Aeridheacht Chuain Daire i gConndae
Chorcaighe.
Áit an-dheas is eadh Cuan Dur nuair bhíonn aimsir
bhreagh ann, agus bíonn sí níos deise fós nuair bhíonn
a lán daoine bailighthe ann. Is beag an iongnadh ann-
sain go raibh sí ar a feabhas an Domhnach so imthigh
thorainn, nuair bhí an aeridheacht ar siubhal ann. Tháinig
daoine i bhfad & i ngairid chum an bhaill — cuid aca ag
rothuidheacht & cuid eile ag coisidheacht & cuid mhaith ar
chóistibh. Bhí árdughadh socruighthe suas go maith ag
Séamas de Barra & beirt eile, & tuilleann siad árd-
bhuidheachas mar gheall air. Níor b'fhéidir leat aon
áit níos oireamhnaighe fhagháil i gcomhair na ndaoine.
Bhíodar suidhte ar thaobh an chnuic ghlais faoi sgáth na
gcrann, an fhairrge ar a n-aghaidh amach go ciúin gan
cor innti agus an ghrian ag féachaint go soilseach ar
muir & ar talamh. Bhí bratach uaithne ag crothadh ós
cionn na ndaoine. Bratach na craoibhe atá i bPar-
óisde na Léime do b'eadh í. Bhí ceann eile treasan1
an bhóthar, & “Fáilte chum Chuan Dur” sgríobhtha uirr.
Thóg an tAthair Micheál Ua Coineangáin an chathaoir
ar a trí a chlog, & chuir sé fáilte roimh na daoine go
léir. Sagart paróisde na háite is eadh é, & is aige
sin atá an Ghaedhilg binn. Dhein sé óráid chiallmhar
innti, & annsain ghlaodhuigh sé ar Shéamas de Barra,
múinteóir scoile, chum óráid eile a dhéanamh. Is maith
chuige é leis, agus bhí na daoine go léir ag léimnigh le
háthas an fhad a's bhí sé ag cainnt. Sean-Ghaedhilg-
eóir iseadh Séamas, cíodh gur fear óg fós é. Tháinig
Padruig Ua hÉidirsgeóil, eagarthóir an Southern
Star, ar an árdán annsain, agus labhair sé tamall.
Is annamh chloisfimís Gaedhilg ó n-a leithéid sin, acht
fíor-Éireannach atá 'san bhfear so. Dhein sé óráid
bhríoghmhar shlachtmhar, agus chuir sé ceist na Gaedhilge
os comhair na ndaoine go dian-mhaith ar fad. Bhí
ringce & ceól & abhráin annsain ar feadh uair a chluig,
& bhí na sean-daoine chomh meidhreach le páisdíbh arís,
mar chuir sé i gcuimhne dhóibh an tsean-aimsir, agus
dubhairt cuid aca “gur gearr uainn arís í.”
Ghlaodhuigh an cathaoirleach ar an Timthire Ua
hAnnracháin a bhí láithreach chum rud éigin do rádh
le na daoinibh. Labhair sé sin ar feadh tamail-
lín, agus thrácht sé ar an athrughadh a tháinig ar
Éirinn ó thosnuigh muinntir na hÉireann a dteanga
féin do chur chum cinn. D'innis sé cionnus a bhí gach
éinne — ó'n easbog 'na chathaoir go dtí an tsean-bhean
'na suidhistín — ag marbhughadh na teangadh le tamall
fada, & cionnus atá na daoine ag déanamh aithrighe
ar an bpeacaigh sin anois. D'iarr sé ortha go léir
Gaedhilg do labhairt le chéile 'sa' bhaile agus as baile.
Bhí aithriseóireacht & ringce, ceóil & abhráin, ar feadh
tamall eile annsain. Thug Uilliam Ua Murchadha, ó
Sgibirín, “Siubhail, a Ghrádh,” uaidh go rígh-mhaith. Tá
guth an-bhinn ar fad aige. Bhí cailín deas ó'n
gCananaigh ann agus guth chomh bhinn le héinín aici, &
ní raibh buachaill láithreach ná raibh ag trácht uirri. Is
iomdha duine a bhí ag formad le Micheál Ua hÁil-
gheasa nuair chonnacadar na cailíní go léir ar a lorg
tar éis, “Tórramh an Bharraile” do thabhairt uaidh do
réir an tsean-nóis. Bhí daoine ann ó Dhún na mBeann
Bhuidhe & iad chomh meidhreach a's bhíodar riamh, & níor
bheag dhóibh an méid sin. Bhí beirt aca ag seinnm ceóil
& ceathrar ag ringce. Nuair chuaidh sean Dhiarmuid
Ua Claochlaoidh i n-áirde ar an árdán bhí bualadh bos
ar gach taobh; acht, nuair bhí an “Crúiscin Lán” gabhtha
aige ba gheall le tóirneach an gleó bhí ann. Bhí Diar-
muid chomh grádhmhar sain gur dhóich leat gur ar bhais-
deadh nó ar phósadh bhí sé.
