Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Aeridheacht Inismeadhoin

Teideal
Aeridheacht Inismeadhoin
Údar
Ní Fhaircheallaigh, Úna,
Dáta cumtha
1902
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Aeridheacht Inismeadhoin



Ó thárla dhúinn bheith i nInismeadhon atá coigthigheas
ó shoin do rith sé linn Aeridheacht do chur i gcóir le
haghaidh Dia Domhnaigh an seachtmhadh lá déag do'n mhí
seo.



Ní raibh mórán aimsire againn le gach rud dár bhain
leis an Aeridheacht do réidhteach mar ba thoil linn, acht
ar a shon sin féin, d'éirigh linn go geal do chionn na
spéise atá ag muinntir Inismeadhoin 'san nGaedhilg &
sa' nGaedhealtacht.



Gé gur Aeridheacht do ceapadh againn, mheasamar
nár chóir dúinn gan roinnt comórtas do chur ar
siubhal & go háirithe le haghaidh an aos óig. Is orra san
as mo bhéas leas na Gaedhilge ag seasamh 'san am
atá le teacht, & dá bhrígh sin ní ceart faill ar bith do
leigint thairis gan iad do bhrostughadh & misneach do
thabhairt dóibh.



Ó'n gcéad nóimeant cuireadh i n-iúl do na daoinibh
go raibh Aeridheacht le bheith 'san oileán ba bheag eile
bhí dá phléidhe eatorra.



Ní raibh mórán cóip do chlár na hAeridheachta le
spáráil as ucht go raibh orainn iad do sgríobhadh.
Annso & annsúd — ag teach an phobail & ag binn tighe
Éamoinn — cuireadh ceann aca suas, & is gearr go raibh
neart daoine cruinnighthe 'n-a dtimchioll & cluas orra
go léir ag éisteacht le duine aca ag léigheadh amach
cunntas ar na comórtasaibh fa leith.



“Ara mhuise! an mbéidh tú ag damhsa ar na
leacrachaibh i mbárach?” arsa duine éigin le Máirtín
Beag.



“Mh'anam go mbéadh! Cia an fáth nách mbéinn & a
rádh gur ghnóthuigheas duais ar an bhfeis cúpla bliadhain
ó shoin,” arsa Máirtín ag cromadh ar a chuid coisméag
do chleachtadh ar an bpuinte boise.



Ar an tslip bhí an sgéal céadna aca, acht is ar an
óráideacht bhíodar ag trácht cois na fairrge. “An
bhaint atá ag an ngealaigh, an aimsir agus an tuille le
fairsingeacht éisg.” B'shin é bun-adhbhar na hórái-
deachta & chuir na hiasgairí an-tsuim ann. Is dona
ar fad an aimsear bhí againn ar maidin Dia Domhnaigh
agus is iomdha croidhe trom do bhí i nInismeadhon mar
gheall air. Um meadhon-lae, ámh, cad do rinne an
ghrian acht teacht amach & malairt éadain do chur ar
an domhan, idir tír & fairrge. Ní fada go rabhamar
go léir i dteanntaibh a chéile ar na leacrachaibh agus
gach duine ag súil le greann agus sult.



Chuir an t-Athair Mícheál an Aeridheacht ar siubhal le
píosa cainnte i nGaedhilg bhlasda. “Éist leis an
sagart so againn féin,” deir giorsach bheag le n-ár
n-ais, & dar ndóigh, níor chailleadar fiú an fhocail dá
chuid ráidhte.



“Cad do-ghéana muid feasta gan adhmad,
Tá deireadh na gcoillte ar lár.”



'Sí an cailín óg croidheamhail as Lunndain atá ag
gabháil fhuinn & is forusda a aithint go dtaithnigheann
an t-amhrán leis na daoinibh, idir óg & sean. “Arís!
arís!” & an t-am so éistimid leis na foclaibh binne
“Tabhair mo bheannacht do Chonnachta.”


L. 423


Bhí Peadar Dhonchadh i láthair le port do chasadh & is
gearr go raibh na hiomaidhthe ar an leic sleamhain.
“Buail amach anois!” “Dia leat, a Pheadair!”
“Iompuigh!” “Nar laguighe Dia thú, a Mháirtín!”
“Croith suas, a Pheadair!”



