Ó'n Iar i dTuaidh
Do bhailigh cruinniughadh mór i nArd Achaidh i
bParáiste Inbhir, Condae Dhúin-na-nGall, an chéad
Domhnach do'n mhí seo. Sé dubhairt ar gcara Seaghán
Mac a' Bháird (na Cealla Beaga) go raibh níos mó
de'n Ghaedhilg 'gá labhairt i mBaile Áth Cliath anois
'ná tá i nDún-na-nGall.
Do spreag Dochtúir Maguibhir na daoine a
ndícheall a dhéanamh ar son na Gaedhilge.
Thug an sagart an Paidirín Páirteach uaidh i
nGaedhilg & do labhair sé go meanmneach ó'n gcathaoir
le na phobal ar son na sean-teangan.
Sé deirimid-ne gur maith linn an teanga bheith 'ghá
labhairt 'sa chathair seo acht b'fhearr linn go mór a
chloinstin go bhfuil sí faoi mheas ins na ceanntaraibh
Gaedhealacha. Is ortha-san atá ar seasamh indiu.
Is uatha-san amháin a thagann fíor-spiorad na
Gaedhilge chugainn-ne annso.
Má chaillean siad an Ghaedhilg is beag an mhaith do
mhuinntir Bhaile Átha Cliath bheith ad' iarraidh í shábháil.
Ní baile Gaedhealach Sráth Bán. Déarfá gur baile
Gallda é. Acht nuair a bhíonn beirt nó triúr & an
smior ceart ionnta in áit is iongantach an méid
oibre a thuiteann leo. Seo mar atá an sgéal i Sráth
Bán.
Tá Sagart ann, an t-Athair Mac Giolla Chatháin
& nuair a chuireann sé chum oibre a dhéanamh ní baoghal
ná go mbéidh sé déanta. Tá múinteóir aca sa
mbaile anois le níos mó ná bliadhain. Múineann an
buachaill céadna rangacha sa Bhaile-Nuadh & ag
Crosbhóthar Drom-mór. Tá feis le bheith aca i Sráth
Bán i ndeireadh na mí seo. Go n-eirghe an t-ádh leo
i gcomhnuidhe & go gcuiridh Dia an rath ar a n-obair.
Nuair d'fhill teachtairí Dhoire abhaile ó Átha-Cliath,
thugadar cúnntas ar an Oireachtas dá gcraobhachaibh.
Seo nós maith, & ba mhaith linn a chlos go leanann
teachtaire eile an nós céadna.
Ba mhaith linn sgéala fhagháil ó am go ham ar an
obair atá ar bun ag an gcoiste ceanntair. Tá an
Samhradh againn anois, nó ba mhithid é bheith againn, &
ba chóir go mbéadh obair éicint curtha ar bun i gcóir
an Fhóghmhair.
Chímid go mbéidh cuairt go dtí na Cealla Beaga
ag Craobh Cuilm-Cille, seachtmhain ó mbáireach, &
coicthidheas na dhiaidh sin (Meitheamh 29), béidh turas
ag muinntir Cumainn Litiordha na Gaedhilge siar go
dtí baile Dhúin-na-nGall & Tamhnach a tSalainn (Mount
Charles).
Má bhíonn an aimsir breágh, ba cheart ná beadh
turas i naisdear ag aon chuid aca.
Tá “Cú Uladh” i nDún-na-nGall le tamall, & mar is
gnáthach leis, tá obair beirt fhear aige ghá dhéanamh ar
son na Gaedhilge. Is truaigh gan fiche fear mar é i
nDún-na-nGall. Dá mbéadh, níor baoghal do'n Ghaedhilg
i dTír Chonaill.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11