Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL.



Bhí fá thuairim deich gcloigne daoine i láthair an
oidhche úd ar bh'fhéidir leo ringce do dhéanamh, & chuir-
eamar comórtas ar cois eatorra. Chá raibh na duais-
eanna mór. Thairgeamar maide maith droighin do'n
ringceóir a b'fhearr agus píopa dhriseóga do'n darna
fear. Fuaramar coiscéimeanna maithe ringce asta
le linn an chomórtais sin agus is mór an truaighe nach
leanaid an t-aos óg go léir do'n ringce ceart mar
ghníos cor dhuine. Chár tugadh an chéad dhuais do'n
fhear a b'fhearr ár a shon sin. Bhíos féin i mo bhreith-
eamh, acht bhí beirt dheólach óg comhpháirteach liom, & bhí
droch-rún ag an bheirt do'n ringceóir úd. Bhuain sé
duais ag feis a bhí 'san áit roimh-ré, agus mhaoidheamh
sé a chuid ringce barraidheacht dar le na buachaillibh
do bhí mar breitheamhnaibh, & cheap siad comhairle gan
duais eile thabhairt dó. Chá raibh fios agam ar sin an
uair sin, óir ní aontóchainn leis ar chor ar bith. Chá
dearn na buachaillí acht greann & adhbhar gáire de'n
obair seo, acht is olc an obair an neamh-ionraiceas,
bíodh sé beag nó mór.



Mhothuigheas neamh-ionnraiceas ní ba mheasa 'ná sin,
nuair bhíos i dTírchonaill. Bhí fear siopa ann a fuair
cuid mhaith earraidhe idir biotáille & neitheannaibh eile
ó cheannuidhthibh móra i mBéalfeirsde & i mBaile-Átha-
Cliath. Theip air díol ar a son. Chuir na ceannuidhthe
dligheadh air, agus tugadh órdughadh ó'n gcúirt a chuid
earraidhe go hiomlán do dhíol & a fhiacha d'íoc. Mar
sin de, bhí réic nó cantál ann lá amháin, & díoladh a
thalamh, a theach, a sduic, & a raibh aige; acht, má díoladh
féin, ba bheag an buntáiste dá fhiachamhnaibh an réic
sin, mar nach bhfuarthas d'airgead asta go léir acht
fá thuairim fiche púnnta, siúd is gur fiú ceithre céad
púnnta iad ar a laghad. Díoladh ba ar chúpla sgil-
ling, & ó sin siar. Anois, goidé ba chiall do'n obair
úd? Tá gur chuidigh a chomhursanna le fear na bhfiacha
gan a chuid fiacha do dhíol. Tháinig daoine creideamh-
nacha na háite — bhí fiú iúistís 'sa' péas agus sagart i
láthair — le cosg do chur ar dhuine ar bith beithidheach
nó maide do cheannach, i modh nár bh'fhéidir do na
ceannuidhthibh móra a gcuid airgid d'fhagháil! Chá raibh
dadaidh ag duine ar bith i n-eadán na gceannuidhthe
sin, agus chár dhubhairt fear na bhfiacha go raibh dadaidh
aige in a n-eadán, acht siúd mar réidhtigh sé leó, agus
ghabh a chomhursanna páirt leis 'sa' bheart.



Anois, ba mhór an éagcóir rinneadh an lá úd, dar
liom-sa, & ba mhór an dochar do chúis na tíre. Goidé
mar thiocfas le duine ar bith taobhadh le daoinibh nach
bhfuil ionraic in a gcuid gnótha? Agus goidé mar
thiocfas le tír a dhul i bhfeabhas nó i soirbhe muna dtig
le duine taobhadh le duine eile? Is olc an obair í, &
measaim go bhfuil barraidheacht dí in ar measg.



An raibh spiorad Gaedhealach imeasg na ndaoine óg
a bhí láthair an oidhche úd? Caithfidh mé ráidht nach raibh.
Chá raibh dadaidh ag cur buadhartha orra acht súgradh
na boimide. Cuireadh craobh de Chonnradh na Gaedh-
ilge ar bun 'san áit, acht chár mhair sí i bhfad. Ní'l
droch-rún aca do'n Ghaedhilg, acht ní ghlacfadh siad an
buaidhreadh a foghluim. I gcionn trí nó ceithre bliadh-
an béidh an chuid is mó aca ar shiubhal go Glascú nó
go hAmeirioca, & ní ghnóthfaidh Éire pighinn orra níos
mó. Cuireadh na céadta daoine ar shiubhal ó Ghleann
tSúiligh le mo linn-se féin, & ní móide 'ná go dtig-
eann sgéala ar ais uatha anois is arís. An brochán &
na préataí ar cailleadh leó i n-aimsir a n-óige, tá
siad caillte, & sin a bhfuil dé.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services