Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL. Bhí fá thuairim deich gcloigne daoine i láthair an oidhche úd ar bh'fhéidir leo ringce do dhéanamh, & chuir- eamar comórtas ar cois eatorra. Chá raibh na duais- eanna mór. Thairgeamar maide maith droighin do'n ringceóir a b'fhearr agus píopa dhriseóga do'n darna fear. Fuaramar coiscéimeanna maithe ringce asta le linn an chomórtais sin agus is mór an truaighe nach leanaid an t-aos óg go léir do'n ringce ceart mar ghníos cor dhuine. Chár tugadh an chéad dhuais do'n fhear a b'fhearr ár a shon sin. Bhíos féin i mo bhreith- eamh, acht bhí beirt dheólach óg comhpháirteach liom, & bhí droch-rún ag an bheirt do'n ringceóir úd. Bhuain sé duais ag feis a bhí 'san áit roimh-ré, agus mhaoidheamh sé a chuid ringce barraidheacht dar le na buachaillibh do bhí mar breitheamhnaibh, & cheap siad comhairle gan duais eile thabhairt dó. Chá raibh fios agam ar sin an uair sin, óir ní aontóchainn leis ar chor ar bith. Chá dearn na buachaillí acht greann & adhbhar gáire de'n obair seo, acht is olc an obair an neamh-ionraiceas, bíodh sé beag nó mór. Mhothuigheas neamh-ionnraiceas ní ba mheasa 'ná sin, nuair bhíos i dTírchonaill. Bhí fear siopa ann a fuair cuid mhaith earraidhe idir biotáille & neitheannaibh eile ó cheannuidhthibh móra i mBéalfeirsde & i mBaile-Átha- Cliath. Theip air díol ar a son. Chuir na ceannuidhthe dligheadh air, agus tugadh órdughadh ó'n gcúirt a chuid earraidhe go hiomlán do dhíol & a fhiacha d'íoc. Mar sin de, bhí réic nó cantál ann lá amháin, & díoladh a thalamh, a theach, a sduic, & a raibh aige; acht, má díoladh féin, ba bheag an buntáiste dá fhiachamhnaibh an réic sin, mar nach bhfuarthas d'airgead asta go léir acht fá thuairim fiche púnnta, siúd is gur fiú ceithre céad púnnta iad ar a laghad. Díoladh ba ar chúpla sgil- ling, & ó sin siar. Anois, goidé ba chiall do'n obair úd? Tá gur chuidigh a chomhursanna le fear na bhfiacha gan a chuid fiacha do dhíol. Tháinig daoine creideamh- nacha na háite — bhí fiú iúistís 'sa' péas agus sagart i láthair — le cosg do chur ar dhuine ar bith beithidheach nó maide do cheannach, i modh nár bh'fhéidir do na ceannuidhthibh móra a gcuid airgid d'fhagháil! Chá raibh dadaidh ag duine ar bith i n-eadán na gceannuidhthe sin, agus chár dhubhairt fear na bhfiacha go raibh dadaidh aige in a n-eadán, acht siúd mar réidhtigh sé leó, agus ghabh a chomhursanna páirt leis 'sa' bheart. Anois, ba mhór an éagcóir rinneadh an lá úd, dar liom-sa, & ba mhór an dochar do chúis na tíre. Goidé mar thiocfas le duine ar bith taobhadh le daoinibh nach bhfuil ionraic in a gcuid gnótha? Agus goidé mar thiocfas le tír a dhul i bhfeabhas nó i soirbhe muna dtig le duine taobhadh le duine eile? Is olc an obair í, & measaim go bhfuil barraidheacht dí in ar measg. An raibh spiorad Gaedhealach imeasg na ndaoine óg a bhí láthair an oidhche úd? Caithfidh mé ráidht nach raibh. Chá raibh dadaidh ag cur buadhartha orra acht súgradh na boimide. Cuireadh craobh de Chonnradh na Gaedh- ilge ar bun 'san áit, acht chár mhair sí i bhfad. Ní'l droch-rún aca do'n Ghaedhilg, acht ní ghlacfadh siad an buaidhreadh a foghluim. I gcionn trí nó ceithre bliadh- an béidh an chuid is mó aca ar shiubhal go Glascú nó go hAmeirioca, & ní ghnóthfaidh Éire pighinn orra níos mó. Cuireadh na céadta daoine ar shiubhal ó Ghleann tSúiligh le mo linn-se féin, & ní móide 'ná go dtig- eann sgéala ar ais uatha anois is arís. An brochán & na préataí ar cailleadh leó i n-aimsir a n-óige, tá siad caillte, & sin a bhfuil dé. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services