Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aeridheacht Chuain Daire i gConndae Chorcaighe.
Title
Aeridheacht Chuain Daire i gConndae Chorcaighe.
Author(s)
Seán Ruadh,
Pen Name
Seán Ruadh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aeridheacht Chuain Daire i gConndae Chorcaighe. Áit an-dheas is eadh Cuan Dur nuair bhíonn aimsir bhreagh ann, agus bíonn sí níos deise fós nuair bhíonn a lán daoine bailighthe ann. Is beag an iongnadh ann- sain go raibh sí ar a feabhas an Domhnach so imthigh thorainn, nuair bhí an aeridheacht ar siubhal ann. Tháinig daoine i bhfad & i ngairid chum an bhaill — cuid aca ag rothuidheacht & cuid eile ag coisidheacht & cuid mhaith ar chóistibh. Bhí árdughadh socruighthe suas go maith ag Séamas de Barra & beirt eile, & tuilleann siad árd- bhuidheachas mar gheall air. Níor b'fhéidir leat aon áit níos oireamhnaighe fhagháil i gcomhair na ndaoine. Bhíodar suidhte ar thaobh an chnuic ghlais faoi sgáth na gcrann, an fhairrge ar a n-aghaidh amach go ciúin gan cor innti agus an ghrian ag féachaint go soilseach ar muir & ar talamh. Bhí bratach uaithne ag crothadh ós cionn na ndaoine. Bratach na craoibhe atá i bPar- óisde na Léime do b'eadh í. Bhí ceann eile treasan1 an bhóthar, & “Fáilte chum Chuan Dur” sgríobhtha uirr. Thóg an tAthair Micheál Ua Coineangáin an chathaoir ar a trí a chlog, & chuir sé fáilte roimh na daoine go léir. Sagart paróisde na háite is eadh é, & is aige sin atá an Ghaedhilg binn. Dhein sé óráid chiallmhar innti, & annsain ghlaodhuigh sé ar Shéamas de Barra, múinteóir scoile, chum óráid eile a dhéanamh. Is maith chuige é leis, agus bhí na daoine go léir ag léimnigh le háthas an fhad a's bhí sé ag cainnt. Sean-Ghaedhilg- eóir iseadh Séamas, cíodh gur fear óg fós é. Tháinig Padruig Ua hÉidirsgeóil, eagarthóir an Southern Star, ar an árdán annsain, agus labhair sé tamall. Is annamh chloisfimís Gaedhilg ó n-a leithéid sin, acht fíor-Éireannach atá 'san bhfear so. Dhein sé óráid bhríoghmhar shlachtmhar, agus chuir sé ceist na Gaedhilge os comhair na ndaoine go dian-mhaith ar fad. Bhí ringce & ceól & abhráin annsain ar feadh uair a chluig, & bhí na sean-daoine chomh meidhreach le páisdíbh arís, mar chuir sé i gcuimhne dhóibh an tsean-aimsir, agus dubhairt cuid aca “gur gearr uainn arís í.”
Ghlaodhuigh an cathaoirleach ar an Timthire Ua hAnnracháin a bhí láithreach chum rud éigin do rádh le na daoinibh. Labhair sé sin ar feadh tamail- lín, agus thrácht sé ar an athrughadh a tháinig ar Éirinn ó thosnuigh muinntir na hÉireann a dteanga féin do chur chum cinn. D'innis sé cionnus a bhí gach éinne — ó'n easbog 'na chathaoir go dtí an tsean-bhean 'na suidhistín — ag marbhughadh na teangadh le tamall fada, & cionnus atá na daoine ag déanamh aithrighe ar an bpeacaigh sin anois. D'iarr sé ortha go léir Gaedhilg do labhairt le chéile 'sa' bhaile agus as baile. Bhí aithriseóireacht & ringce, ceóil & abhráin, ar feadh tamall eile annsain. Thug Uilliam Ua Murchadha, ó Sgibirín, “Siubhail, a Ghrádh,” uaidh go rígh-mhaith. Tá guth an-bhinn ar fad aige. Bhí cailín deas ó'n gCananaigh ann agus guth chomh bhinn le héinín aici, & ní raibh buachaill láithreach ná raibh ag trácht uirri. Is iomdha duine a bhí ag formad le Micheál Ua