Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guirtín na mBó
Title
Guirtín na mBó
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Guirtín na mBó</title><author><name type="main">Pádraig Mac Piarais</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1902_05_24_191</note> <note type="L">191</note> <note type="B">1902</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1902_05_24_191</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Pádraig Mac Piarais</author><title>Guirtín na mBó</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1902</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Guirtín na mBó</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>Tá sé sgathamh ó shoin ó thráchtas ar chuairt do</span> <lb n="4"/><span>thugas fá Ghuirtín na mBó le linn an gheimhridh seo ghabh</span> <lb n="5"/><span>tharainn. Ag cur deiridh leis an eachtra sin dam,</span> <lb n="6"/><span>gheallas go mbéadh tuilleadh le n-aithris agam nuair</span> <lb n="7"/><span>bhéadh mo sgíth leigthe. Tá mo sgíth leigthe agam anois</span> <lb n="8"/><span>& mé chomh láidir le Sasanach & chomh cainnteach le</span> <lb n="9"/><span>sean-chailligh siubhail. Ó's dona an fear nach gcoimhlíon-</span> <lb n="10"/><span>ann a gheallamhna, bíodh an chuid eile do'n sgéal agaibh</span> <lb n="11"/><span>anois, i n-ainm Dé.</span></p> <lb n="12"/> <lb n="13"/><p><span>I n-earball an lae, mar d'innseas cheana dhíbh, do</span> <lb n="14"/><span>shroicheas an teach bán, & fuadar fúm ag déanamh</span> <lb n="15"/><span>a bhaile. Sheasas os a chomhair, & dubhras liom féin go</span> <lb n="16"/><span>mbuailfinn isteach le dídion oidhche d'iarraidh ar</span> <lb n="17"/><span>mhuinntir an tighe. Ba ghearr an mhoill orm gur</span> <lb n="18"/><span>sgaras an geata & gur ghabhas leithead mo dhá bhonn</span> <lb n="19"/><span>do'n tsráid.</span></p> <lb n="20"/> <lb n="21"/><p><span>D'amharcas im' mhór-thimcheall. Sráid sáthach mór</span> <lb n="22"/><span>do bhí innti, & lochán ar thaoibh amháin dhi. Bhí bárdal &</span> <lb n="23"/><span>dhá lachain ag snámh ar an lochán & iad ag grágaighil ar</span> <lb n="24"/><span>a ndícheall. Bhí sgata do chearcaibh bhailighthe thart</span> <lb n="25"/><span>timcheall an dorais ag fuireach le cuid na hoidhche.</span> <lb n="26"/><span>Bhí cruach mhór mhóna ar an taoibh ó dheas do'n teach.</span> <lb n="27"/><span>Bhí páircín mhín fhódmhar ar chúl an tighe & dhá chaoirigh</span> <lb n="28"/><span>ag inghilt innti. D'éirigh an cnoc 'na cholamhain dhírigh</span> <lb n="29"/><span>as sin suas, & ag breathnughadh suas dam níor fhéadas</span> <lb n="30"/><span>a mhala d'fheicsint ar an ádhbhar go raibh sé fá néal</span> <lb n="31"/><span>ceatha.</span></p> <lb n="32"/> <lb n="33"/><p><span>Bheannuigheas isteach ar an doras. Ní raibh bocht ná</span> <lb n="34"/><span>nocht romham acht bean an tighe féin. Bhí sise 'na</span> <lb n="35"/><span>suidhe cois teineadh & í ag sníomhachán. Nuair chonnaic</span> <lb n="36"/><span>sí chuici isteach mé, bhuail sí ina seasamh & chuir sí na</span> <lb n="37"/><span>mílte fáilte romham. Beanaín beag go bídeach do</span> <lb n="38"/><span>bhí innti & í chomh gasta la circín. Chuir sí stól cois</span> <lb n="39"/><span>teineadh, ghlan sí le na haprún é, & dubhairt sí liom</span> <lb n="40"/><span>deasughadh anuas. Rinneas amhlaidh. Siar léithi ann-</span> <lb n="41"/><span>sin go seomra eile, & aniar arís léithi & copán bláth-</span> <lb n="42"/><span>aigh aici.