Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guirtín na mBó

Title
Guirtín na mBó
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guirtín na mBó



Tá sé sgathamh ó shoin ó thráchtas ar chuairt do
thugas fá Ghuirtín na mBó le linn an gheimhridh seo ghabh
tharainn. Ag cur deiridh leis an eachtra sin dam,
gheallas go mbéadh tuilleadh le n-aithris agam nuair
bhéadh mo sgíth leigthe. Tá mo sgíth leigthe agam anois
& mé chomh láidir le Sasanach & chomh cainnteach le
sean-chailligh siubhail. Ó's dona an fear nach gcoimhlíon-
ann a gheallamhna, bíodh an chuid eile do'n sgéal agaibh
anois, i n-ainm Dé.



I n-earball an lae, mar d'innseas cheana dhíbh, do
shroicheas an teach bán, & fuadar fúm ag déanamh
a bhaile. Sheasas os a chomhair, & dubhras liom féin go
mbuailfinn isteach le dídion oidhche d'iarraidh ar
mhuinntir an tighe. Ba ghearr an mhoill orm gur
sgaras an geata & gur ghabhas leithead mo dhá bhonn
do'n tsráid.



D'amharcas im' mhór-thimcheall. Sráid sáthach mór
do bhí innti, & lochán ar thaoibh amháin dhi. Bhí bárdal &
dhá lachain ag snámh ar an lochán & iad ag grágaighil ar
a ndícheall. Bhí sgata do chearcaibh bhailighthe thart
timcheall an dorais ag fuireach le cuid na hoidhche.
Bhí cruach mhór mhóna ar an taoibh ó dheas do'n teach.
Bhí páircín mhín fhódmhar ar chúl an tighe & dhá chaoirigh
ag inghilt innti. D'éirigh an cnoc 'na cholamhain dhírigh
as sin suas, & ag breathnughadh suas dam níor fhéadas
a mhala d'fheicsint ar an ádhbhar go raibh sé fá néal
ceatha.



Bheannuigheas isteach ar an doras. Ní raibh bocht ná
nocht romham acht bean an tighe féin. Bhí sise 'na
suidhe cois teineadh & í ag sníomhachán. Nuair chonnaic
sí chuici isteach mé, bhuail sí ina seasamh & chuir sí na
mílte fáilte romham. Beanaín beag go bídeach do
bhí innti & í chomh gasta la circín. Chuir sí stól cois
teineadh, ghlan sí le na haprún é, & dubhairt sí liom
deasughadh anuas. Rinneas amhlaidh. Siar léithi ann-
sin go seomra eile, & aniar arís léithi & copán bláth-
aigh aici.



“Ól deoch,” ar sise, ag síneadh amach an chopáin
dam.



Níor theastuigh an dara cuireadh uaim.



“Slán an mháithreach,” arsa mise, ag breith ar an
gcopán & ag ól a raibh ann isteach im' chraos mar
d'ólfadh cat leamhnacht.



Siar arís léithi gan hu ná há aisti & aniar léithi thar
éis nóimidín & copán eile aici & é líonta go béal.
D'ólas an dara copán chomh miath céadna.



Shuidh sí fúithi annsin & bhí seanchus ag an mbeirt
againn cois teineadh. D'innseas di m'imtheachta ó
d'fhágas Gaillimh. Nuair chuala sí go rabhas gan biadh
ó mhaidin sgannruigh sí.



“Sábháilidh Mac Dé sinn,” ar sise. “An créatúr!
gan blas le n-ithe ó mhaidin! M'anam, maiseadh, gur
tusa an mac mí-fhortúnach!”



Suas léithi, & bhí saothar an domhan fúithi ar feadh
tamaill ag gléas bídh dham. Chuaidh sí soir go dtí
an garrdha le fataí a bhaint. Ar bhfilleadh go dtí an
teach dhi, thosuigh sí dhá nglanadh go díreach mar bhéadh a
hanam air. Nuair bhí na fataí glanta aici
chuaidh sí go sac plúir do bhí ar chúl an dorais &
bhain sí dhá mhám plúir cruithneachta as le bonnóg a
dhéanamh. Níor stop sí acht ag cainnt fhaid is bhí an
obair seo ar siubhal aici. Ó am go ham bhreathnuigheadh
sí amach ar an doras, & adeireadh sí:



“Is fada amuigh Máire.”