Bhí triúr dearbhráthar de mhuinntir Dhonnabháin
ann agus iad ag abhráin agus ag aithriseóireacht.
Ó Pharóisde an Bhealadh is eadh iad, agus tá
deirbhshiúr óg mhaiseamhail mhánla aca chomh maith nó
b'fhéidir níos fearr 'ná héan cheann aca chum an
Ghaedhilg a labhairt. Cois na teineadh táid siad ag
foghluim; an t-athair & an mháthair atá 'gá múineadh.
Daoine uaisle saidhbhir iseadh iad so. Is mairg nach
fuil a thuilleadh dá leithéid timcheall na tíre seo. Do
labhair an tAthair Mícheál focal nó dhó arís 'sa' deir-
eadh.
'Sé Séamus de Barra bhí i bhfeidhil an ghnó go
léir, & is maith a chuir sé i bhfeidhm é. 'Dtaobh amuigh
de'n chathaoirleach, bhí triúr sagart eile ann — beirt
de shloinneadh Búrcaigh, ó Pharóisde na Léime agus
an tAthair Ua hAodha, ó'n Ros. Bhí a lán daoine ó
Sgibirín na mBoicíní ann, & iad ag labhairt Béarla
galánta mar ba ghnáthach leó. Bhí Domhnaill Gaedhealach
Ua Dubhagáin, ó “Bhéal an Dá Chab,” ag labhairt
Gaedhilge le n-a cháirdibh ann, agus bhí Inghean uasal
Ní Chochláin, ó Chonnradh na Gaedhilge, Lunndain, ag
seanchuidheacht liom féin feadh tamaillín gearr, & ní
holc chuige í. Bhí Tadhg Ua Coileáin, ó'n Ros, láith-
reach, agus ghabh sé abhrán deas. Chonnac Seaghán Ua
hAodha, ó Sgibirín, agus Conchubhar Ua hÉidirsceóil,
ó Thráigh Omna (beirt múinteóir scoile), agus iad ag
aistriughadh na Gaedhilge do dhaoinibh eile bhí ag éist-
eacht & gan aca acht Béarla — go bhfóiridh Dia ortha!
Tá Conchubhar ag déanamh a lán i n-a scoil féin ar
son na Gaedhilge i gan fhios do'n tsaoghail, agus tá
Seaghán Ua h-Aodha go dian-mhaith leis. Chonnac Doch-
túir Ua Cléirigh ó Chloch na Cille ann, & é ag éisteacht
agus a' faire chomh cúramach le páisde ar scoil. Bhí
buidhean ceóil ó'n Ros láithreach leis, i rith an lae, &
is mór an mhaitheas a dhineadar.
Fá dheireadh thiar thall b'éigin dúinn briseadh suas,
mar bhí an oidhche a' teacht & bhí cuid againn i bhfad ó
bhaile. Annsain bhí crothadh lámh ar gach taobh. Bhí
cuid aca roighin ag sgaramhaint ó n-a chéile tar
áis an lae, mar is iongantach an seanbháidh atá
'sa' nGaedhilg i gcomhnuidhe. Chloisfeá “Slán leat!”
agus “Go dtéidh tú slán!” thall a's i bhfus,
agus d'airigheas fo-dhuine 'ghá rádh “Ní fheadar cá
shoin a mbuailfimís uim a chéile arís?” nó “Nach gearr
a bhí an tráthnóna ag sleamhnughadh uainn.“ Is fada
bhéidh cuimhne ar an aeridheacht sain againne. Tháinig
ceó-furán báisdighe orainn ar an mbóthar, & iad-san
a bhí gan sgáth bhíodar gearánach, go háirithe na cailíní,
mar loiteann an ceó féin na cleití deasa & na ribíní
síoda sleamhain seo chaitheann siad go minic.
“Seán Ruadh”
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11