</span></p> <lb n="43"/> <lb n="44"/><p><span>“Ól deoch,” ar sise, ag síneadh amach an chopáin</span> <lb n="45"/><span>dam.</span></p> <lb n="46"/> <lb n="47"/><p><span>Níor theastuigh an dara cuireadh uaim.</span></p> <lb n="48"/> <lb n="49"/><p><span>“Slán an mháithreach,” arsa mise, ag breith ar an</span> <lb n="50"/><span>gcopán & ag ól a raibh ann isteach im' chraos mar</span> <lb n="51"/><span>d'ólfadh cat leamhnacht.</span></p> <lb n="52"/> <lb n="53"/><p><span>Siar arís léithi gan hu ná há aisti & aniar léithi thar</span> <lb n="54"/><span>éis nóimidín & copán eile aici & é líonta go béal.</span> <lb n="55"/><span>D'ólas an dara copán chomh miath céadna.</span></p> <lb n="56"/> <lb n="57"/><p><span>Shuidh sí fúithi annsin & bhí seanchus ag an mbeirt</span> <lb n="58"/><span>againn cois teineadh. D'innseas di m'imtheachta ó</span> <lb n="59"/><span>d'fhágas Gaillimh. Nuair chuala sí go rabhas gan biadh</span> <lb n="60"/><span>ó mhaidin sgannruigh sí.</span></p> <lb n="61"/> <lb n="62"/><p><span>“Sábháilidh Mac Dé sinn,” ar sise. “An créatúr!</span> <lb n="63"/><span>gan blas le n-ithe ó mhaidin! M'anam, maiseadh, gur</span> <lb n="64"/><span>tusa an mac mí-fhortúnach!”</span></p> <lb n="65"/> <lb n="66"/><p><span>Suas léithi, & bhí saothar an domhan fúithi ar feadh</span> <lb n="67"/><span>tamaill ag gléas bídh dham. Chuaidh sí soir go dtí</span> <lb n="68"/><span>an garrdha le fataí a bhaint. Ar bhfilleadh go dtí an</span> <lb n="69"/><span>teach dhi, thosuigh sí dhá nglanadh go díreach mar bhéadh a</span> <lb n="70"/><span>hanam air. Nuair bhí na fataí glanta aici</span> <lb n="71"/><span>chuaidh sí go sac plúir do bhí ar chúl an dorais &</span> <lb n="72"/><span>bhain sí dhá mhám plúir cruithneachta as le bonnóg a</span> <lb n="73"/><span>dhéanamh. Níor stop sí acht ag cainnt fhaid is bhí an</span> <lb n="74"/><span>obair seo ar siubhal aici. Ó am go ham bhreathnuigheadh</span> <lb n="75"/><span>sí amach ar an doras, & adeireadh sí:</span></p> <lb n="76"/> <lb n="77"/><p><span>“Is fada amuigh Máire.”</span></p> <lb n="78"/> <lb n="79"/><p><span>“M'anam, cia hí Máire?” a deirim-se liom féin,</span> <lb n="80"/><span>ag clos na bhfocail so dham.</span></p> <lb n="81"/> <lb n="82"/><p><span>Ní fhaca tú riamh bean chomh gnóthach is do bhí Cáitín</span> <lb n="83"/><span>— b'in é ainm mná an tighe — ar feadh ceathramhadh</span> <lb n="84"/><span>uaire. Shílfeá go mbéadh na mílte leis an suipéir</span> <lb n="85"/><span>a chaitheamh 'leabaidh fear amháin. Ba thruagh cráidhte</span> <lb n="86"/><span>liom nár fhéadas cabhair ná congnamh 'thabhairt di.</span> <lb n="87"/><span>Bhíodh na muca ag teacht isteach gach re nóimid ag</span> <lb n="88"/><span>sáthadh a srón isteach i ngach uile rud & ag cur feirge</span> <lb n="89"/><span>na cruinne ar Cháitín. Bhíodh an bhean bhocht ag déanamh</span> <lb n="90"/><span>orra go bagarthach, & ag rádh “Gabhaidh soir,” “Fágaidh</span> <lb n="91"/><span>sin,” “Droch-rath oraibh,” & a leithéidí. Bhéadh sé chomh</span> <lb n="92"/><span>maith dhi bheith feadaighil. Ar deireadh thiar, le</span> <lb n="93"/><span>cabhrughadh léithi, ghabhas-sa orm féin an biadh do</span> <lb n="94"/><span>chosaint ar na mucaibh, & thosnuigheas ag bagairt orra</span> <lb n="95"/><span>go borb, & sa deireadh ag caitheamh aithinneacha leó.</span></p> <lb n="96"/> <lb n="97"/><p><span>Bhí an gleó so ar siubhal againn nuair dubhairt</span> <lb n="98"/><span>Cáitin, ag breathnughadh amach an doras di, —</span></p> <lb n="99"/> <lb n="100"/><p><span>“Tá Máire ag dul aniar.”