Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Má chíonn tú ropaire bitheamhnaigh ag déanamh isteach ort agus ag iarraidh rud éigint do bhaint díot id' indeóin, cad badh cheart duit do dhéanamh? Ar cheart duit luighe siar agus fanamhaint socair agus leigint dó thú chreachadh? Níor cheart go deimhin. Tá d'fhiachail ort tú féin do chosaint air, agus gach congnamh is féidir leat d'fhagháil do sholáthar chuige. Bhí dhá luing de'n chabhlach Ghearmánach ar feadh trí lá an tseachtmhain seo gaibh tharainn ag stealladh piléar i gcoinnibh daingin San Carlós sa Bheinisuail. Má dhein do fhreagair muinntir an daingin go calma dhóibh, agus do réir mar airighmíd do [tuirsigh]{thuirsigh} na Gearmánaigh de'n obair, agus stadadar. Sul ar stadadar, ámhthach, do dheineadar fruise fraise de'n daingean. Shíl na Bheinisuailigh go raghadh na Gear- mánaigh ar dtír ann. Chuir an tUachtarán fógra amach ag glaodhach ar fhearaibh chum na háite do chosaint. Ar maidin i mbáireach bhí suas le sé míle fear gléas- ta fé armaibh, & ullamh chum troda ar son a dtíre aige. Tá a fhios ag na Bheinisuailigh cad is chóir do dhéanamh le ropaire bitheamhnaigh. Bhí iongnadh an tsaoghail ar mhuinntir na Stát nuair chualadar an scéal so. Shíleadar-san, agus shíl gach éinne nídh nach iongnadh, go gcuirfidhe suas de'n acharann an fhaid do bheadh an chúis dá pléidhe i gcathair na Háige. Agus ós páirtidhthe Sasanna agus an Ghearmáin san gcluiche seo, is é is mó atá ag cur iong- nadh ar mhuinntir na Stát go leigeann Sasanna do'n Ghearmáin a leithéidí seo do ghníomharthaidh do dhéanamh gan focal do rádh n-a choinnibh. Tá fearg ag éirghe ortha, agus má raghfar go dian ortha is deacair a rádh cad é an críoch a bheidh ar an scéal. Is cuimhin le léightheóiribh an Chlaidhimh gur thráchtas an tseachtmhain seo gaibh tharainn ar an ndóighteán do bhris amach i dtigh an Phaoraigh, i bPortláirge. Tá aguisín agam chum cur leis an tseachtmhain seo. Do chuaidh an Paorach i mbaoghal báis chum beirt chongan- tóirí do bhíodh san siopa aige do shabháil ó sna lasrachaibh. B'éigin dó léim do thabhairt anuas d'fhuinneóig aoird ar leacachaibh na sráide, agus gortuigheadh chomh mór soin é go mb'éigin é bhreith láith- reach bonn go dtí an t-ospuidéal. An fhaid do bhí sé 'na luighe istigh ann, bhailigh Coiste na Cathrach le chéile chum Méir do thoghadh i gcóir na bliadhna so. Ní raibh an tarna focal eatortha mar geall air. Bhíodar chomh sásta leis an gcuma fearamhail 'n-ar oibrigh an Paorach le linn an dóighteáin, gur dhineadar Méire dhe. Chuaidh duine aca go dtí an t-ospuidéal & d'innis an scéal dó. Ní baoghal ná gur cabhruigh sin go mór chum a chneasuighthe. Ba mhaith an mhaise do mhuinntir Phort- láirge cuimhneamh ar onóir do thabhairt as an tslíghe seo d'fhear do thaispeán ar linn an bhaoghail an chródhacht agus an daondacht do bhí ann. Agus ag tagairt do mhéiribh, cuireann sé sin i gcuimhne dham go bhfuil Tadhg Ó hÚrdail 'n-a Árd- mhéire i mBaile Átha Cliath i mbliadhna arís. Sid í an tríomhadh bliadhain ag Tadhg do bheith i gceannas phríomh-chathrach na hÉireann — i gcead díbh, a Mhúirnigh. Tá áthas ar mhuinntir Craoibhe an Chéitinnigh mar gheall ar a nUachtarán féin bheith 'n-a Uachtarán ar Bhaile Átha Cliath. B'fhearr dham gan breis do rádh um an gceist seo go háirithe. Níor bh'fheirrde mé go ceann seachtmhaine san “Stad.” Tá ceist Chornail Ó Loinsigh i leath-taoibh sa deir- eadh. Daoradh chum a chrochadh é. Is ar éigin do bheidh sé de mhisneach ag Riaghaltas Shasanna, ámh, é chrochadh. Tháinig sé anall ó'n bhFrainnc, & le saor-thoil, thug sé é fein suas dóibh. Mheas sé i ruith na haimsire go bhfuigheadh sé trócaire uatha. Tá an-chuid daoine do throid i gcoinnibh Shasanna le linn an chogaidh san Aifric Theas, 'n-a gcomhnuidhe fé láthair i Sasanna agus i nAlbain. De maitheadh dhóibh siúd agus cad 'n-a thaobh [na]{ná} maithfidhe do Chornail Ó Luingsigh? Is deacair a rádh fós, acht inneosaidh an aimsir. Ní fheadar ná gur cheart cuid de'n mhilleán do chur air féin. Bhí a fhios aige go maith sul ar fhág sé an Fhrainnc cad do bhí 'n-a chóir dá dtagadh sé go Sasanna. Dá mb'áil leis fanamhaint uatha, bheadh a mhalairt de scéal indiu aige.
Tá súil agam go bhfuil ár sgríbhneóirí go léir ag obair i gcóir an Oireachtais. Tá an tÁireamh Ceisteann agus Duaiseanna ar fagháil anois, agus ba cheart do gach éinne ceann do bheith aige. Tá ceist- eanna ann i gcóir chách. Anois an t-am chum tosnughadh. Tá mórán daoine go bhfuil Gaedhilg bhreagh aca 'n-a gcomhnuidhe ins na ceanntaraibh Gaedhealacha, & ba dhóigh le duine ortha ná scríobhfaidís focal dí ar ór an domhain. Tá aithne agam féin ar chuid aca, agus tá a fhios agam go maith go bhfuil an-chuid díobh ann. Níor mhór dóibh brostughadh ortha féin. Ná bímis choidhche ag tathaint ortha. Is dóigh le cuid de sna Gaedhilgeóirí ná fuil a gcainnt féin uasal a dóthain le scríobhadh ná le cur i gcló. Acht dar ndóigh, sin í an rud atá uainn: cainnt na ndaoine. Bíonn eagla ar chuid aca leis ná cuirfidís an litriughadh ceart ar a gcuid scríbhneóir- eachta. Is sé is dóigh liom-sa i dtaobh litriughadh ná fuil ann acht mar bheadh púca go ndeintear usáid de chum uamhain do chur ar leanbhaibh. Níor cheart go háirithe go gcuirfeadh an púca so an litriughadh éin- eagla ar ár scríbhneóiribh. Ní litriughadh atá uainn, acht daoine do chur ag machtnaimh, agus go gcuirfidís toradh a gcod' machtnaimh síos 'n-a gcainnt féin ar a nós féin. Deinimís amhlaidh, a chairde, is beidh an rath orainn. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services