Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Má chíonn tú ropaire bitheamhnaigh ag déanamh isteach
ort agus ag iarraidh rud éigint do bhaint díot
id' indeóin, cad badh cheart duit do dhéanamh? Ar
cheart duit luighe siar agus fanamhaint socair agus
leigint dó thú chreachadh? Níor cheart go deimhin. Tá
d'fhiachail ort tú féin do chosaint air, agus gach
congnamh is féidir leat d'fhagháil do sholáthar chuige.



Bhí dhá luing de'n chabhlach Ghearmánach ar feadh trí
lá an tseachtmhain seo gaibh tharainn ag stealladh
piléar i gcoinnibh daingin San Carlós sa Bheinisuail.
Má dhein do fhreagair muinntir an daingin go calma
dhóibh, agus do réir mar airighmíd do [tuirsigh]{thuirsigh} na
Gearmánaigh de'n obair, agus stadadar. Sul ar
stadadar, ámhthach, do dheineadar fruise fraise de'n
daingean. Shíl na Bheinisuailigh go raghadh na Gear-
mánaigh ar dtír ann. Chuir an tUachtarán fógra amach
ag glaodhach ar fhearaibh chum na háite do chosaint.
Ar maidin i mbáireach bhí suas le sé míle fear gléas-
ta fé armaibh, & ullamh chum troda ar son a dtíre
aige. Tá a fhios ag na Bheinisuailigh cad is chóir do
dhéanamh le ropaire bitheamhnaigh.



Bhí iongnadh an tsaoghail ar mhuinntir na Stát nuair
chualadar an scéal so. Shíleadar-san, agus shíl gach
éinne nídh nach iongnadh, go gcuirfidhe suas de'n
acharann an fhaid do bheadh an chúis dá pléidhe i gcathair
na Háige. Agus ós páirtidhthe Sasanna agus an
Ghearmáin san gcluiche seo, is é is mó atá ag cur iong-
nadh ar mhuinntir na Stát go leigeann Sasanna do'n
Ghearmáin a leithéidí seo do ghníomharthaidh do dhéanamh
gan focal do rádh n-a choinnibh. Tá fearg ag éirghe
ortha, agus má raghfar go dian ortha is deacair a rádh
cad é an críoch a bheidh ar an scéal.



Is cuimhin le léightheóiribh an Chlaidhimh gur thráchtas
an tseachtmhain seo gaibh tharainn ar an ndóighteán do
bhris amach i dtigh an Phaoraigh, i bPortláirge. Tá
aguisín agam chum cur leis an tseachtmhain seo. Do
chuaidh an Paorach i mbaoghal báis chum beirt chongan-
tóirí do bhíodh san siopa aige do shabháil ó sna
lasrachaibh. B'éigin dó léim do thabhairt anuas
d'fhuinneóig aoird ar leacachaibh na sráide, agus
gortuigheadh chomh mór soin é go mb'éigin é bhreith láith-
reach bonn go dtí an t-ospuidéal. An fhaid do bhí sé
'na luighe istigh ann, bhailigh Coiste na Cathrach le chéile
chum Méir do thoghadh i gcóir na bliadhna so. Ní raibh
an tarna focal eatortha mar geall air. Bhíodar chomh
sásta leis an gcuma fearamhail 'n-ar oibrigh an
Paorach le linn an dóighteáin, gur dhineadar Méire dhe.
Chuaidh duine aca go dtí an t-ospuidéal & d'innis an
scéal dó. Ní baoghal ná gur cabhruigh sin go mór chum
a chneasuighthe. Ba mhaith an mhaise do mhuinntir Phort-
láirge cuimhneamh ar onóir do thabhairt as an tslíghe
seo d'fhear do thaispeán ar linn an bhaoghail an
chródhacht agus an daondacht do bhí ann.



Agus ag tagairt do mhéiribh, cuireann sé sin i
gcuimhne dham go bhfuil Tadhg Ó hÚrdail 'n-a Árd-
mhéire i mBaile Átha Cliath i mbliadhna arís. Sid í
an tríomhadh bliadhain ag Tadhg do bheith i gceannas
phríomh-chathrach na hÉireann — i gcead díbh, a Mhúirnigh.
Tá áthas ar mhuinntir Craoibhe an Chéitinnigh mar gheall
ar a nUachtarán féin bheith 'n-a Uachtarán ar Bhaile
Átha Cliath. B'fhearr dham gan breis do rádh um an
gceist seo go háirithe. Níor bh'fheirrde mé go ceann
seachtmhaine san “Stad.”



Tá ceist Chornail Ó Loinsigh i leath-taoibh sa deir-
eadh. Daoradh chum a chrochadh é. Is ar éigin do bheidh
sé de mhisneach ag Riaghaltas Shasanna, ámh, é chrochadh.
Tháinig sé anall ó'n bhFrainnc, & le saor-thoil, thug sé
é fein suas dóibh. Mheas sé i ruith na haimsire go
bhfuigheadh sé trócaire uatha. Tá an-chuid daoine do
throid i gcoinnibh Shasanna le linn an chogaidh san Aifric
Theas, 'n-a gcomhnuidhe fé láthair i Sasanna agus i
nAlbain. De maitheadh dhóibh siúd agus cad 'n-a
thaobh [na]{ná} maithfidhe do Chornail Ó Luingsigh? Is
deacair a rádh fós, acht inneosaidh an aimsir. Ní
fheadar ná gur cheart cuid de'n mhilleán do chur air
féin. Bhí a fhios aige go maith sul ar fhág sé an
Fhrainnc cad do bhí 'n-a chóir dá dtagadh sé go
Sasanna. Dá mb'áil leis fanamhaint uatha, bheadh a
mhalairt de scéal indiu aige.


L. 782


Tá súil agam go bhfuil ár sgríbhneóirí go léir ag
obair i gcóir an Oireachtais. Tá an tÁireamh
Ceisteann agus Duaiseanna ar fagháil anois, agus ba
cheart do gach éinne ceann do bheith aige. Tá ceist-
eanna ann i gcóir chách. Anois an t-am chum tosnughadh.



Tá mórán daoine go bhfuil Gaedhilg bhreagh aca 'n-a
gcomhnuidhe ins na ceanntaraibh Gaedhealacha, & ba
dhóigh le duine ortha ná scríobhfaidís focal dí ar ór
an domhain. Tá aithne agam féin ar chuid aca, agus
tá a fhios agam go maith go bhfuil an-chuid díobh ann.
Níor mhór dóibh brostughadh ortha féin. Ná bímis
choidhche ag tathaint ortha.



Is dóigh le cuid de sna Gaedhilgeóirí ná fuil a
gcainnt féin uasal a dóthain le scríobhadh ná le cur i
gcló. Acht dar ndóigh, sin í an rud atá uainn:
cainnt na ndaoine. Bíonn eagla ar chuid aca leis ná
cuirfidís an litriughadh ceart ar a gcuid scríbhneóir-
eachta. Is sé is dóigh liom-sa i dtaobh litriughadh ná
fuil ann acht mar bheadh púca go ndeintear usáid de
chum uamhain do chur ar leanbhaibh. Níor cheart go
háirithe go gcuirfeadh an púca so an litriughadh éin-
eagla ar ár scríbhneóiribh. Ní litriughadh atá uainn,
acht daoine do chur ag machtnaimh, agus go gcuirfidís
toradh a gcod' machtnaimh síos 'n-a gcainnt féin ar a
nós féin. Deinimís amhlaidh, a chairde, is beidh an rath
orainn.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services