Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Tá Tulach Dubhghlaise ann siúd go fóill & an tsean- roilig acht char chualas iomrádh nó tuairisg riamh ar leic bháisdidh Cholaim Chille. Is cosmhail nach bhfuarthas í go dtí an lá indiu, & ní shílim go bhfuil smid tuigse ag daoinibh na háite go bhfuil a leithéid d'ionmhus i bhfolach 'sa' dúthaigh. Tá an tsean-roilig ann ar a dtugtar Teampoll Dhubhghlaise, acht ní fios damh an í an tsean-roilig chéadna do bhí ann i n-aimsir Mhágh- nusa Uí Dhomhnaill nó an í Céidimtheacht Cholaim Chille. Is dóighthe gurab í. Tá báidh agam do'n áit sin cheana féin. Tá mo sheacht sinnser féin 'na luighe go suaimhneach faoi'n chreafóig 'san roilig úd & sgáth an tsean-teampoill ós a gcionn. Tá m'athair 'na luighe ann tar éis nochaid bliadhain do chaitheamh 'san ngleann seo na ndeór, & tá deirbhshiúr liom 'na luighe le n-a thaoibh. Go ndéanaidh Dia trócaire orra! — is meannra dhóibh bheith 'na luighe ann siúd i gCéidimtheacht Cholaim Chille, i roilig Tulcha Dubhghlaise. Ní fios damh cia'ca fíor nó bréagach an creideamh nach leigeann cré na roilge tubaist nó galar do bhuaint le daoinibh ghníos turas ann, acht tá súil agam nach leigfidh Colam naomhtha d'anmnaibh súd atá 'na luighe i n-a acra féin bheith i leath-trom 'sa' síoruidheacht, acht do dtiubhraidh sé fuasgladh dóibh tré n-a impidhe & tré n-a urnaighe, & go mbeirfidh sé i n-a airicis féin iad. Is meannra dóibh a gcuid corp do bheith i n-a Chéidimtheacht. Tá sean-chuimhne 'san áit gur cuireadh cosg ar an Aifrionn 'sa' chill úd i n-aimsir na Planndála, nó b'fhéidir i n-aimsir Chroimeal. Tá Caiptin Stafford ainmniste gur bh'é do bhris le lámh-órd na clocha greannta do bhí fá'n altóir agus mar ursanna na ndoirse & na bhfuinneóg. Bíodh sin mar atá sé, níor dubhradh Aifrionn 'san teampoll le mo linn-se nó le linn m'athar nó creidim i bhfad roimhe sin. Bhí sean- tseipéil i bhfoigseacht leath-mhíle dó ag an Ghlaic-Bháin ar tógadh i n-aimsir na Dlighthe Pianamhsach, agus is iomdha sean-sgéal ar chualas fá dtaoibh dé. Tá car- raig mhór fhiadháin i n-aice na háite ar a dtugtar Carraig-na-mBlaigeard go dtí an lá indiu, agus is é seo an fáth atá leis an ainm: Bhí sagart beag dúr ann, a chuirfeadh pianus puiblidhe ar dhaoinibh nuair bhéadh coir throm, dar leis, i n-a éadán. Duine ar bith a bhéadh ar meisge nó a' troid i Leitir Ceannain lá an margadh, nó bhéadh cionntach i rud do'n chinéal sin, bheireadh sé orra, an Domhnach 'na dhiaidh, dhul suas ar an gcarraig & fanmhaint annsin ar a dhá ghlúin nochda le linn an Aifrinn; agus is iomdha Domhnach do bhéadh drong buachaill óg & sean-daoine ann siúd ar bhruach na carraige, & iad ag urnaigheadh & ag osnaighil & ag bualadh a n-ucht ar feadh uaire an chloig go dtiubhradh an sagart fuasgladh & cead imtheachta dóibh tar éis dó an tAifrionn do chríochnughadh. Dar ndóighe bhéadh daoine ag sgigearacht fá lucht na haithrighe & tugadh Carraig-na-mBlaigeard ar an áit, & lean an t-ainm di ó shoin. Lá Nodlag gach bliadhain bhéadh cluiche iomáine ag muinntir na paróisde ag an phobul. Bhéadh liathróid le duine aca & bhéadh na camáin leó faoi n-a n-eas- guill, &, nuair a bhéadh an treas Aifrionn thart, léim- feadh na buachaillí óga 'na seasamh agus amach ar an bhealach mhór leó. Chaithfeadh duine an liathróid ar lár an bhealaigh mhóir, & sin í an áit a mbéadh ag ghaisgidh- eacht cia'n taoibh de'n pharóisde bheireadh an liathróid leó. Bhéadh an iomartas & an ciapail chéadna aca ag gach croisbhealach go dtiubhradh baile éigin an liathróid leó 'sa' deireadh, & bhíodh an bhuaidh ag an bhaile sin. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services