Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL



Tá Tulach Dubhghlaise ann siúd go fóill & an tsean-
roilig acht char chualas iomrádh nó tuairisg riamh ar
leic bháisdidh Cholaim Chille. Is cosmhail nach bhfuarthas
í go dtí an lá indiu, & ní shílim go bhfuil smid tuigse
ag daoinibh na háite go bhfuil a leithéid d'ionmhus i
bhfolach 'sa' dúthaigh. Tá an tsean-roilig ann ar a
dtugtar Teampoll Dhubhghlaise, acht ní fios damh an í
an tsean-roilig chéadna do bhí ann i n-aimsir Mhágh-
nusa Uí Dhomhnaill nó an í Céidimtheacht Cholaim Chille.
Is dóighthe gurab í. Tá báidh agam do'n áit sin cheana
féin. Tá mo sheacht sinnser féin 'na luighe go
suaimhneach faoi'n chreafóig 'san roilig úd & sgáth an
tsean-teampoill ós a gcionn. Tá m'athair 'na luighe
ann tar éis nochaid bliadhain do chaitheamh 'san ngleann
seo na ndeór, & tá deirbhshiúr liom 'na luighe le n-a
thaoibh. Go ndéanaidh Dia trócaire orra! — is meannra
dhóibh bheith 'na luighe ann siúd i gCéidimtheacht Cholaim
Chille, i roilig Tulcha Dubhghlaise. Ní fios damh cia'ca
fíor nó bréagach an creideamh nach leigeann cré na
roilge tubaist nó galar do bhuaint le daoinibh ghníos
turas ann, acht tá súil agam nach leigfidh Colam
naomhtha d'anmnaibh súd atá 'na luighe i n-a acra féin
bheith i leath-trom 'sa' síoruidheacht, acht do dtiubhraidh
sé fuasgladh dóibh tré n-a impidhe & tré n-a urnaighe,
& go mbeirfidh sé i n-a airicis féin iad. Is meannra
dóibh a gcuid corp do bheith i n-a Chéidimtheacht.



Tá sean-chuimhne 'san áit gur cuireadh cosg ar an
Aifrionn 'sa' chill úd i n-aimsir na Planndála, nó
b'fhéidir i n-aimsir Chroimeal. Tá Caiptin Stafford
ainmniste gur bh'é do bhris le lámh-órd na clocha
greannta do bhí fá'n altóir agus mar ursanna na
ndoirse & na bhfuinneóg. Bíodh sin mar atá sé, níor
dubhradh Aifrionn 'san teampoll le mo linn-se nó le
linn m'athar nó creidim i bhfad roimhe sin. Bhí sean-
tseipéil i bhfoigseacht leath-mhíle dó ag an Ghlaic-Bháin
ar tógadh i n-aimsir na Dlighthe Pianamhsach, agus is
iomdha sean-sgéal ar chualas fá dtaoibh dé. Tá car-
raig mhór fhiadháin i n-aice na háite ar a dtugtar
Carraig-na-mBlaigeard go dtí an lá indiu, agus is é
seo an fáth atá leis an ainm: Bhí sagart beag dúr
ann, a chuirfeadh pianus puiblidhe ar dhaoinibh nuair
bhéadh coir throm, dar leis, i n-a éadán. Duine ar bith
a bhéadh ar meisge nó a' troid i Leitir Ceannain lá an
margadh, nó bhéadh cionntach i rud do'n chinéal sin,
bheireadh sé orra, an Domhnach 'na dhiaidh, dhul suas ar
an gcarraig & fanmhaint annsin ar a dhá ghlúin nochda
le linn an Aifrinn; agus is iomdha Domhnach do bhéadh
drong buachaill óg & sean-daoine ann siúd ar bhruach
na carraige, & iad ag urnaigheadh & ag osnaighil & ag
bualadh a n-ucht ar feadh uaire an chloig go dtiubhradh
an sagart fuasgladh & cead imtheachta dóibh tar éis
dó an tAifrionn do chríochnughadh. Dar ndóighe bhéadh
daoine ag sgigearacht fá lucht na haithrighe & tugadh
Carraig-na-mBlaigeard ar an áit, & lean an t-ainm
di ó shoin.



Lá Nodlag gach bliadhain bhéadh cluiche iomáine ag
muinntir na paróisde ag an phobul. Bhéadh liathróid
le duine aca & bhéadh na camáin leó faoi n-a n-eas-
guill, &, nuair a bhéadh an treas Aifrionn thart, léim-
feadh na buachaillí óga 'na seasamh agus amach ar an
bhealach mhór leó. Chaithfeadh duine an liathróid ar lár
an bhealaigh mhóir, & sin í an áit a mbéadh ag ghaisgidh-
eacht cia'n taoibh de'n pharóisde bheireadh an liathróid
leó. Bhéadh an iomartas & an ciapail chéadna aca ag
gach croisbhealach go dtiubhradh baile éigin an liathróid
leó 'sa' deireadh, & bhíodh an bhuaidh ag an bhaile sin.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services