hÁil- gheasa nuair chonnacadar na cailíní go léir ar a lorg tar éis, “Tórramh an Bharraile” do thabhairt uaidh do réir an tsean-nóis. Bhí daoine ann ó Dhún na mBeann Bhuidhe & iad chomh meidhreach a's bhíodar riamh, & níor bheag dhóibh an méid sin. Bhí beirt aca ag seinnm ceóil & ceathrar ag ringce. Nuair chuaidh sean Dhiarmuid Ua Claochlaoidh i n-áirde ar an árdán bhí bualadh bos ar gach taobh; acht, nuair bhí an “Crúiscin Lán” gabhtha aige ba gheall le tóirneach an gleó bhí ann. Bhí Diar- muid chomh grádhmhar sain gur dhóich leat gur ar bhais- deadh nó ar phósadh bhí sé. Bhí triúr dearbhráthar de mhuinntir Dhonnabháin ann agus iad ag abhráin agus ag aithriseóireacht. Ó Pharóisde an Bhealadh is eadh iad, agus tá deirbhshiúr óg mhaiseamhail mhánla aca chomh maith nó b'fhéidir níos fearr 'ná héan cheann aca chum an Ghaedhilg a labhairt. Cois na teineadh táid siad ag foghluim; an t-athair & an mháthair atá 'gá múineadh. Daoine uaisle saidhbhir iseadh iad so. Is mairg nach fuil a thuilleadh dá leithéid timcheall na tíre seo. Do labhair an tAthair Mícheál focal nó dhó arís 'sa' deir- eadh. 'Sé Séamus de Barra bhí i bhfeidhil an ghnó go léir, & is maith a chuir sé i bhfeidhm é. 'Dtaobh amuigh de'n chathaoirleach, bhí triúr sagart eile ann — beirt de shloinneadh Búrcaigh, ó Pharóisde na Léime agus an tAthair Ua hAodha, ó'n Ros. Bhí a lán daoine ó Sgibirín na mBoicíní ann, & iad ag labhairt Béarla galánta mar ba ghnáthach leó. Bhí Domhnaill Gaedhealach Ua Dubhagáin, ó “Bhéal an Dá Chab,” ag labhairt Gaedhilge le n-a cháirdibh ann, agus bhí Inghean uasal Ní Chochláin, ó Chonnradh na Gaedhilge, Lunndain, ag seanchuidheacht liom féin feadh tamaillín gearr, & ní holc chuige í. Bhí Tadhg Ua Coileáin, ó'n Ros, láith- reach, agus ghabh sé abhrán deas. Chonnac Seaghán Ua hAodha, ó Sgibirín, agus Conchubhar Ua hÉidirsceóil, ó Thráigh Omna (beirt múinteóir scoile), agus iad ag aistriughadh na Gaedhilge do dhaoinibh eile bhí ag éist- eacht & gan aca acht Béarla — go bhfóiridh Dia ortha! Tá Conchubhar ag déanamh a lán i n-a scoil féin ar son na Gaedhilge i gan fhios do'n tsaoghail, agus tá Seaghán Ua h-Aodha go dian-mhaith leis. Chonnac Doch- túir Ua Cléirigh ó Chloch na Cille ann, & é ag éisteacht agus a' faire chomh cúramach le páisde ar scoil. Bhí buidhean ceóil ó'n Ros láithreach leis, i rith an lae, & is mór an mhaitheas a dhineadar. Fá dheireadh thiar thall b'éigin dúinn briseadh suas, mar bhí an oidhche a' teacht & bhí cuid againn i bhfad ó bhaile. Annsain bhí crothadh lámh ar gach taobh. Bhí cuid aca roighin ag sgaramhaint ó n-a chéile tar áis an lae, mar is iongantach an seanbháidh atá 'sa' nGaedhilg i gcomhnuidhe. Chloisfeá “Slán leat!” agus “Go dtéidh tú slán!” thall a's i bhfus, agus d'airigheas fo-dhuine 'ghá rádh “Ní fheadar cá shoin a mbuailfimís uim a chéile arís?” nó “Nach gearr a bhí an tráthnóna ag sleamhnughadh uainn.“ Is fada bhéidh cuimhne ar an aeridheacht sain againne. Tháinig ceó-furán báisdighe orainn ar an mbóthar, & iad-san a bhí gan sgáth bhíodar gearánach, go háirithe na cailíní, mar loiteann an ceó féin na cleití deasa & na ribíní síoda sleamhain seo chaitheann siad go minic. “Seán Ruadh”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services