Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aeridheacht Inismeadhoin
Title
Aeridheacht Inismeadhoin
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Úna,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aeridheacht Inismeadhoin Ó thárla dhúinn bheith i nInismeadhon atá coigthigheas ó shoin do rith sé linn Aeridheacht do chur i gcóir le haghaidh Dia Domhnaigh an seachtmhadh lá déag do'n mhí seo. Ní raibh mórán aimsire againn le gach rud dár bhain leis an Aeridheacht do réidhteach mar ba thoil linn, acht ar a shon sin féin, d'éirigh linn go geal do chionn na spéise atá ag muinntir Inismeadhoin 'san nGaedhilg & sa' nGaedhealtacht. Gé gur Aeridheacht do ceapadh againn, mheasamar nár chóir dúinn gan roinnt comórtas do chur ar siubhal & go háirithe le haghaidh an aos óig. Is orra san as mo bhéas leas na Gaedhilge ag seasamh 'san am atá le teacht, & dá bhrígh sin ní ceart faill ar bith do leigint thairis gan iad do bhrostughadh & misneach do thabhairt dóibh. Ó'n gcéad nóimeant cuireadh i n-iúl do na daoinibh go raibh Aeridheacht le bheith 'san oileán ba bheag eile bhí dá phléidhe eatorra. Ní raibh mórán cóip do chlár na hAeridheachta le spáráil as ucht go raibh orainn iad do sgríobhadh. Annso & annsúd — ag teach an phobail & ag binn tighe Éamoinn — cuireadh ceann aca suas, & is gearr go raibh neart daoine cruinnighthe 'n-a dtimchioll & cluas orra go léir ag éisteacht le duine aca ag léigheadh amach cunntas ar na comórtasaibh fa leith. “Ara mhuise! an mbéidh tú ag damhsa ar na leacrachaibh i mbárach?” arsa duine éigin le Máirtín Beag. “Mh'anam go mbéadh! Cia an fáth nách mbéinn & a rádh gur ghnóthuigheas duais ar an bhfeis cúpla bliadhain ó shoin,” arsa Máirtín ag cromadh ar a chuid coisméag do chleachtadh ar an bpuinte boise. Ar an tslip bhí an sgéal céadna aca, acht is ar an óráideacht bhíodar ag trácht cois na fairrge. “An bhaint atá ag an ngealaigh, an aimsir agus an tuille le fairsingeacht éisg.” B'shin é bun-adhbhar na hórái- deachta & chuir na hiasgairí an-tsuim ann. Is dona ar fad an aimsear bhí againn ar maidin Dia Domhnaigh agus is iomdha croidhe trom do bhí i nInismeadhon mar gheall air. Um meadhon-lae, ámh, cad do rinne an ghrian acht teacht amach & malairt éadain do chur ar an domhan, idir tír & fairrge. Ní fada go rabhamar go léir i dteanntaibh a chéile ar na leacrachaibh agus gach duine ag súil le greann agus sult. Chuir an t-Athair Mícheál an Aeridheacht ar siubhal le píosa cainnte i nGaedhilg bhlasda. “Éist leis an sagart so againn féin,” deir giorsach bheag le n-ár n-ais, & dar ndóigh, níor chailleadar fiú an fhocail dá chuid ráidhte. “Cad do-ghéana muid feasta gan adhmad, Tá deireadh na gcoillte ar lár.” 'Sí an cailín óg croidheamhail as Lunndain atá ag gabháil fhuinn & is forusda a aithint go dtaithnigheann an t-amhrán leis na daoinibh, idir óg & sean. “Arís! arís!” & an t-am so éistimid leis na foclaibh binne “Tabhair mo bheannacht do Chonnachta.”
