Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guirtín na mBó
Title
Guirtín na mBó
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guirtín na mBó Tá sé sgathamh ó shoin ó thráchtas ar chuairt do thugas fá Ghuirtín na mBó le linn an gheimhridh seo ghabh tharainn. Ag cur deiridh leis an eachtra sin dam, gheallas go mbéadh tuilleadh le n-aithris agam nuair bhéadh mo sgíth leigthe. Tá mo sgíth leigthe agam anois & mé chomh láidir le Sasanach & chomh cainnteach le sean-chailligh siubhail. Ó's dona an fear nach gcoimhlíon- ann a gheallamhna, bíodh an chuid eile do'n sgéal agaibh anois, i n-ainm Dé. I n-earball an lae, mar d'innseas cheana dhíbh, do shroicheas an teach bán, & fuadar fúm ag déanamh a bhaile. Sheasas os a chomhair, & dubhras liom féin go mbuailfinn isteach le dídion oidhche d'iarraidh ar mhuinntir an tighe. Ba ghearr an mhoill orm gur sgaras an geata & gur ghabhas leithead mo dhá bhonn do'n tsráid. D'amharcas im' mhór-thimcheall. Sráid sáthach mór do bhí innti, & lochán ar thaoibh amháin dhi. Bhí bárdal & dhá lachain ag snámh ar an lochán & iad ag grágaighil ar a ndícheall. Bhí sgata do chearcaibh bhailighthe thart timcheall an dorais ag fuireach le cuid na hoidhche. Bhí cruach mhór mhóna ar an taoibh ó dheas do'n teach. Bhí páircín mhín fhódmhar ar chúl an tighe & dhá chaoirigh ag inghilt innti. D'éirigh an cnoc 'na cholamhain dhírigh as sin suas, & ag breathnughadh suas dam níor fhéadas a mhala d'fheicsint ar an ádhbhar go raibh sé fá néal ceatha. Bheannuigheas isteach ar an doras. Ní raibh bocht ná nocht romham acht bean an tighe féin. Bhí sise 'na suidhe cois teineadh & í ag sníomhachán. Nuair chonnaic sí chuici isteach mé, bhuail sí ina seasamh & chuir sí na mílte fáilte romham. Beanaín beag go bídeach do bhí innti & í chomh gasta la circín. Chuir sí stól cois teineadh, ghlan sí le na haprún é, & dubhairt sí liom deasughadh anuas. Rinneas amhlaidh. Siar léithi ann- sin go seomra eile, & aniar arís léithi & copán bláth- aigh aici. “Ól deoch,” ar sise, ag síneadh amach an chopáin dam. Níor theastuigh an dara cuireadh uaim. “Slán an mháithreach,” arsa mise, ag breith ar an gcopán & ag ól a raibh ann isteach im' chraos mar d'ólfadh cat leamhnacht. Siar arís léithi gan hu ná há aisti & aniar léithi thar éis nóimidín & copán eile aici & é líonta go béal. D'ólas an dara copán chomh miath céadna. Shuidh sí fúithi annsin & bhí seanchus ag an mbeirt againn cois teineadh. D'innseas di m'imtheachta ó d'fhágas Gaillimh. Nuair chuala sí go rabhas gan biadh ó mhaidin sgannruigh sí. “Sábháilidh Mac Dé sinn,” ar sise. “An créatúr! gan blas le n-ithe ó mhaidin! M'anam, maiseadh, gur tusa an mac mí-fhortúnach!” Suas léithi, & bhí saothar an domhan fúithi ar feadh tamaill ag gléas bídh dham. Chuaidh sí soir go dtí an garrdha le fataí a bhaint. Ar bhfilleadh go dtí an teach dhi, thosuigh sí dhá nglanadh go díreach mar bhéadh a hanam air. Nuair bhí na fataí glanta aici chuaidh sí go sac plúir do bhí ar chúl an dorais & bhain sí dhá mhám plúir cruithneachta as le bonnóg a dhéanamh. Níor stop sí acht ag cainnt fhaid is bhí an obair seo ar siubhal aici. Ó am go ham bhreathnuigheadh sí amach ar an doras, & adeireadh sí: “Is fada amuigh Máire.” “M'anam, cia hí Máire?” a deirim-se liom féin, ag clos na bhfocail so dham. Ní fhaca tú riamh bean chomh gnóthach is do bhí Cáitín — b'in é ainm mná an tighe — ar feadh ceathramhadh uaire. Shílfeá go mbéadh na mílte leis an suipéir a chaitheamh 'leabaidh fear amháin. Ba thruagh cráidhte liom nár fhéadas cabhair ná congnamh 'thabhairt di. Bhíodh na muca ag teacht isteach gach re nóimid ag sáthadh a srón isteach i ngach uile rud & ag cur feirge na cruinne ar Cháitín. Bhíodh an bhean bhocht ag déanamh orra go bagarthach, & ag rádh “Gabhaidh soir,” “Fágaidh sin,” “Droch-rath oraibh,” & a leithéidí. Bhéadh sé chomh maith dhi bheith feadaighil. Ar deireadh thiar, le cabhrughadh léithi, ghabhas-sa orm féin an biadh do chosaint ar na mucaibh, & thosnuigheas ag bagairt orra go borb, & sa deireadh ag caitheamh aithinneacha leó. Bhí an gleó so ar siubhal againn nuair dubhairt Cáitin, ag breathnughadh amach an doras di, — “Tá Máire ag dul aniar.” Níor bh'fhada 'na dhiadh sin go gcualas Máire isteach chugainn ar an tsráid. D'árduigheas mo cheann le feicsint cia'rbh í féin. Tháinig sí go dtí an doras, &, ar bhféachaint an stráinséir dhi, sheas sí go cúthal ar an tairsigh. Ó thárla gur sheas, bhí uain agam le lán mó shúl a bhaint aisti. Bheirim mo dheimhin dhíbh gur deas an cailín do bhí innti. Ní raibh sí thar sé bliadhna déag d'aois. Bhí sí fionn-bhán, & cúl dualach gruaige uirri. Bhí a cuid gruaige go cloipeach anois thar éis na gaoithe. Bhí chlár a héadáin chomh mín leis an gceannabhán, &, dá mbadh file mé, chuirfinn a chraiceann i gcoimh-mheas leis an sneachta & a béilín i gcoimh-mheas leis an gcaor caorthainn. Ní fhéadfá a rádh ciaca leis an lile nó leis an rós ba mhó bhí a ghruadh ag dul i gcosmhail- eacht. Bhí sí cos-lomnocht, & ní fhaca tú riamh rúitín ná coisin ní ba dheise ná mar bhí fúithi. Bhí pigín ar iomchar aici, & é lán do leamhnacht. Ba léir go raibh sí tar éis na ba a bhleaghan.
