i n-uaigh ar an dtráigh ar an dtug- tar ó shoin Leaca Mac Neamhadh, agus cuireadh Eochaidh mar ar thuit sé, agus tógadh carn os a chionn ar a ngairmthear Carn Tráigh Eóchalla go dtí an lá i ndiu. Bhuail Sreang tréan-bhuille ar Nuadha Rí Tuatha Dé Danann gur ghearr sé a gheag de agus bhí Nuadha ina luighe breóidhte o'n ngonadh sin go dtí gur chum Diancheacht, sé sin liaigh eólgach do bhí aige, lámh airgid dó, agus is ar an ádhbhar sin goireadh Nuadha Airgead Lámh de ó shoin a leith. I ndeireadh an cheathramhadh lae de'n chogadh bhí na Fir Bolg uile ar lár acht trí chéad fear calma fá stiúir Shreanga. Bhí comhairle cogaidh ag na taoiseacha agus chinn siad comhairle stad de'n chogadh agus cómhrac aoinfhir d'iarraidh, gach fear díobh ar Thuatha Dé Danann, rud nach leigfeadh an náire dhóibh-sean do shéanadh orra. Acht thairg Tuatha Dé Danann coimhcheangal síothchána dhóibh agus a rogha Cúige de Chúig Cúigí na hÉireann mar fearann agus dúthaigh dhóibh ó shoin amach. Thógh siad Cúige Chonnacht mar dúthaigh, acht nach é Connachta do bhí mar ainm ar an gCúige an uair sin, acht baisdeadh Cúige Shreanga air agus bhí sin mar ainm ar an gCúige go dtí aimsir Chuinn Chéad-Chathaigh agus adeir an seanchaidhe oirbhidneach Dubhaltach Mac Fhir- bisigh go raibh muinntir Shreanga, .i. na Fir Bolg in a gcineadh fé leith i gConnachta go nuige a aimsir féin, .i. timcheall na bliadhna 1650. Ag sin an tuarasgbháil tugaid seanchaidhthe Éireann ar chéad Cath Maighe Tuireadh agus is iomdha laoi agus dán agus sgéal agus úir- sgéal i sean-sgríbhinnibh na hÉireann ag trácht ar an gcath mór éachtach sin. 'Sé san fáth gur tugadh Magh Tuiread ar maigh an Áir, gur ghléasadar na Fir Bolg a sgiatha rómpa ag ionnsughadh a námhad i modh go mba chosmhail le tuaraibh iad ar an maigh, agus tá an t-ainm sin ar an maigh go dtí an lá indiu. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services