Bhí Peadar Dhonchadh i láthair le port do chasadh & is gearr go raibh na hiomaidhthe ar an leic sleamhain. “Buail amach anois!” “Dia leat, a Pheadair!” “Iompuigh!” “Nar laguighe Dia thú, a Mháirtín!” “Croith suas, a Pheadair!” Nuair do bhuail na mná amach chum damhsa 'sin é an t-am a raibh an spórt ar fad & an greadadh bos againn, & go háirithe nuair dob' eól dóibh gur sean-bhean rug buaidh. Táthar ag gabháil fhuinn & i n-éinfheacht leis na sean- amhránaibh cluinimid torann an rabharta ag greadadh chugainn isteach ó'n bhfairrge. San oileán uaigneach so i gceart-lár na fairrge móire tá na sean-aimseara againn arís. Tá! Seo iad na cairrge céadna bhí ann nuair tógadh Dún Conchobhair i n-allód & an fhairrge chéadna ag briseadh & ag bualadh thart timcheall. Ní'l aon athrughadh i mbéasaibh na ndaoine ó'n aimsir a raibh an Ghaedhealtacht ar bun ar fud na tíre & is beag athrughadh atá 'sa teangaidh acht an oiread. I gcúrsaidh croidhthe Muinntire Inismeadhoin táid chomh héadtrom & chomh Gaedhealach is do bhíodh i laethanntaibh saoirse na hÉireann. Tá críoch leis an nGabháil Fhuinn ar ball & éirigheann na hiasgairí i ndiaidh a chéile le horáid do thabhairt uatha ar an aimsir as fearr le hiasgaireacht, tráchtann siad ar an uile rud bhaineas leis an gceist, & ag éisteacht le binneas & blas na sean-teangadh seo againn féin déanamuid dearmad ar an tseanmóir Béarla chualamar ag an Aifrionn ar maidin. Obair i n-aisdear dob' eadh an tseanmóir chéadna. B'fhearr i bhfad trí nó ceithre fhocal i dteangaidh na ndaoine ioná an tseanmóir as breaghtha sa domhan i dteangaidh nach dtuigfeadh siad, & ní mór do shagartaibh na hÉireann sin a thuigsint. Tá an-spéis ag muinntir Inismeadhon 'san óráid- eacht & tá greann gan teórain ar siubhal nuair éirigh- eann Mac Uí Dhomhnall le cur i n-aghaidh a ndubhradh go dtí sin. “Ní fhuil aon bhaint ag an aimsir leis an iasgach chor ar bith,” deir sé fa dheireadh. “Nuair bhíonns ocras ar na hiasgaibh déanann siad ar na baoitibh. Sin é bun & bárr an sgéil, & ní bhaineann ceó eile leis.” Gé go raibh na buachaillí go maith 'sa léightheóracht le haghaidh an aos' óig dob' iad na cailíní rug buaidh ar fad. Níor chualamar riamh i n-aon teangaidh eile léightheóracht chomh maith as do chualamar nuair do bhuail na cailíní amach. Bhí ceart & fíor-bhinneas na Gaedhilge innte. Maidir leis na comórtasaibh eile le haghaidh na bpáisdí bhí orainn iad do chur ar cáirde go dtí lá ar n-a bhárach, acht ní misde a rádh annso go raibh gach ceann aca ag baint barr feabhais dá chéile nuair thárla gur cuireadh ar siubhal iad an lá i n-a dhiaidh sin. Is maith do thuilleadar a bhfuaradar do mhilseánaibh, do leabhraibh, & d'earraidhibh nach iad. B'éidir gur b'é an comórtas do b'fhearr dá raibh ann ioná aithriseóracht na sean-phaidreach. Sean-fhir ar fad do b'iad do bhí 'gá rádh. Dob' oireamhnach iad an áit & an t-am chum Ríogh na Glóire do mholadh. Dob' oireamhnach leis na sean-urnaighthe ag teacht as béalaibh na sean-daoine i n-aimsir an eadar-sholais thar éis sgaramhna an lae & an oidhche ó chéile. Is beag solas do bhí ann nuair bhí óráid dá tabhairt dúinn ag mac-léighinn as an oileán do bhí ag caitheamh a chuid laetheannta saoire 'sa' mbaile. Is ar éigean do bhí aimsear againn 'n-a dhiaidh sin chum na duais- eanna do thabhairt amach sul do thuit dorchadas na hoidhche orainn. Ní gábhadh a rádh gur iomdha croidhe sásta do bhí i nInismeadon an oidhche sin agus ní lugha sásamh ar gcroidhe féin ioná cách. Úna Ní Fhaircheallaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services