Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mór-Thuras na nGaedheal
Title
Mór-Thuras na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Márta 21, 1903 Mór-Thuras na nGaedheal. Ní aon áidhbhéil a rádh go bhfuil an t-am ag teannadh linn nuair a chaithfeas gach éinneach admhughadh nach bhfuil sé ar thaoibh na hÉireann muna bhfuil sé ar thaoibh a teangadh. Agus ní'l aon aimhreas nach ag Connradh na Gaedhilge amháin, cé gur mór an rádh é, atá stáid anacrach na tíre a leasughadh, Éireannach ar bith a chonnaic Turas an Domhnaigh mhéaduigh a chroidhe & a choráiste, & thuig sé gurab iad buidhean na siubhlóide seo an dream a chuirfeas an t-athrughadh ar an tír, an t-athrughadh mór éifeachtach. Díbreoghaidh siad spioraid agus nósanna na nGalldachta, & tiubhraidh siad ar ais an Ghaedhealtacht. Ní raibh duine ar an Turas nach n-aithneoghthá ar a éadan go raibh rún ina chroidhe oibriughadh go dian leis an nGaedhealtacht a thabhairt ar ais & a dhéanamh chomh láidir agus go mbéidh sí ag sughadh na Galldachta isteach innti féin ionnus nach mbéidh ann i ndeireadh na dála acht an Ghaedhealtacht amháin. Sin é an t-aon difrigheacht atá idir an Connradh & connradhcha eile a d'éirigh suas againn i nÉirinn. Tuigimid- ne go bhfuil ar dteanga le tabhairt ar ais, & nuair a bhéas sí ar ais go bhfuil orainn an mhaith atá ionainn a shaothrughadh; d'fháguigh connradhcha eile an Ghalldacht is na daoinibh, & do réir mar bhí na daoine ag dul 'un aois bhíodar ag dul i ndonacht. Is deacair cur síos go cneasta ar an mhór- bhuidhean dlúth díoghair, díograsach a shiubhail ó Fhaithche Stiopháin go Gort an Gabhann. Bhí gach aon chúigear aca ag siubhal cos ar chois & iad ag imtheacht bog-mhear go maith, agus chaitheadar tuairim dhá uair a chluig ag dul thar Dhroichead Uí Chonaill. Bhí gach uile shráid eile chomh follamh & go mbuailfeá báire innti. Ní raibh mac máthar eile nach raibh ar an Turas nó ag breathnughadh air. Bhí bratacha breagha ioldathacha i n-áirde ar shonnaibh míne réidhe; marcaigh annso; buidhne ceóil annsúd; lucht céirde i n-áit eile, & comhairtí, a gceárd aca. Chuaidh fear thart anois & onchú ar shlabhraidh aige, & go dlúth in a dhiaidh, tháinig buidhean & niamh-bhrat árd leathan ilbhreachtnaidhe i n-úr thosach a roinne féin. Ní bheidís sin i bhfad uait nuair a seo chugat streóilín do pháisdibh sgoile & siansán an stáin i do thimcheall ag gortughadh binneas ceóil na buidhne a bhí aca. Nach iad sin thart anois an Ceithre Máighistrí do sgríobh Annála Ríoghachta Éireann dhá chéad deich mbliadhna is dá fhichid ó shoin, 'na suidhe timcheall an bhoird sin? Siad, & sin céad rud eile nach mbéadh thíos i n-imtheacht seachtmhaine ag sgríobhneóir. Bhí aon rud amháin ann do thug éinneach fa deara, .i. nach raibh aon mheisgeóir amháin ar fhuaid an turas. Sin é príomh-thomhartha ár leasa, smacht a bheith orainn féin. Tá dúthchas an Ghaedhil ag oibriughadh ann go teann, cuirfidh sé leis anois go shoimheanmnach & tá leis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services