</span></p> <lb n="101"/> <lb n="102"/><p><span>Níor bh'fhada 'na dhiadh sin go gcualas Máire</span> <lb n="103"/><span>isteach chugainn ar an tsráid. D'árduigheas mo cheann</span> <lb n="104"/><span>le feicsint cia'rbh í féin. Tháinig sí go dtí an doras,</span> <lb n="105"/><span>&, ar bhféachaint an stráinséir dhi, sheas sí go cúthal ar</span> <lb n="106"/><span>an tairsigh. Ó thárla gur sheas, bhí uain agam le lán</span> <lb n="107"/><span>mó shúl a bhaint aisti.</span></p> <lb n="108"/> <lb n="109"/><p><span>Bheirim mo dheimhin dhíbh gur deas an cailín do bhí</span> <lb n="110"/><span>innti. Ní raibh sí thar sé bliadhna déag d'aois. Bhí sí</span> <lb n="111"/><span>fionn-bhán, & cúl dualach gruaige uirri. Bhí a cuid</span> <lb n="112"/><span>gruaige go cloipeach anois thar éis na gaoithe. Bhí</span> <lb n="113"/><span>chlár a héadáin chomh mín leis an gceannabhán, &, dá</span> <lb n="114"/><span>mbadh file mé, chuirfinn a chraiceann i gcoimh-mheas</span> <lb n="115"/><span>leis an sneachta & a béilín i gcoimh-mheas leis an</span> <lb n="116"/><span>gcaor caorthainn. Ní fhéadfá a rádh ciaca leis an lile</span> <lb n="117"/><span>nó leis an rós ba mhó bhí a ghruadh ag dul i gcosmhail-</span> <lb n="118"/><span>eacht. Bhí sí cos-lomnocht, & ní fhaca tú riamh rúitín</span> <lb n="119"/><span>ná coisin ní ba dheise ná mar bhí fúithi. Bhí pigín ar</span> <lb n="120"/><span>iomchar aici, & é lán do leamhnacht. Ba léir go raibh</span> <lb n="121"/><span>sí tar éis na ba a bhleaghan.</span> <lb n="122"/></p> </div> <pb n="192"/> <div><lb n="123"/><p><span>“Tabhair deoch leamhnatcha do'n duine uasal, a</span> <lb n="124"/><span>Mháire,” arsa Cáitín.</span></p> <lb n="125"/> <lb n="126"/><p><span>D'imthigh Máire siar leis an mbainne do shéalughadh,</span> <lb n="127"/><span>& nuair bhí sé séaluighthe aici tháinig sí aniar & thairg sí</span> <lb n="128"/><span>deoch dham. Bhí an oiread ólta agam cheana is do bhí</span> <lb n="129"/><span>le mí roimhe sin, acht ó thárla gur bh'í Máire thairg</span> <lb n="130"/><span>dham é, ar mo bhás níor fhéadas a heiteach.</span></p> <lb n="131"/> <lb n="132"/><p><span>“Faduigh teine, a Mháire,” arsa Cáitín & í ag</span> <lb n="133"/><span>dórtadh copáin bainne as a bplúr.</span></p> <lb n="134"/> <lb n="135"/><p><span>Bhí teine sáthach mór thíos cheana, acht ba dheacair</span> <lb n="136"/><span>Cáitín a shásamh. D'imthigh Máire soir & anoir léithi</span> <lb n="137"/><span>gan mhoill & bacóg mhóna ar iomchar aici. Chaith sí an</span> <lb n="138"/><span>bhacóg ar an teaghlach & chrom sí ar an teinidh a fhadughadh.</span></p> <lb n="139"/> <lb n="140"/><p><span>Ba mhian liom-sa cainnt a bhaint as Máire, mar siúd</span> <lb n="141"/><span>is gur bhinn í Gaedhilg Cháitín ba dheimhin liom go mbadh</span> <lb n="142"/><span>bhinne í Gaedhilg Mháire, cé nar mhothuigheas focal aisti</span> <lb n="143"/><span>go dtí seo.</span></p> <lb n="144"/> <lb n="145"/><p><span>“Badh mhaith liom,” arsa mise léithi sa deireadh, “dá</span> <lb n="146"/><span>mbéadh 'fhios agam ar an gcaoi 's fearr le teinidh a</span> <lb n="147"/><span>fhadughadh.”</span></p> <lb n="148"/> <lb n="149"/><p><span>“Múinfidh mise dhuit é,” ar sise.</span></p> <lb n="150"/> <lb n="151"/><p><span>Ní'l éan chabhair dham a rádh go rabhas toilteannach</span> <lb n="152"/><span>go leór ar cheacht d'fhagháil uaithi. Go dearbhtha ní</span> <lb n="153"/><span>minic bhí múinteóir ba dheise ag duine ná mar bhí agam-</span> <lb n="154"/><span>sa an lá úd. Le cruthughadh gur mhaith an teagasgaidhe</span> <lb n="155"/><span>í, & gur bh' aireach an sgolaire mise san am chéadna,</span> <lb n="156"/><span>cuirfeadh síos i ndiaidh a chéile go díreach mar</span> <lb n="157"/><span>d'fhaduigh sí an teine.