Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mór-Thuras na nGaedheal

Title
Mór-Thuras na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Márta 21, 1903



Mór-Thuras na nGaedheal.



Ní aon áidhbhéil a rádh go bhfuil an t-am ag
teannadh linn nuair a chaithfeas gach
éinneach admhughadh nach bhfuil sé ar thaoibh na
hÉireann muna bhfuil sé ar thaoibh a teangadh.
Agus ní'l aon aimhreas nach ag Connradh na
Gaedhilge amháin, cé gur mór an rádh é, atá
stáid anacrach na tíre a leasughadh, Éireannach
ar bith a chonnaic Turas an Domhnaigh mhéaduigh a
chroidhe & a choráiste, & thuig sé gurab iad
buidhean na siubhlóide seo an dream a
chuirfeas an t-athrughadh ar an tír, an t-athrughadh
mór éifeachtach. Díbreoghaidh siad spioraid
agus nósanna na nGalldachta, & tiubhraidh siad
ar ais an Ghaedhealtacht. Ní raibh duine ar an
Turas nach n-aithneoghthá ar a éadan go raibh
rún ina chroidhe oibriughadh go dian leis an
nGaedhealtacht a thabhairt ar ais & a dhéanamh
chomh láidir agus go mbéidh sí ag sughadh na
Galldachta isteach innti féin ionnus nach
mbéidh ann i ndeireadh na dála acht an
Ghaedhealtacht amháin. Sin é an t-aon
difrigheacht atá idir an Connradh & connradhcha
eile a d'éirigh suas againn i nÉirinn. Tuigimid-
ne go bhfuil ar dteanga le tabhairt ar ais, &
nuair a bhéas sí ar ais go bhfuil orainn an mhaith
atá ionainn a shaothrughadh; d'fháguigh
connradhcha eile an Ghalldacht is na daoinibh, &
do réir mar bhí na daoine ag dul 'un aois
bhíodar ag dul i ndonacht.



Is deacair cur síos go cneasta ar an mhór-
bhuidhean dlúth díoghair, díograsach a shiubhail ó
Fhaithche Stiopháin go Gort an Gabhann. Bhí
gach aon chúigear aca ag siubhal cos ar chois &
iad ag imtheacht bog-mhear go maith, agus
chaitheadar tuairim dhá uair a chluig ag dul thar
Dhroichead Uí Chonaill. Bhí gach uile shráid eile
chomh follamh & go mbuailfeá báire innti. Ní
raibh mac máthar eile nach raibh ar an Turas nó
ag breathnughadh air. Bhí bratacha breagha
ioldathacha i n-áirde ar shonnaibh míne réidhe;
marcaigh annso; buidhne ceóil annsúd; lucht
céirde i n-áit eile, & comhairtí, a gceárd aca.
Chuaidh fear thart anois & onchú ar shlabhraidh
aige, & go dlúth in a dhiaidh, tháinig buidhean
& niamh-bhrat árd leathan ilbhreachtnaidhe i n-úr
thosach a roinne féin. Ní bheidís sin i bhfad uait
nuair a seo chugat streóilín do pháisdibh sgoile
& siansán an stáin i do thimcheall ag
gortughadh binneas ceóil na buidhne a bhí aca.
Nach iad sin thart anois an Ceithre Máighistrí
do sgríobh Annála Ríoghachta Éireann dhá chéad
deich mbliadhna is dá fhichid ó shoin, 'na suidhe
timcheall an bhoird sin? Siad, & sin céad rud
eile nach mbéadh thíos i n-imtheacht seachtmhaine
ag sgríobhneóir.



Bhí aon rud amháin ann do thug éinneach fa
deara, .i. nach raibh aon mheisgeóir amháin ar
fhuaid an turas. Sin é príomh-thomhartha ár
leasa, smacht a bheith orainn féin.



Tá dúthchas an Ghaedhil ag oibriughadh ann go
teann, cuirfidh sé leis anois go shoimheanmnach
& tá leis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services