“M'anam, cia hí Máire?” a deirim-se liom féin,
ag clos na bhfocail so dham.



Ní fhaca tú riamh bean chomh gnóthach is do bhí Cáitín
— b'in é ainm mná an tighe — ar feadh ceathramhadh
uaire. Shílfeá go mbéadh na mílte leis an suipéir
a chaitheamh 'leabaidh fear amháin. Ba thruagh cráidhte
liom nár fhéadas cabhair ná congnamh 'thabhairt di.
Bhíodh na muca ag teacht isteach gach re nóimid ag
sáthadh a srón isteach i ngach uile rud & ag cur feirge
na cruinne ar Cháitín. Bhíodh an bhean bhocht ag déanamh
orra go bagarthach, & ag rádh “Gabhaidh soir,” “Fágaidh
sin,” “Droch-rath oraibh,” & a leithéidí. Bhéadh sé chomh
maith dhi bheith feadaighil. Ar deireadh thiar, le
cabhrughadh léithi, ghabhas-sa orm féin an biadh do
chosaint ar na mucaibh, & thosnuigheas ag bagairt orra
go borb, & sa deireadh ag caitheamh aithinneacha leó.



Bhí an gleó so ar siubhal againn nuair dubhairt
Cáitin, ag breathnughadh amach an doras di, —



“Tá Máire ag dul aniar.”



Níor bh'fhada 'na dhiadh sin go gcualas Máire
isteach chugainn ar an tsráid. D'árduigheas mo cheann
le feicsint cia'rbh í féin. Tháinig sí go dtí an doras,
&, ar bhféachaint an stráinséir dhi, sheas sí go cúthal ar
an tairsigh. Ó thárla gur sheas, bhí uain agam le lán
mó shúl a bhaint aisti.



Bheirim mo dheimhin dhíbh gur deas an cailín do bhí
innti. Ní raibh sí thar sé bliadhna déag d'aois. Bhí sí
fionn-bhán, & cúl dualach gruaige uirri. Bhí a cuid
gruaige go cloipeach anois thar éis na gaoithe. Bhí
chlár a héadáin chomh mín leis an gceannabhán, &, dá
mbadh file mé, chuirfinn a chraiceann i gcoimh-mheas
leis an sneachta & a béilín i gcoimh-mheas leis an
gcaor caorthainn. Ní fhéadfá a rádh ciaca leis an lile
nó leis an rós ba mhó bhí a ghruadh ag dul i gcosmhail-
eacht. Bhí sí cos-lomnocht, & ní fhaca tú riamh rúitín
ná coisin ní ba dheise ná mar bhí fúithi. Bhí pigín ar
iomchar aici, & é lán do leamhnacht. Ba léir go raibh
sí tar éis na ba a bhleaghan.


L. 192


“Tabhair deoch leamhnatcha do'n duine uasal, a
Mháire,” arsa Cáitín.



D'imthigh Máire siar leis an mbainne do shéalughadh,
& nuair bhí sé séaluighthe aici tháinig sí aniar & thairg sí
deoch dham. Bhí an oiread ólta agam cheana is do bhí
le mí roimhe sin, acht ó thárla gur bh'í Máire thairg
dham é, ar mo bhás níor fhéadas a heiteach.



“Faduigh teine, a Mháire,” arsa Cáitín & í ag
dórtadh copáin bainne as a bplúr.



Bhí teine sáthach mór thíos cheana, acht ba dheacair
Cáitín a shásamh. D'imthigh Máire soir & anoir léithi
gan mhoill & bacóg mhóna ar iomchar aici. Chaith sí an
bhacóg ar an teaghlach & chrom sí ar an teinidh a fhadughadh.



