Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cathair Odhar
Title
Cathair Odhar
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cathair Odhar Sgríobhas féin tá tamall ó shoin giota beag ar an gCathair Odhar, agus ní sháiseóchadh sain duine muinn- teardha dhom gan a thuilleadh feasa thabhairt dó. Deir sé liom gur chuarduigh sé léirsgáil nó mapa an domhain, agus nách féidir leis an chathair sin ná na hinseachaibh úd d'fhagháil amach. Cad é mo leigheas-sa air? 'Na theannta sain ní fheacuigheas riamh acht a leithéid do cheisteanna is chuireann sé orm. Tá a mhalairt de ghnó agam-sa 'ná bheith 'ghá bhfreagairt, acht mar sin féin, i gcás ná heiteóchainn ar fad é, freag- róchadh cuid aca. Tá ceann ar an gCathair Odhar. Comhnuidheann sé innte, & tá báidh aige le cuid mhaith do na daoinibh. Fear do mhuinntir Nic is eadh é. Tá an teist amuich orainn go bhfuil an-urraim againn do'n dlighe, acht ní há chasadh linn é is amhlaidh do bhímíd ag stealla-mhagaidh fá'n dlighe sin. Deir an Chlann Odhar gur cuireadh an dlighe sin ar bun i gcomhair an Chlann Uaithne do smachtughadh, & fágaim le hudhacht go measaim go bhfuil an ceart aca. Sin é an fáth is dócha go mbainid an Chlann Odhar ramhsach le clochaibh as Clann Ghorm an dlighe má bhíonn sé de mhisneach ag na plíomaidhe sin cur isteach ortha. Teasduigheann fear cabhartha uaim-se ins an tsaghas gnótha 'tá ar láimh agam, acht díolann fear eile a thuarasdal. Bilí is ainm do'n fhear cabhartha sain. Fear umhal éasgaidhe is eadh mo Bhilí-se, siúd is go gcromann sé ar ghuidheal le cois na mbeithidheach eile nuair do thagann taom is teas an tsamhraidh ortha. Labhrann sé ar nós an Chlann Odhar. “Savin” adeir i n-ionad “seacht,” “wan,” i n-ionad “a h-aon,” “twanti” i n-ionad “fiche,” “haund” i n-ionad “lámh,” & mar sin dóibh; agus, fá mar déarfádh-sa “siubhalóid,” déarfadh Bilí “dandher.” Acht bíodh sin mar atá, d'airigheas an lá eile go raibh leaca shleamhain is sgeólmhach reamhar ar mo Bhilí-se. “Is maith an crot é sin ort,” arsa mise. “Ní fuláir 'ná go bhfuil cóir mhaith 'sa' bhaile agat.” Chuir Bilí amhastar as. “At is eadh é,” ar seisean, agus do chrom sé ar dhranntán. “Is olc é an tinneas fiacal, a fhir bhoicht,” arsa mise. “Luigheachán bliadhna ortha! Cuirfear isteach go ceann ráithe iad go háirithe, acht tá súil agam go mbeidh sé níos sia,” arsa Bilí. “Goidé an mearbhall sin ort?” adeirim-se, ag féachaint go cruinn air. D'innis mo Bhilí dhom go raibh sé féin agus Alec is Sandi ag gabháil suas an bhóithrín cumhaing an tráth- nóna roimh ré, & cia chasfadh ortha acht aosánach de'n Chlann Uaithne — “Micí” do thugaid siad ar a leithéid. Fá mar innis Bilí dhom chuireadar aighneas ar an aosánach. “Slitherslatharholywather,” arsa ceann aca. “Tihollwiththepup!” ar Alec, mar is ar an gcuma sain do labhraid siad. “Bhí go maith,” adeir Bilí; “bhíomar ag glanadh ar mbróga i Micí, agus níor mhothuigheas pioc go dtáinig dailc eile de'n Chlann Uaithne ar mo ghualainn. Ní fhuil fhios agam go cruinn cionnus do thuit sé amach, mar shíleas go raibh an oidhche ann & na mílte réaltan ag cos-in-áirde thríd an spéir. Deir Sandi nách raibh ceapórd i n-aon-chor i láimh an dailc, acht deirim-se leat nách le dorn do ghnídh sé é.” “Cad do bhí ag an mbeirt eile 'gá dhéanamh?” “Ní fheadar. Tháinig fear leath-chois ar láthair, & staic mar mhaide croise aige; bhuail sé pleasg ar Alec, is leigheab dir an dá chluais ar Shandi; do ghnídh sé crúnca dhíomsa le rup de'n mhaide croise, &, dá olcas é an dailc, ba mheasa fear na leath-choise. Rug an plíoma gorm air féin is ar Mhicí. Thabharfainn an leabhar breac gur chuireadar orainn, & buailfear fá ghlas iad; acht nách mór an sgrios gur theip ortha breith ar an ndailc. Ní fhuil cor ins na pliomaidhe gorma sain — táid siad ró-bheathuighthe ar fad. Uch! tá an phian go dian im' chorrán; tá breis chainnte agam.” Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services