“Tabhair deoch leamhnatcha do'n duine uasal, a Mháire,” arsa Cáitín. D'imthigh Máire siar leis an mbainne do shéalughadh, & nuair bhí sé séaluighthe aici tháinig sí aniar & thairg sí deoch dham. Bhí an oiread ólta agam cheana is do bhí le mí roimhe sin, acht ó thárla gur bh'í Máire thairg dham é, ar mo bhás níor fhéadas a heiteach. “Faduigh teine, a Mháire,” arsa Cáitín & í ag dórtadh copáin bainne as a bplúr. Bhí teine sáthach mór thíos cheana, acht ba dheacair Cáitín a shásamh. D'imthigh Máire soir & anoir léithi gan mhoill & bacóg mhóna ar iomchar aici. Chaith sí an bhacóg ar an teaghlach & chrom sí ar an teinidh a fhadughadh. Ba mhian liom-sa cainnt a bhaint as Máire, mar siúd is gur bhinn í Gaedhilg Cháitín ba dheimhin liom go mbadh bhinne í Gaedhilg Mháire, cé nar mhothuigheas focal aisti go dtí seo. “Badh mhaith liom,” arsa mise léithi sa deireadh, “dá mbéadh 'fhios agam ar an gcaoi 's fearr le teinidh a fhadughadh.” “Múinfidh mise dhuit é,” ar sise. Ní'l éan chabhair dham a rádh go rabhas toilteannach go leór ar cheacht d'fhagháil uaithi. Go dearbhtha ní minic bhí múinteóir ba dheise ag duine ná mar bhí agam- sa an lá úd. Le cruthughadh gur mhaith an teagasgaidhe í, & gur bh' aireach an sgolaire mise san am chéadna, cuirfeadh síos i ndiaidh a chéile go díreach mar d'fhaduigh sí an teine. Nuair bhí an bhacóg caithte ar an teaghlach aici, rug sí ar an tlú & tharraing sí an teine amach ó'n mbac. Annsin chuir sí na fóide b'fhuide 'na seasamh ar a gceann le cúl na teineadh, chuir sí na haithinneacha dearga 'na seasamh i n-aghaidh na bhfód, & d'fhaduigh sí na fóide ba ghiorra i n-aghaidh na n-aithinneacha úd. Réir mar bhí sí ag fadughadh na teineadh, chuireadh sí na fóide fada ar a gceann, & dá mbíodh éan fhód ní b'fhuide ná an chuid eile, dhéanfadh sí dhá leith dhe trasna a glúine. Dá mbíodh fód ar bith aca do-bhriste, bhuailfeadh sí i n-aghaidh an bhaic é, & is aici bhí an chiall gan a ghlúinín a ghortughadh. Bhriseas-sa ceann nó dhó dhi, acht creidim gur sgioptha & gur deas-lámhaighe d'fhéadfadh sí an obair a dhéanamh í féin. D'ísligh an bheirt againn ar ár nglúnadh annsin, & thosnuigheamar ar an teinidh a shéideadh le n-ar gcuid anála. Acht do réir mar bhí Máire ag deargadh na teineadh, is amhlaidh do bhíos-sa dhá cur as. “Nach fada atá an teine ag deargadh, a Mháire,” adeireadh Cáitín anois is arís. “Tá an mhóin beagán tais,” adeirinn-se, rud nár bh'fhíor dham, go bhfóiridh Dia orm, mar is mé féin ba chionntach leis an trioblóid uile. Acht fá dheireadh & fá dheóidh bhí an teine deargtha againn, — nó, má's fírinne ghlan atá uaibh, ag Máire, — & a leithéid do theineadh ní fhaca sibh riamh, ní túisge bhí sí deargtha, ná tháinig Cáitín anois & pota mór fataí aici. Rug Máire ar an lúib do bhí ar an gcrochadh, sháith sí isteach i ndúirnínibh an phota í, & chuir Cáitín an pota ar crochadh os cionn an teineadh. Dheasuigh Máire áit fheileamhnach do'n ghreideal annsin, & chuir Cáitín síos an bhonnóg. Nuair a bhí sin déanta líon Máire citeal & chuir sí síos é sin chomh maith céadna. Dhearg an teine fá thóin an chitil, & ba ghearr go raibh sé ag fiuchadh ar chroidhe a dhíchill. Nuair mhothuigh Máire ag fiuchadh é, líon sí an taepot & chuir sí 'na shuidhe ar fhód é. Tharraing sí amach lán an tlú do'n ghríosach & chuir sí faoi é. 'San am chéadna chuir sí síos cúpla ubh. Ba léir nach mbéadh aon easbaidh bídh orainn ar éan chuma. Pádraig Mac Piarais (Leanfar dhe seo)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services