Nuair do bhuail na mná amach chum damhsa 'sin é an
t-am a raibh an spórt ar fad & an greadadh bos againn,
& go háirithe nuair dob' eól dóibh gur sean-bhean rug
buaidh.



Táthar ag gabháil fhuinn & i n-éinfheacht leis na sean-
amhránaibh cluinimid torann an rabharta ag greadadh
chugainn isteach ó'n bhfairrge.



San oileán uaigneach so i gceart-lár na fairrge
móire tá na sean-aimseara againn arís. Tá! Seo
iad na cairrge céadna bhí ann nuair tógadh Dún
Conchobhair i n-allód & an fhairrge chéadna ag briseadh
& ag bualadh thart timcheall.



Ní'l aon athrughadh i mbéasaibh na ndaoine ó'n aimsir
a raibh an Ghaedhealtacht ar bun ar fud na tíre & is
beag athrughadh atá 'sa teangaidh acht an oiread. I
gcúrsaidh croidhthe Muinntire Inismeadhoin táid chomh
héadtrom & chomh Gaedhealach is do bhíodh i laethanntaibh
saoirse na hÉireann.



Tá críoch leis an nGabháil Fhuinn ar ball & éirigheann
na hiasgairí i ndiaidh a chéile le horáid do thabhairt
uatha ar an aimsir as fearr le hiasgaireacht, tráchtann
siad ar an uile rud bhaineas leis an gceist, & ag
éisteacht le binneas & blas na sean-teangadh seo
againn féin déanamuid dearmad ar an tseanmóir
Béarla chualamar ag an Aifrionn ar maidin. Obair i
n-aisdear dob' eadh an tseanmóir chéadna. B'fhearr i
bhfad trí nó ceithre fhocal i dteangaidh na ndaoine
ioná an tseanmóir as breaghtha sa domhan i dteangaidh
nach dtuigfeadh siad, & ní mór do shagartaibh na
hÉireann sin a thuigsint.



Tá an-spéis ag muinntir Inismeadhon 'san óráid-
eacht & tá greann gan teórain ar siubhal nuair éirigh-
eann Mac Uí Dhomhnall le cur i n-aghaidh a ndubhradh
go dtí sin. “Ní fhuil aon bhaint ag an aimsir leis an
iasgach chor ar bith,” deir sé fa dheireadh. “Nuair
bhíonns ocras ar na hiasgaibh déanann siad ar na
baoitibh. Sin é bun & bárr an sgéil, & ní bhaineann
ceó eile leis.”



Gé go raibh na buachaillí go maith 'sa léightheóracht
le haghaidh an aos' óig dob' iad na cailíní rug buaidh ar
fad. Níor chualamar riamh i n-aon teangaidh eile
léightheóracht chomh maith as do chualamar nuair do bhuail
na cailíní amach. Bhí ceart & fíor-bhinneas na Gaedhilge
innte.



Maidir leis na comórtasaibh eile le haghaidh na
bpáisdí bhí orainn iad do chur ar cáirde go dtí lá
ar n-a bhárach, acht ní misde a rádh annso go raibh
gach ceann aca ag baint barr feabhais dá chéile nuair
thárla gur cuireadh ar siubhal iad an lá i n-a dhiaidh
sin. Is maith do thuilleadar a bhfuaradar do
mhilseánaibh, do leabhraibh, & d'earraidhibh nach iad.



B'éidir gur b'é an comórtas do b'fhearr dá raibh
ann ioná aithriseóracht na sean-phaidreach. Sean-fhir ar
fad do b'iad do bhí 'gá rádh. Dob' oireamhnach iad an
áit & an t-am chum Ríogh na Glóire do mholadh. Dob'
oireamhnach leis na sean-urnaighthe ag teacht as
béalaibh na sean-daoine i n-aimsir an eadar-sholais
thar éis sgaramhna an lae & an oidhche ó chéile.



Is beag solas do bhí ann nuair bhí óráid dá tabhairt
dúinn ag mac-léighinn as an oileán do bhí ag caitheamh
a chuid laetheannta saoire 'sa' mbaile. Is ar éigean
do bhí aimsear againn 'n-a dhiaidh sin chum na duais-
eanna do thabhairt amach sul do thuit dorchadas na
hoidhche orainn. Ní gábhadh a rádh gur iomdha croidhe
sásta do bhí i nInismeadon an oidhche sin agus ní lugha
sásamh ar gcroidhe féin ioná cách.



Úna Ní Fhaircheallaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services