Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cathair Odhar

Title
Cathair Odhar
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cathair Odhar



Sgríobhas féin tá tamall ó shoin giota beag ar an
gCathair Odhar, agus ní sháiseóchadh sain duine muinn-
teardha dhom gan a thuilleadh feasa thabhairt dó. Deir
sé liom gur chuarduigh sé léirsgáil nó mapa an
domhain, agus nách féidir leis an chathair sin ná na
hinseachaibh úd d'fhagháil amach. Cad é mo leigheas-sa
air? 'Na theannta sain ní fheacuigheas riamh acht a
leithéid do cheisteanna is chuireann sé orm. Tá a
mhalairt de ghnó agam-sa 'ná bheith 'ghá bhfreagairt, acht
mar sin féin, i gcás ná heiteóchainn ar fad é, freag-
róchadh cuid aca. Tá ceann ar an gCathair Odhar.
Comhnuidheann sé innte, & tá báidh aige le cuid mhaith
do na daoinibh. Fear do mhuinntir Nic is eadh é.



Tá an teist amuich orainn go bhfuil an-urraim
againn do'n dlighe, acht ní há chasadh linn é is amhlaidh
do bhímíd ag stealla-mhagaidh fá'n dlighe sin. Deir an
Chlann Odhar gur cuireadh an dlighe sin ar bun i
gcomhair an Chlann Uaithne do smachtughadh, & fágaim
le hudhacht go measaim go bhfuil an ceart aca. Sin
é an fáth is dócha go mbainid an Chlann Odhar ramhsach
le clochaibh as Clann Ghorm an dlighe má bhíonn sé de
mhisneach ag na plíomaidhe sin cur isteach ortha.



Teasduigheann fear cabhartha uaim-se ins an tsaghas
gnótha 'tá ar láimh agam, acht díolann fear eile a
thuarasdal. Bilí is ainm do'n fhear cabhartha sain.
Fear umhal éasgaidhe is eadh mo Bhilí-se, siúd is go
gcromann sé ar ghuidheal le cois na mbeithidheach eile
nuair do thagann taom is teas an tsamhraidh ortha.
Labhrann sé ar nós an Chlann Odhar. “Savin” adeir
i n-ionad “seacht,” “wan,” i n-ionad “a h-aon,”
“twanti” i n-ionad “fiche,” “haund” i n-ionad
“lámh,” & mar sin dóibh; agus, fá mar déarfádh-sa
“siubhalóid,” déarfadh Bilí “dandher.”



Acht bíodh sin mar atá, d'airigheas an lá eile go
raibh leaca shleamhain is sgeólmhach reamhar ar mo
Bhilí-se.



“Is maith an crot é sin ort,” arsa mise. “Ní
fuláir 'ná go bhfuil cóir mhaith 'sa' bhaile agat.”



Chuir Bilí amhastar as.



“At is eadh é,” ar seisean, agus do chrom sé ar
dhranntán.



“Is olc é an tinneas fiacal, a fhir bhoicht,” arsa
mise.



“Luigheachán bliadhna ortha! Cuirfear isteach go
ceann ráithe iad go háirithe, acht tá súil agam go
mbeidh sé níos sia,” arsa Bilí.



“Goidé an mearbhall sin ort?” adeirim-se, ag
féachaint go cruinn air.



D'innis mo Bhilí dhom go raibh sé féin agus Alec is
Sandi ag gabháil suas an bhóithrín cumhaing an tráth-
nóna roimh ré, & cia chasfadh ortha acht aosánach de'n
Chlann Uaithne — “Micí” do thugaid siad ar a leithéid.
Fá mar innis Bilí dhom chuireadar aighneas ar an
aosánach.



“Slitherslatharholywather,” arsa ceann aca.



“Tihollwiththepup!” ar Alec, mar is ar an
gcuma sain do labhraid siad.



“Bhí go maith,” adeir Bilí; “bhíomar ag glanadh ar
mbróga i Micí, agus níor mhothuigheas pioc go dtáinig
dailc eile de'n Chlann Uaithne ar mo ghualainn. Ní
fhuil fhios agam go cruinn cionnus do thuit sé amach,
mar shíleas go raibh an oidhche ann & na mílte réaltan
ag cos-in-áirde thríd an spéir. Deir Sandi nách raibh
ceapórd i n-aon-chor i láimh an dailc, acht deirim-se
leat nách le dorn do ghnídh sé é.”



“Cad do bhí ag an mbeirt eile 'gá dhéanamh?”



“Ní fheadar. Tháinig fear leath-chois ar láthair, &
staic mar mhaide croise aige; bhuail sé pleasg ar
Alec, is leigheab dir an dá chluais ar Shandi; do
ghnídh sé crúnca dhíomsa le rup de'n mhaide croise, &,
dá olcas é an dailc, ba mheasa fear na leath-choise.
Rug an plíoma gorm air féin is ar Mhicí. Thabharfainn
an leabhar breac gur chuireadar orainn, & buailfear
fá ghlas iad; acht nách mór an sgrios gur theip ortha
breith ar an ndailc. Ní fhuil cor ins na pliomaidhe
gorma sain — táid siad ró-bheathuighthe ar fad. Uch!
tá an phian go dian im' chorrán; tá breis chainnte
agam.”



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services