Ba mhian liom-sa cainnt a bhaint as Máire, mar siúd
is gur bhinn í Gaedhilg Cháitín ba dheimhin liom go mbadh
bhinne í Gaedhilg Mháire, cé nar mhothuigheas focal aisti
go dtí seo.



“Badh mhaith liom,” arsa mise léithi sa deireadh, “dá
mbéadh 'fhios agam ar an gcaoi 's fearr le teinidh a
fhadughadh.”



“Múinfidh mise dhuit é,” ar sise.



Ní'l éan chabhair dham a rádh go rabhas toilteannach
go leór ar cheacht d'fhagháil uaithi. Go dearbhtha ní
minic bhí múinteóir ba dheise ag duine ná mar bhí agam-
sa an lá úd. Le cruthughadh gur mhaith an teagasgaidhe
í, & gur bh' aireach an sgolaire mise san am chéadna,
cuirfeadh síos i ndiaidh a chéile go díreach mar
d'fhaduigh sí an teine.



Nuair bhí an bhacóg caithte ar an teaghlach aici, rug
sí ar an tlú & tharraing sí an teine amach ó'n mbac.
Annsin chuir sí na fóide b'fhuide 'na seasamh ar a gceann
le cúl na teineadh, chuir sí na haithinneacha dearga
'na seasamh i n-aghaidh na bhfód, & d'fhaduigh sí na fóide
ba ghiorra i n-aghaidh na n-aithinneacha úd. Réir mar bhí
sí ag fadughadh na teineadh, chuireadh sí na fóide fada ar
a gceann, & dá mbíodh éan fhód ní b'fhuide ná an chuid
eile, dhéanfadh sí dhá leith dhe trasna a glúine. Dá
mbíodh fód ar bith aca do-bhriste, bhuailfeadh sí i
n-aghaidh an bhaic é, & is aici bhí an chiall gan a
ghlúinín a ghortughadh. Bhriseas-sa ceann nó dhó dhi,
acht creidim gur sgioptha & gur deas-lámhaighe
d'fhéadfadh sí an obair a dhéanamh í féin. D'ísligh an
bheirt againn ar ár nglúnadh annsin, & thosnuigheamar
ar an teinidh a shéideadh le n-ar gcuid anála. Acht do
réir mar bhí Máire ag deargadh na teineadh, is amhlaidh
do bhíos-sa dhá cur as. “Nach fada atá an teine ag
deargadh, a Mháire,” adeireadh Cáitín anois is
arís.



“Tá an mhóin beagán tais,” adeirinn-se, rud nár
bh'fhíor dham, go bhfóiridh Dia orm, mar is mé féin ba
chionntach leis an trioblóid uile.



Acht fá dheireadh & fá dheóidh bhí an teine deargtha
againn, — nó, má's fírinne ghlan atá uaibh, ag Máire, —
& a leithéid do theineadh ní fhaca sibh riamh, ní túisge bhí
sí deargtha, ná tháinig Cáitín anois & pota mór fataí
aici. Rug Máire ar an lúib do bhí ar an gcrochadh,
sháith sí isteach i ndúirnínibh an phota í, & chuir Cáitín an
pota ar crochadh os cionn an teineadh. Dheasuigh Máire
áit fheileamhnach do'n ghreideal annsin, & chuir Cáitín
síos an bhonnóg. Nuair a bhí sin déanta líon Máire
citeal & chuir sí síos é sin chomh maith céadna. Dhearg
an teine fá thóin an chitil, & ba ghearr go raibh sé ag
fiuchadh ar chroidhe a dhíchill. Nuair mhothuigh Máire ag
fiuchadh é, líon sí an taepot & chuir sí 'na shuidhe ar fhód
é. Tharraing sí amach lán an tlú do'n ghríosach & chuir
sí faoi é. 'San am chéadna chuir sí síos cúpla
ubh. Ba léir nach mbéadh aon easbaidh bídh orainn ar
éan chuma.



Pádraig Mac Piarais



(Leanfar dhe seo)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services