</span></p> <lb n="158"/> <lb n="159"/><p><span>Nuair bhí an bhacóg caithte ar an teaghlach aici, rug</span> <lb n="160"/><span>sí ar an tlú & tharraing sí an teine amach ó'n mbac.</span> <lb n="161"/><span>Annsin chuir sí na fóide b'fhuide 'na seasamh ar a gceann</span> <lb n="162"/><span>le cúl na teineadh, chuir sí na haithinneacha dearga</span> <lb n="163"/><span>'na seasamh i n-aghaidh na bhfód, & d'fhaduigh sí na fóide</span> <lb n="164"/><span>ba ghiorra i n-aghaidh na n-aithinneacha úd. Réir mar bhí</span> <lb n="165"/><span>sí ag fadughadh na teineadh, chuireadh sí na fóide fada ar</span> <lb n="166"/><span>a gceann, & dá mbíodh éan fhód ní b'fhuide ná an chuid</span> <lb n="167"/><span>eile, dhéanfadh sí dhá leith dhe trasna a glúine. Dá</span> <lb n="168"/><span>mbíodh fód ar bith aca do-bhriste, bhuailfeadh sí i</span> <lb n="169"/><span>n-aghaidh an bhaic é, & is aici bhí an chiall gan a</span> <lb n="170"/><span>ghlúinín a ghortughadh. Bhriseas-sa ceann nó dhó dhi,</span> <lb n="171"/><span>acht creidim gur sgioptha & gur deas-lámhaighe</span> <lb n="172"/><span>d'fhéadfadh sí an obair a dhéanamh í féin. D'ísligh an</span> <lb n="173"/><span>bheirt againn ar ár nglúnadh annsin, & thosnuigheamar</span> <lb n="174"/><span>ar an teinidh a shéideadh le n-ar gcuid anála. Acht do</span> <lb n="175"/><span>réir mar bhí Máire ag deargadh na teineadh, is amhlaidh</span> <lb n="176"/><span>do bhíos-sa dhá cur as. “Nach fada atá an teine ag</span> <lb n="177"/><span>deargadh, a Mháire,” adeireadh Cáitín anois is</span> <lb n="178"/><span>arís.</span></p> <lb n="179"/> <lb n="180"/><p><span>“Tá an mhóin beagán tais,” adeirinn-se, rud nár</span> <lb n="181"/><span>bh'fhíor dham, go bhfóiridh Dia orm, mar is mé féin ba</span> <lb n="182"/><span>chionntach leis an trioblóid uile.</span></p> <lb n="183"/> <lb n="184"/><p><span>Acht fá dheireadh & fá dheóidh bhí an teine deargtha</span> <lb n="185"/><span>againn, — nó, má's fírinne ghlan atá uaibh, ag Máire, —</span> <lb n="186"/><span>& a leithéid do theineadh ní fhaca sibh riamh, ní túisge bhí</span> <lb n="187"/><span>sí deargtha, ná tháinig Cáitín anois & pota mór fataí</span> <lb n="188"/><span>aici. Rug Máire ar an lúib do bhí ar an gcrochadh,</span> <lb n="189"/><span>sháith sí isteach i ndúirnínibh an phota í, & chuir Cáitín an</span> <lb n="190"/><span>pota ar crochadh os cionn an teineadh. Dheasuigh Máire</span> <lb n="191"/><span>áit fheileamhnach do'n ghreideal annsin, & chuir Cáitín</span> <lb n="192"/><span>síos an bhonnóg. Nuair a bhí sin déanta líon Máire</span> <lb n="193"/><span>citeal & chuir sí síos é sin chomh maith céadna. Dhearg</span> <lb n="194"/><span>an teine fá thóin an chitil, & ba ghearr go raibh sé ag</span> <lb n="195"/><span>fiuchadh ar chroidhe a dhíchill. Nuair mhothuigh Máire ag</span> <lb n="196"/><span>fiuchadh é, líon sí an taepot & chuir sí 'na shuidhe ar fhód</span> <lb n="197"/><span>é. Tharraing sí amach lán an tlú do'n ghríosach & chuir</span> <lb n="198"/><span>sí faoi é. 'San am chéadna chuir sí síos cúpla</span> <lb n="199"/><span>ubh. Ba léir nach mbéadh aon easbaidh bídh orainn ar</span> <lb n="200"/><span>éan chuma.</span></p> <lb n="201"/> <lb n="202"/><p><span>Pádraig Mac Piarais</span></p> <lb n="203"/> <lb n="204"/><p><span>(Leanfar dhe seo)</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services