Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Nuair a bhí an tae ólta againn & sinn ag suidhe thart cois na teineadh arís, lean Proinnsias dá laoidh: — Le sin rith an sgéala gan spás Go críoch na nIndiach na n-airm tláith, Go ndeachaidh bás an fhir go beacht Go dtí Buadhaidhe Catha, a dhearbhráthair. “Nach truaigh,” ar seisean, “bás an fhir Is gan mé d'fhagháil a éiric?” Nuair a chuala Ingilt Mhór A mac féin gur éag sé leobhtha. “Fan, a mhic eile, & bhí slán, Nó is leor a cailleadh as tigh amháin.” “Fuist, a mháthair, & ná habair liom, Is gur bh'é mo ghaol-bhráthair, a tréan sonn.” “Níor fhág sé Goll ariamh slán Gan cleith urlaidhe & bothán.” Annsin ghluais Buadhaidhe Catha tar sáile Fá dhéin an fhathaigh mo sgéal cráidhte! Níor bh'fhada do'n Fhiann go bfhaca siad chuca Tréad mór de'n mhac Amhalghaidh; Chuir an Fhiann a gcomhairle gluais Go rachadh siad fá'n talamh dá bhféadfadh; Nó go bhfuighbheadh siad Éire fá'n fhear Sul ma marbhtaighe gach aon díobhtha. Bhí Goll 'na luighe 'na hothrach dhá léigheas, Is bhí a chorp uilig 'na mhór-chreachaibh. Nuair chuala sé an Fhiann bheith fá throm-chás, Tháinig sé chuca amach i ngearr spás; “Nach olc do mhisneach, a Fhinn?” ar sé, Ar bhfeicsint curaidh do theacht thar tuinn. “Cá bhfuil na fir udaigh ba treise lámh? - Anois airigh bhur n-éifeacht! Cá bhfuil Oscar ar dtús, Agus Oisín féin nach lag lúth? “Cá bhfuil a' fear is file, do mhac? Nó an mac úd na gcleas lúth?” Annsin thug an Fhiann a bhfocal dó Nach bhfuighbheadh fear díobh an cnoc beo. Annsin tháinig Goll chuca amach, Agus, má tháinig, ba hé an tréan-fhear; Ar an chéad shaothar a bhuain dó D'éirigh a chuid creachta in aon stróic. Annsin bhí a chuid fola a' teacht, Is bhí sé féin ar lag-neart; D'iarr sé comairc ar an bhFiann, Agus furtacht dó ar phéin bháis. “Comairc,” arsa Fionn, “ní bhfuigh' aoinneach Feasta a mbéidh dhá iarraidh; Is tú féin a tharraing ort é; Íoc olc, & is é gheobhair.” “Ná déan sin orm, a Fhinn, Agus mé faoi leath-trom ins an roinn; A Righ! ná feall ar mo bhás, Nó ba mhaith a cuideadh mé i gcruaidh chás.” “Chá dearn tú maith dhúinn ariamh I dtír na hÉireann thoir nó thiar Nár mharbh' tú a luach uainn nó ba mhó Dár muinntir féin fá Chonán.” “Nach cuimhin leat,” arsa Goll, Nuair a mharbhaigh mé Dearg, Airicín na dtréan-shluaigh, Agus Maghnus Bán ins an taoibh thuaidh?” Nuair a chuala Diarmuid Donn Goll tréan a bheith gan chuidiughadh, D'éirigh sé suas imeasg an tsluaigh, Sheasuigh sé suas le n-a uillinn. Thóg Goll annsin a lann, Bhuail sé an curadh go lán teann, Bhuain sé a cheann dé d'aon bhéim, Agus d'éirigh a aigne d'aon léim. Stad Proinnsias nuair a bhí an laoidh críochnuighthe aige. Luigh sé siar ar chúl na cathaoireach. Dhruid sé a shúile, & d'fhan go socair annsin go cionn cúpla
bhomaite. Mhol mé féin an laoidh, & ba mhór an t-iongantas a bhí ar an triúr go dtiocfadh liom í sgríbhint síos chomh gasta is rinneas é. Ní shaoilim gur chreid siad go raibh an laoidh thíos agam ar chor ar bith go dtí gur léigh mé amach dóibh í. D'admhaigh Proinnsias go raibh an uile fhocal síos agam, acht amháin gur cheartuigh sé focal ann so & ann súd nár mheas sé bheith go ceart agam, & dubhairt Anna nach bhfaca sí duine ag sgríbhint Gaedhilge chomh gasta sin riamh roimhe acht amháin Domhnall Ruaidh Mag Loinsigh ar ar thráchtas cheana. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services