Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal - I. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas.

Title
Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal - I. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas.
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Prímh-Sgéalta na Sean-Ghaedheal



I. — Cath Mhaighe Tuireadh Theas.



Ar dteacht do Thuatha Dé Dannann i nÉirinn
losgadar a loingeas, mar nach raibh rún
filleadh ar ais aca, & ghluaiseadar leó go dtí
Maigh Réin ('san duthaigh ar a tugadh Breifní
Uí Ruairc i n-a dhiaidh sin). Thógadar long-
phort & daingean annsúd & thaisbeánadar iad
féin do mhuinntir na tíre .i. do na Fearaibh
Bolg do bhí mar áitightheóiribh i nÉirinn an
uair sin. Chuir Rí na bhFear mBolg gaisgidh-
each dá mhuinntir, dar bh'ainm Sreang, mar
spíodóir féachaint goidé an cineál daoine
iad seo a tháinig ar tír i nÉirinn, & goidé an
gleás troda do bhí aca. Thug lucht coimhéada
Tuatha De Danann fá deara an gaisgidheach
ag teacht, & chuireadar curadh dá gcuid féin,
.i. Breas, i n-a airicis. Chuadar d'ionnsaidhe
a chéile go haireach & go mall, & nuair tháng-
adar comhgarach dá chéile, chuir gach duine aca
cos a sgéithe go dian sa dtalamh, i modh gur rinne
a sgiath díon dá chorp, & chuir goic air féin os
cionn rinn an sgéithe, féachaint ar a námhaid.
Labhair Breas ar dtúis, & ba mhór an t-ion-
gnadh do bhí ar Shreang nuair chuala sé é ag
spreagadh na sean-Ghaedhilge, óir ba hí an
Ghaedhilg do bhí mar theagnain ag an dá
chineadh úd & bhí sean-ghaol eatorra. Spíon-
adar & sgrúduigheadar a gcuid airm ar gach
taoibh, agus ba mhór an deithbhir amh, do bhí
eatorra, mar bhí dhá shleagh troma reamhra
maola ag Sreang ar nós na bhFear mBolg; &
bhí dhá shleagh deasa tana fada géara ag
Breas ar nós Tuatha De Danann. Dubhairt
Breas le Sreang gur bhfeirrde dhóibh Éire do
roinnt i n-a dá leith, & gach cineadh de'n dá
chineadh leath di do ghabháil, agus do choimeád
i n-aghaidh sleachta ar bith eile do thiocfadh
innti; acht níor bh'fhéidir le Sreang freagra
do thabhairt ar an dtairgsin seo gan cead ó
n-a rígh féin. Snaidhm an dá ghaisgidheach
coingheall comh-cháirdeasa eatorra féin,
d'fhágadar slán ag n-a chéile agus ghluaiseadar
leó 'na bhaile.



Nuair fuair Rí an bhFear mBolg tuaraisg
ó Shreang ar a thuras dhiúltuigh sé Éire do
roinnt le Tuathaibh De Danann agus chinn sé
comhairle troid agus dian-chath do thabhairt
dóibh. D'fhill Breas dá mhuinntir i Maigh
Réin agus thug sgéala dhóibh ar an méid a
chonnaic sé agus an méid a chuala sé. Do
ghabh eagla iad roimh na Fearaibh Bolg, d'fhág-
adar an longphort agus a ndaingean ag Maigh
Réin agus ghluais leó siar ó dheas gur
shroicheadar Cnoc Bealgadán ar imealbhord
Maighe Nia, áit atá i n-aice Mainistir Conga
i gCondae Mhaigheó, mar thugamaoid ar an
gceanntar sin anois. Lean na Fir Bolg iad
go dtángadar go Maigh Nia agus chuadar
i bhfoslongphort ar an maigh sin. Chuir Nuadha
.i. Rí Tuatha Dé Danann teachtairí eile, .i. a
gcuid file go dtí Eochaidh, Rí na bhFear mBolg
d'iarraidh síothchána air an ath-uair, acht ní
thiubhradh Eochaidh dhó acht dearg-chogadh agus
ghléasadar iad féin ar gach taoibh fá choinne
an áir.



