Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó'n Iar i dTuaidh
Title
Ó'n Iar i dTuaidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó'n Iar i dTuaidh Do bhailigh cruinniughadh mór i nArd Achaidh i bParáiste Inbhir, Condae Dhúin-na-nGall, an chéad Domhnach do'n mhí seo. Sé dubhairt ar gcara Seaghán Mac a' Bháird (na Cealla Beaga) go raibh níos mó de'n Ghaedhilg 'gá labhairt i mBaile Áth Cliath anois 'ná tá i nDún-na-nGall. Do spreag Dochtúir Maguibhir na daoine a ndícheall a dhéanamh ar son na Gaedhilge. Thug an sagart an Paidirín Páirteach uaidh i nGaedhilg & do labhair sé go meanmneach ó'n gcathaoir le na phobal ar son na sean-teangan. Sé deirimid-ne gur maith linn an teanga bheith 'ghá labhairt 'sa chathair seo acht b'fhearr linn go mór a chloinstin go bhfuil sí faoi mheas ins na ceanntaraibh Gaedhealacha. Is ortha-san atá ar seasamh indiu. Is uatha-san amháin a thagann fíor-spiorad na Gaedhilge chugainn-ne annso. Má chaillean siad an Ghaedhilg is beag an mhaith do mhuinntir Bhaile Átha Cliath bheith ad' iarraidh í shábháil. Ní baile Gaedhealach Sráth Bán. Déarfá gur baile Gallda é. Acht nuair a bhíonn beirt nó triúr & an smior ceart ionnta in áit is iongantach an méid oibre a thuiteann leo. Seo mar atá an sgéal i Sráth Bán. Tá Sagart ann, an t-Athair Mac Giolla Chatháin & nuair a chuireann sé chum oibre a dhéanamh ní baoghal ná go mbéidh sé déanta. Tá múinteóir aca sa mbaile anois le níos mó ná bliadhain. Múineann an buachaill céadna rangacha sa Bhaile-Nuadh & ag Crosbhóthar Drom-mór. Tá feis le bheith aca i Sráth Bán i ndeireadh na mí seo. Go n-eirghe an t-ádh leo i gcomhnuidhe & go gcuiridh Dia an rath ar a n-obair. Nuair d'fhill teachtairí Dhoire abhaile ó Átha-Cliath, thugadar cúnntas ar an Oireachtas dá gcraobhachaibh. Seo nós maith, & ba mhaith linn a chlos go leanann teachtaire eile an nós céadna. Ba mhaith linn sgéala fhagháil ó am go ham ar an obair atá ar bun ag an gcoiste ceanntair. Tá an Samhradh againn anois, nó ba mhithid é bheith againn, & ba chóir go mbéadh obair éicint curtha ar bun i gcóir an Fhóghmhair. Chímid go mbéidh cuairt go dtí na Cealla Beaga ag Craobh Cuilm-Cille, seachtmhain ó mbáireach, & coicthidheas na dhiaidh sin (Meitheamh 29), béidh turas ag muinntir Cumainn Litiordha na Gaedhilge siar go dtí baile Dhúin-na-nGall & Tamhnach a tSalainn (Mount Charles). Má bhíonn an aimsir breágh, ba cheart ná beadh turas i naisdear ag aon chuid aca. Tá “Cú Uladh” i nDún-na-nGall le tamall, & mar is gnáthach leis, tá obair beirt fhear aige ghá dhéanamh ar son na Gaedhilge. Is truaigh gan fiche fear mar é i nDún-na-nGall. Dá mbéadh, níor baoghal do'n Ghaedhilg i dTír Chonaill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services