Ar lá mheadhoin an tsamhraidh i mbliadhain
an Domhain 3303, tugadh an cath úd. Bí an
cath ar siubhal ar feadh ceithre lá gur brisadh
ar na Fearaibh Bolg. Nuair a bhí an
cath ag dul go dian ar na Fearaibh Bolg,
d'éirigh tart 's cuimse ar a Rígh agus d'imthigh
sé i n-aoinfheacht le céad gaisgidheach dá
shluaigh ag cuardughadh uisge le n-a ól.



Lean dream de Thuatha Dé Deanann iad,
.i. céad go leith gaisgidheach fá taoiseachas
triúir mac Neamhad gur rug siad orra ag
Tráigh Eóchalla (i gConndae an tSligigh atá
anois ann), áit a raibh cruadh-charragal aca
agus in ar thuit Eochaidh féin, agus urmhór na
taoiseach ar gach taoibh — triúr mac Neamhadh
imeasg na coda eile. Cuireadh an triúr
mac i n-uaigh ar an dtráigh ar an dtug-
tar ó shoin Leaca Mac Neamhadh, agus
cuireadh Eochaidh mar ar thuit sé, agus tógadh
carn os a chionn ar a ngairmthear Carn Tráigh
Eóchalla go dtí an lá i ndiu.



Bhuail Sreang tréan-bhuille ar Nuadha Rí
Tuatha Dé Danann gur ghearr sé a gheag de
agus bhí Nuadha ina luighe breóidhte o'n
ngonadh sin go dtí gur chum Diancheacht, sé
sin liaigh eólgach do bhí aige, lámh airgid dó,
agus is ar an ádhbhar sin goireadh Nuadha
Airgead Lámh de ó shoin a leith.



I ndeireadh an cheathramhadh lae de'n chogadh
bhí na Fir Bolg uile ar lár acht trí chéad fear
calma fá stiúir Shreanga. Bhí comhairle
cogaidh ag na taoiseacha agus chinn siad
comhairle stad de'n chogadh agus cómhrac
aoinfhir d'iarraidh, gach fear díobh ar Thuatha Dé
Danann, rud nach leigfeadh an náire dhóibh-sean
do shéanadh orra. Acht thairg Tuatha Dé Danann
coimhcheangal síothchána dhóibh agus a rogha
Cúige de Chúig Cúigí na hÉireann mar fearann
agus dúthaigh dhóibh ó shoin amach. Thógh siad
Cúige Chonnacht mar dúthaigh, acht nach é
Connachta do bhí mar ainm ar an gCúige an
uair sin, acht baisdeadh Cúige Shreanga air
agus bhí sin mar ainm ar an gCúige go dtí
aimsir Chuinn Chéad-Chathaigh agus adeir an
seanchaidhe oirbhidneach Dubhaltach Mac Fhir-
bisigh go raibh muinntir Shreanga, .i. na Fir
Bolg in a gcineadh fé leith i gConnachta go
nuige a aimsir féin, .i. timcheall na bliadhna
1650.



Ag sin an tuarasgbháil tugaid seanchaidhthe
Éireann ar chéad Cath Maighe Tuireadh agus is
iomdha laoi agus dán agus sgéal agus úir-
sgéal i sean-sgríbhinnibh na hÉireann ag
trácht ar an gcath mór éachtach sin. 'Sé san
fáth gur tugadh Magh Tuiread ar maigh an Áir,
gur ghléasadar na Fir Bolg a sgiatha rómpa
ag ionnsughadh a námhad i modh go mba
chosmhail le tuaraibh iad ar an maigh, agus tá
an t-ainm sin ar an maigh go dtí an lá indiu.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services